Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go dtiocfadh a chúig oiread de mhéadú ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
De réir taighde atá déanta ag an gConradh, thart ar 1% de mhic léinn a dhéanann cúrsa tríú leibhéal nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge agus táthar ag iarraidh go n-ardófaí sin go 5%.
Tá iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív i measc na bpolaiteoirí a deir go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí níos mó cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal chun freastal ar an riachtanas a bheidh ann do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí de thoradh an Achta Teanga nua.
Tá tacaíocht d’éileamh Chonradh na Gaeilge léirithe i dtorthaí suirbhé náisiúnta nua a choimisiúnaigh an eagraíocht teanga.
D’aontaigh 54% de na daoine a ceistíodh faoin ábhar gur chóir go mbeadh níos mó cúrsaí trí Ghaeilge, nó cúrsaí a mbeadh comhpháirt Ghaeilge mar chuid díobh, a chur ar fáil do mhic léinn sa stát. Dúirt 26% nár chóir níos mó cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus dúirt 20% nach raibh a fhios acu.
Dúirt an formhór mór, 91%, de na daoine a ceistíodh gur cheart níos mó cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil le go bhféadfadh 5% de mhic léinn freastal ar a leithéid.
De réir taighde an Chonartha, d’fhreastail beagnach 2,700 mac léinn ar chúrsa a raibh an Ghaeilge mar chuid de sa bhliain acadúil 2020/21, 1% den 245,000 duine a bhí ag tabhairt faoi chúrsaí tríú leibhéal an bhliain sin.
8% de dhaltaí bunscoile na tíre atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus 4% de dhaltaí iarbhunscoile atá ag déanamh amhlaidh.
Dúirt baill de Choiste Gaeilge an Oireachtais le gairid go gcaithfear cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun go mbeifear in ann sprioc nua an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.
Dúirt Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, go gcaithfear gníomhú anois má táthar le príomhsprioc na reachtaíochta teanga nua a bhaint amach, is é sin gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
Measann Éamon Ó Cuív, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta, go bhfuil obair mhór ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach agus tá brú á chur aige le tamall ar an Aire Ardoideachais Simon Harris a rá cén plean atá ag a Roinn chun a chinntiú go mbeifear in ann na poist a bheidh ann do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a líonadh.
Tá ráite ag an Aire Harris, gur faoi na hinstitiúidí ardoideachais amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus nach leis an Roinn treoir a thabhairt d’institiúid cad iad na cúrsaí a chuirtear ar fáil.
Dúirt Harris chomh maith gur shíl sé go raibh dóthain cúrsaí ann cheana féin chun freastal ar an éileamh a bheadh ar Ghaeilgeoirí “amach anseo”.
Dúirt Ó Cuív go raibh sé ar nós go bhfuil an tAire Ardoideachais “ag tabhairt an dá mhéar” d’Aire Stáit na Gaeltachta maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn ag an tríú leibhéal.
Dúirt Eimear Nig Oireachtaigh, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge, go bhfuil gá le tuilleadh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil chun freastal ar an éileamh atá ar dhaoine le Gaeilge san Aontas Eorpach faoi láthair agus ar an éileamh a bhí ann sa tseirbhís phoiblí anseo go luath.
“Faoi láthair, níl ach 1% de mhic léinn ag freastal ar chúrsa Ollscoile Gaeilge nó ar chúrsa i gcomhpháirt leis an Ghaeilge. Insíonn an taighde seo dúinn go bhfuil éileamh láidir ann ar thuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge, nó cúrsaí a bhfuil comhpháirt Ghaeilge mar chuid díobh, a chur ar fáil do mhic léinn.
“Ba mhaith linn go mbeidh ar a laghad 5% de mhic léinn ag gabháil de chúrsaí Gaeilge nó i gcomhpháirt leis an Ghaeilge, agus cuideoidh sin go mór linn ár spriocanna earcaíochta a bhaint amach sa státchóras, mar aon leis an éileamh mór ar aistritheoirí san Eoraip, a bhaint amach sna chéad 10 mbliana eile.”
Tá sraith scéalta faoi phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á foilsiú go heisiach ag Tuairisc an tseachtain seo.
Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé, thuaidh agus theas, ach níor cuireadh an cheist maidir le cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ach ar an dream ó dheas.
Roghnaíodh na rannpháirtithe ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála sin.
Fág freagra ar 'Méadú faoi chúig ar líon na mac léinn a bhíonn ag staidéar cúrsaí trí Ghaeilge de dhíth – Conradh na Gaeilge'