Míol mór eile marbh agus a bholg lán le plaisteach

Is léir go bhfuil sé in am againn an chontúirt a bhaineann le plaisteach sa bhfarraige a thuiscint agus na táirgí plaisteacha nach bhfuil riachtanach a fhágáil sa siopa

Míol mór eile marbh agus a bholg lán le plaisteach

Dé Luain, tháinig conablach caisealóide i dtír in oirthear na hIndinéise agus nuair a scrúdaíodh an fuílleach a bhí ina bholg, fuarthas 115 cupán plaisteach, ceithre bhuidéal plaisteach, dhá chuarán plaisteach, 25 mála plaisteach agus míle píosa plaisteach eile.

De bharr go raibh an míol mór seo leathlofa chinn ar na heolaithe siocair a bháis a oibriú amach, ach is cosúil go gceapann an míol mór gur bia a bhíonn sa bplaisteach agus nuair a chalcann sé ina bholg go mothaíonn sé go bhfuil a bholg lán.

Nuair a bhíonn an bolg lán, fiú más le plaisteach féin é, ní bhacann sé dul ag seilg agus ní bhíonn sé in ann bia ceart a ithe ná a dhíleá. Agus é míchothaithe, bíonn sé tuirseach, tnáite agus tolgann sé aon ghalar a bhíonn ag gabháil thart.

I mí an Mheithimh na bliana seo, d’fhoilsigh National Geographic físeán de mhíol mór a fuair bás sa Téalainn d’ainneoin iarrachtaí lucht tréidliachta cóir leighis a chur air. Nuair a scrúdaíodh é tar éis a bháis fuarthas amach go raibh scór punt d’ábhar plaisteach thíos ina phutóga – 80 mála plaisteach siopadóireachta, mar aon le hábhair eile.

Bhí putóga an mhíl mhóir tachta ag an bplaisteach agus ní raibh sé in ann aon chothú a bhaint as a chuid bia. Peireatóiníteas nó séideadh sa gclúdach scannáin atá taobh istigh den ghoile a mharaigh é ach tarlaíonn an galrú sin go hiondúil má tholltar an bolg, rud a d’fhéadfadh tarlú go héasca agus plaisteach á shlogadh ag iasc.

Dúirt na saineolaithe sa Téalainn ag an am nach raibh i mbás an mhíl mhóir sin ach comhartha amháin den scrios a bhí an bruscar plaisteach a dhéanamh ar bheatha na farraige.

Sa gcéad ráithe de 2016, fuarthas 30 caisealóid, míol mór atá i mbaol a dhíothaithe, agus iad caillte ar chósta na hEorpa. Bhí cuma an ocrais orthu agus a mboilg lán le plaisteach.

An mháthair shúigh rogha bia an mhíl mhóir ach má theannann an t-ocras leis íosfaidh sé iasc beag, ochtapas nó cudal.

Ar ndóigh ní hiad na míolta móra amháin a íocfaidh as an truailliú plaisteach mar cá bhfios nach bhfuil muid féin ag placadh plaisteach sa mbéile éisc atá ar an mbord againn, go háirithe ó tá micreaphlaistigh in úsáid i lear mór táirgí, go háirithe táirgí glantacháin agus áilleachta.

Dúirt an fear scannán agus timpeallachta David Attenborough nach raibh de leigheas ar an aicíd phlaisteach seo ach “smaoineamh go cúramach” sula n-úsáideann muid earra atá déanta as plaisteach mar go mairfidh sé na céadta bliain.

“Mura dteastaíonn sé go géar uait ná húsáid é. Agus má úsáideann tú é bí cúramach cá gcuirfidh tú é i do dhiaidh,” comhairle Attenborough.

Tugann taighde ó Chairde na Cruinne le fios go bhfuil an tír seo ar an tír is mó san Eoraip a tháirgeann dramhaíl phlaisteach, 61 cileagram an duine sa mbliain. Is léir mar sin go bhfuil sé in am againn an chontúirt a aithint agus na táirgí plaisteacha nach bhfuil riachtanach a fhágáil sa siopa agus aon cheann eile a athchúrsáil.

Fág freagra ar 'Míol mór eile marbh agus a bholg lán le plaisteach'