Méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’

I measc na ndaoine a roghnaigh Irish don GCSE ó thuaidh i mbliana, bhí dalta 11 bliain d’aois a bhí ar an dalta is óige a thug faoi na scrúduithe stáit

Méadú ar líon na ndaltaí  a rinne ‘Gaeilge’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’

Fuair 1,848 duine a dtorthaí i scrúduithe ‘Gaeilge’ nó ‘Irish’ an GCSE sna sé chontae inné agus d’éirigh le dhá dtrian acusan grád B nó níos airde a fháil.

Rinne 204 dalta an scrúdú ‘Gaeilge’ a chuirtear ar fáil go speisialta dóibh siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge. Is méadú 15% é sin ar líon na ndaltaí (177) a thug faoin scrúdú anuraidh.

Thit líon na ndaltaí a roghnaigh GCSE Irish 7% i mbliana, ó 1,991 dalta anuraidh go 1,644 i mbliana.

Tá dhá ábhar GCSE ar fáil ó thuaidh; GCSE Irish a mhúintear i scoileanna Béarla, agus GCSE Gaeilge, scrúdú do dhaltaí sa chóras Gaelscolaíochta.

48, 211 duine ar fad a fuair torthaí GCSE ón CCEA, Coimisiún na Scrúduithe Stáit ó thuaidh. Orthu sin, bhí os cionn 20,000 ag tabhairt faoi chúrsa iomlán GCSE agus an chuid eile a rinne ábhar amháin nó cúpla ábhar.

Roghnaigh 3.8% de na hiarrthóirí GCSE ar fad Irish nó Gaeilge a dhéanamh don scrúdú.

Níl an Ghaeilge, ná aon teanga seachas an Béarla, éigeantach do na scrúduithe stáit atá ar comhchéim leis an Teastas Sóisearach ó dheas.

Irish GCSE a roghnaigh an té is óige a thug faoi GCSE ó thuaidh i mbliana, 11 bliain d’aois a bhí an dalta sin.

Spáinnis an t-ábhar a roghnaigh an té is sine a rinne scrúdú GCSE i mbliana. Bean 77 bliain d’aois a bhí i gceist.

An Fhraincis an teanga is mó, seachas an Béarla, ar thug daltaí fúithi don scrúdú GCSE ó thuaidh i mbliana agus rinne 4031 an scrúdú sin. 21,820 a rinne an scrúdú Béarla.

3559 a rinne Spáinnis agus 788 a rinne Gearmáinis mar ábhar don GCSE i mbliana.

Bhí laghdú 7% ar líon na ndaltaí a rinne scrúdú ‘GCSE Irish’ i mbliana i gcomparáid le anuraidh, ach bhí titim ar líon na ndaltaí a thug faoi na scrúduithe GCSE trí chéile.

Tháinig laghdú 33% ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Bhéarla i dTuaisceart Éireann a roghnaigh Gaeilge a dhéanamh mar ábhar GCSE le deich mbliana anuas, de réir tuarascála a d’fhoilsigh Gael Linn anuraidh.

De réir na tuarascála sin, rinne 2,710 dalta GCSE Irish in 2007 ach ní dhearna ach 1,814 amhlaidh in 2018, laghdú 896 dalta.

Fág freagra ar 'Méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’'