Mianach Luimnigh, teip Chiarraí, sluaite suaracha agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí móra CLG an deireadh seachtaine agus ar chuid dá raibh le foghlaim uathu

Mianach Luimnigh, teip Chiarraí, sluaite suaracha agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Imreoirí Luimnigh ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Mianach Luimnigh

Nuair a d’aimsigh Richie Hogan an cúl do Chill Chainnigh a d’fhág na Cait dhá phointe chun cinn ar Luimneach agus gan ach cúig nóiméad fágtha, bhí an chuma ar an scéal gur leo a bheadh an lá agus gurb é an seanscéal céanna agus meirg air a bhí i ndán do Chiarraí.

Ba iad Luimneach ab fhearr go dtí sin ach níor éirigh leo Cill Chainnigh a chur de dhroim seoil. Níor éirigh leis na Muimhnigh na Cait a shárú sa chraobh ó 1973 agus nuair scóráil Cill Chainnigh an cúl sin, is cinnte go raibh amhras ar dhaoine nach mbeadh an mianach in imreoirí Luimnigh teacht aniar a dhéanamh. Chonaic mé cheana thú faoi mar a dúirt an Cat leis an mbainne bruite.

Ba iontach an rud mar a scaip fir óga Luimnigh an t-amhras sin, áfach. D’aimsigh siad trí chúilín as a chéile chun dul chun tosaigh arís agus, cé gur chuir cúilín ó Richie Leahy na foirne ar comhscór, fuair Tom Morrissey agus Aaron Gillane dhá chúilín eile chun an cluiche a bhuachan do Luimneach.

Is iontach an teacht aniar a léirigh imreoirí óga Luimnigh agus cé go bhféadfadh an cluiche a bheith buaite níos boige acu dá mbeadh cuid de na deiseanna a bhí acu ar chúil faighte acu, d’fhéadfadh go dtabharfaidh an cineál bua a bhí acu muinín níos mó dóibh agus Corcaigh rompu i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Tosach óg Chiarraí, David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Eiseamláir d’fhoireann óg Chiarraí

A bhuíochas de chomórtas an tSár-Ochtair, tá an dara seans ag Ciarraí an tseachtain seo chugainn, agus údar beag faoisimh é dá lucht tacaíochta an tslí ar bhain foirne eile as an gcontae leas as an dara deis a fháil sa chraobh ó tháinig córas an chúldorais isteach in 2001.

Le 17 bliain bhí gá ag Ciarraí leis an dara seans cúig huaire, in 2002, 2006, 2008, 2009 agus 2012. Chaill siad sna babhtaí ceathrú ceannais i gcoinne Dhún na nGall in 2012, ceann den dá uair a chaill siad sna babhtaí sin, ach thug siad an chraobh leo in 2006 agus 2009 agus bhaineadar cluiche ceannais na hÉireann amach in 2002 agus 2008.

I gcomparáid le foirne 2006 agus 2009, foireann ar bheagán taithí is ea foireann na bliana seo, áfach, agus ba léir Dé Domhnaigh go raibh fiú mearbhall ar a lucht bainistíocha faoi cé chomh leamh gan stiúir is a bhí a gcuid imeartha.

Bhí a gcéilí comhraic rómhaith Dé Domhnaigh dóibh, ach údar mór díomá ab ea an easpa samhlaíochta agus uaillmhéine a léirigh siad agus iad ag iarraidh dul i ngleic le córas cosantach na Gaillimhe.

Ach má tá leantóirí Chiarraí bailithe lena bhfoireann agus a lucht bainistíochta inniu, ní tada é i gcomparáid leis an mbliain 2006. Le linn chluiche ceannais athimeartha na Mumhan an bhliain sin, rinne cuid dá mhuintir féin faíreach faoi Declan O’Sullivan agus é ag fágáil na páirce.

Nuair a d’éirigh sé as ag deireadh na bliana 2015, thagair O’Sullivan don eachtra ghránna sin.

“Dé Máirt dár gcionn, bhíos ag tiomáint agus bhí orm an carr a stopadh. Bhí mo cheann i mo lámha agam agus d’fhiafraíos díom féin, ‘an amhlaidh gur tharla sé sin domsa i ndáiríre?’. Níl aon amhras ach gur tháinig athrú orm mar dhuine dá bharr. Dhein sé níos tufáltha i mo cheann mé. Thuigeas dá n-éireodh liom é sin a chur díom, gur beag rud eile a bheadh chomh dian sin ina dhiaidh.”

Sa chéad chluiche eile ag Ciarraí an bhliain sin, i gcoinne an Longfoirt sna babhtaí cáilithe, cuireadh Kieran Donaghy isteach ar imeall na cearnóige agus faoi dheireadh na bliana bhí Corn Sam Mhig Uidir á ardú ag Declan O’Sullivan ar Ardán Uí Ógáin. Rinne sé amhlaidh arís in 2007, rud a d’fhág go bhfuil sé ar dhuine de bheirt ón gcontae a d’ardaigh Corn Sam Mhig Uidhir dhá bhliain as a chéile.

Fiú an duine is dearfaí i gCiarraí inniu, ba dheacair dó a shamhlú gur Shane Murphy a bheidh ag ardú an choirn chéanna i mbliana, ach níl an cath caillte ar fad fós.

B’fhéidir go mbeadh gá le Kieran Donaghy ar imeall na cearnóige arís i mbliana más áil le Ciarraí teacht aniar a dhéanamh in 2018, ach is cinnte go mbeidh géarghá in aghaidh Mhuineacháin Dé Domhnaigh leis an gcineál teacht aniar agus righnis a léirigh Declan O’Sullivan 12 bliain ó shin agus gan é ach 22 bliain d’aois.

Gortaíodh Paul Conroy Dé Domhnaigh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Scuad na Gaillimhe faoi bhrú cheana féin

Bhí bua iontach ag Gaillimh ar Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh ach d’íoc siad go daor as. Sa chéad leath, bhuail Paul Conroy agus Seán O’Shea in aghaidh a chéile agus briseadh cos an Ghaillimhigh. Fágann sé sin nach bhfeicfear Conroy ag imirt arís i mbliana.

Rinne fear Mhaigh Cuilinn, Peter Cooke, go maith tar éis dó teacht isteach ach is cailliúint mhór é Conroy mar go raibh imreoirí in easnamh orthu i lár na páirce cheana féin.

Cé gurbh í seo an chéad bhliain ar phainéal na Gaillimhe ag Ciarán Duggan, chruthaigh sé go maith agus ba é laoch na himeartha é sa gcluiche i gcoinne Mhaigh Eo ag tús an tsamhraidh. Ar an drochuair bhris Duggan a rosta agus é ag imirt lena chumann agus meastar

go mbeidh comórtas an tSár-Ochtair críochnaithe sula mbeidh sé tagtha chuige féin.

Níor éirigh le Fiontán Ó Curraoin dul chun páirce i ngeansaí na Gaillimhe fós i mbliana ach an oiread, tar éis dó gur briseadh a chos agus é ag imirt le cumann Mhícheál Breathnach mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Níl aon rogha ag Kevin Walsh anois ach Tom Flynn agus Peter Cooke a thosú i lár na páirce, ach má ghortaítear ceachtar den bheirt sin, nó má chuirtear den pháirc iad, beidh Gaillimh i dtrioblóid. Tá buntáiste ag na foirne a bhfuil painéal láidir imreoirí acu agus cé go bhfuil scuad réasúnta láidir ag Gaillimh, tá mí-ádh orthu go bhfuil gortuithe ag cur as dá n-imreoirí lár páirce.

Triúr sa slua do chluiche na Gaillimhe i gcoinne Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Na sluaite sa bhaile do thús chomórtas an ‘tSár-Ochtair’

Imríodh na cluichí sa chéad bhabhta de chomórtas an ‘tSár-Ochtair’ i bPáirc an Chrócaigh mar go raibh CLG ag súil le féile peile. Agus na foirne is fearr sa tír ag tabhairt aghaidh ar a chéile, is léir gur cheap siad go dtiocfadh na sluaite amach ag breathnú orthu.

Ní hamháin nach bhfuair muid aon fhéile peile ag an deireadh seachtaine ach ní raibh tásc ná tuairisc ar na sluaite móra ach an oiread.

Ní raibh ach beagán os cionn 30,000 i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh chun na cluichí idir Gaillimh agus Ciarraí agus idir Muineachán agus Cill Dara a fheiceáil. Bhí a laghad sin atmaisféir agus gleo ann le linn an chéad leath sa dara cluiche gur chuala daoine a bhí suite in Ardán Uí Chíosóig an snap nuair a tharla an gortú uafásach sin do Paul Conroy.

Bhí rudaí beagáinín níos fearr Dé Sathairn nuair a tháinig 53,000 duine go dtí Páirc an Chrócaigh chun na cluichí idir Tír Eoghain agus Ros Comáin agus idir Áth Cliath agus Dún na nGall a fheiceáil. Mar sin féin, agus Áth Cliath ag imirt bheifeá ag súil le níos mó ná sin.

Níor chabhraigh sé go raibh cluiche ceannais Chorn an Domhain ar siúl inné agus, ar ndóigh, agus is fíor go bhfuil tuilleadh cluichí móra le teacht. Fós féin, is iontach an laghdú é ar thinreamh na bliana seo caite ag na cluichí ceathrú ceannais, nuair a bhí os cionn 140,000 duine i bPáirc an Chrócaigh idir na ceithre chluiche.

Mar bharr ar an donas, ní raibh ach 10,000 duine i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn, mar ar bhuaigh contae an Chláir ar Loch Garman i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann a fheiceáil.

Lee Chin i ndiaidh an chluiche i gcoinne an Chláir. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

A mbuaic sroichte ag Loch Garman

Imreoidh iománaithe an Chláir i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2013 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman Dé Sathairn.

Tá dul chun cinn maith déanta ag Loch Garman faoi cheannas Davy Fitzgerald, cluiche ceannais Laighean sroichte acu anuraidh agus Roinn 1 na sraithe bainte amach acu, ach níl siad sách maith chun babhtaí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach agus ní bheidh go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí.

Is imreoir den chéad scoth é Rory O’Connor ach is léir go bhfuil rud éigin as alt nuair atá Loch Garman ag brath chomh mór sin ar fhear nach bhfuil ach 19 bliain d’aois a thosaigh ag imirt leis na sinsir anuraidh.

Ceann de na cúiseanna atá leis sin go bhfuil caighdeán na himeartha ag Lee Chin tite ar gcúl go mór le cúpla cluiche anuas. D’aimsigh sé pointe amháin Dé Sathairn ach thairis sin, ní raibh tionchar ar bith aige ar an imirt.

D’fhéadfadh sin tarlú d’imreoir ar bith, ach is í an fhadhb atá ag Loch Garman nach bhfuil foireann sách láidir acu chun an creimeadh sin a chúiteamh. D’aimsigh O’Connor agus Conor McDonald 1-13 den 1-17 a fuair Loch Garman Dé Sathairn agus níor aimsigh an ceathrar tosach eile ach 0-1 san iomlán.

Go dtí go dtiocfaidh feabhas ar na himreoirí timpeall ar O’Connor, McDonald agus Chin, ní dhéanfaidh Loch Garman tuilleadh dul chun cinn.

Fág freagra ar 'Mianach Luimnigh, teip Chiarraí, sluaite suaracha agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'

  • Jamie Ó Tuama

    An-chur síos ar mhórscéalta dheireadh na seachtaine. Níl Ciarraí imithe ná baol air.