SCANNÁN
Mean Girls as Gaeilge
Tá an scannán do dhéagóirí Mean Girls le Tina Fey ag ceiliúradh a 21ú breithlá i mbliana agus mar aitheantas ar an gceiliúradh sin tá scigaithris as Gaeilge déanta ar an scannán ag an gcomhlacht léiriúcháin Mumbro Top faoi stiúir Hilary Bowen-Walsh. Clasaic é Mean Girls a bhfuil lucht féachana leanúnach aige sa 21 bliain ó eisíodh é.
I gcoláiste samhraidh sa nGaeltacht atá Cailíní Gránna a phléann leis an iomaíocht idir buíon cailíní atá sna déaga. Coinníonn Bowen-Walsh sprid is croí an bhunleagain ach cuireann gnéithe nua isteach ann freisin a fheileann do shuíomh Cailíní Gránna.
Tá an gearrscannán ar fáil ar YouTube.
TAISPEÁNTAS
Taispeántas Mná na hAthbheochana i mBéal Feirste
Cuireadh tús an tseachtain seo leis an gcéad taispeántas i nGaeilge riamh in Oifig na dTaifead Poiblí Thuaisceart Éireann. Insíonn Mná na hAthbheochana scéal na mban a rinne athbheochan ar labhairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí na mná a ndéantar cur síos orthu sa taispeántas gníomhach san obair leis an gcéad Ghaeltacht uirbeach agus an chéad scoil trí mheán na Gaeilge a bhunú i gcathair Bhéal Feirste i ndeireadh na 1960idí agus tús na 70idí.
Bhí mná óga as Coláiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Tá grianghraif agus téacs i nGaeilge agus i mBéarla mar chuid den taispeántas ina n-insítear scéal na mban agus ina dtugtar aitheantas don ról a bhí acu i stair na teanga. Is í an eagraíocht Gael Stair a d’eagraigh an taispeántas le tacaíocht ó chiste oidhreachta an Chrannchur Náisiúnta.
CEOL
Seoladh albam nua le Ultan O’Brien in Amharclann Chois Fharraige
Beidh Ultan O’Brien ag seoladh a albaim nua Dancing the Line in éineacht leis an gcláirseoir Méabh McKenna agus an damhsóir buailteach nó cnagdhamhsóir Nic Gareiss in Amharclann Chois Fharraige ar an 4 Aibreán ag 7:30 i.n. Eisíodh an t-albam an tseachtain seo ar an lipéad Nyahh Records. Seo an chéad albam le O’Brien agus déanann sé iniúchadh ar an nasc idir damhsa buailteach agus seancheol na fidle. Beidh an cláirseoir Méabh McKenna agus an damhsóir buailteach/cnagtha ar stáitse le Ultan ar an oíche agus tá an cheolchoirm á cur i láthair ag Gliogar le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Is fidléir agus cumadóir ceoil as Contae an Chláir é Ultan O’Brien. I measc na gceoltóirí eile a mbíonn sé ag casadh ceoil in éindí leo tá Skipper’s Alley, Eoghan Ó Ceannabháin, John Francis Flynn agus ceoltóirí eile.
Is féidir éisteacht le traic ón albam nua Dancing the Line anseo.
LITRÍOCHT
Ceardlann amhráin nua-chumtha do dhéagóirí
Tá Amharclann Chois Fharraige, i gcomhar le Fighting Words agus Ealaín na Gaeltachta, ag cur deis ar fáil do dhéagóirí gur spéis leo a gcuid cruthaitheachta agus a gcuid scileanna cumadóireachta a fhorbairt. Beidh ceardlann dhá lá, saor in aisce, ar chumadóireacht amhrán á reáchtáil acu ar an 29 agus 30 Márta i Seanscoil Sailearna (Amharclann Chois Fharraige). Beidh treoir ar fáil ó Phádraig Jack agus ó Róisín Seoighe; beirt amhránaithe agus cumadóirí amhrán Gaeltachta a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu ar a saothar. Tá teorainn leis an líon spásanna atá ar fáil agus moltar don té a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sna ceardlanna clárú go luath.
Is féidir clárú nó tuilleadh eolais a fháil trí r-phost a sheoladh chuig: amharclann@cts.ie.
An Fhéile Liteartha Fhrancach Éireannach
Beidh an fhéile liteartha Fhrancach Éireannach ar bun ar an 28-29 Márta ag Alliance Française agus Caisleán Bhaile Átha Cliath. Tá an fhéile ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh 35 scríbhneoir ag glacadh páirt in imeachtaí na féile i mbliana agus daingniú á dhéanamh ar nascanna liteartha idir Éirinn agus an Fhrainc.
I measc na scríbhneoirí Gaeilge a bheidh ag glacadh páirt i mbliana tá Alan Titley, Micheál Ó Conghaile, Doireann Ní Ghríofa, Peter Sirr agus Theo Dorgan. Cuirfear tús leis an bhféile ag ócáid oscailte ar an 28 Márta, tráth a mbeidh 15 scríbhneoir ag cur sleachta as a saothar i láthair. Ócáid thrítheangach a bheidh anseo ina mbeidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Fhraincis in úsáid agus í á cur i láthair ag Éamon Ó Cíosáin agus Jean-Philippe Imbert. Cead isteach in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.
Tá clár na féile agus áirithintí ar fáil anseo.
JP
Ba chóir go bhfuil daoine in ann rap a chumadh i nGaeilge thart timpeall freisin ach iad a ghríosadh chun tabhairt faoi….agus
aitheantas a thabhairt don saghas sin cumadóireachta agus stáitse más gá.
Feicim agus cloisim an dream óg ‘imeallach’ nó fiairí feá ag gabháil don rap i ngrúpaí beaga nó astu féin go minic i bpáirceanna & i bhfaichí etc ar fud na hEorpa.
Is ait liom nach bhfuil an féineaméan seo forleathan in Éirinn in aon áit, go bhfios dom.
Deinim amach go dtugann an rap seo cineál éigin faoisimh ó choimhthíos, ó uaigneas agus ó ainnise an tsaoil dóibh… óir is minic gur fearg is mó a bhíonn le brath uathu sna rachtanna breátha drochbhéalacha a ligeann siad uathu!