Laghdú 33 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ó tugadh rogha gan staidéar a dhéanamh ar theangacha

De réir anailís atá déanta ag Gael Linn tá titim ollmhór tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an t-ábhar GSCE Irish a dhéanamh i scoileanna Béarla ó thuaidh

Laghdú 33 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ó tugadh rogha gan staidéar a dhéanamh ar theangacha

Tá laghdú 33% tagtha ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Bhéarla i dTuaisceart Éireann a roghnaíonn Gaeilge a dhéanamh mar ábhar GCSE le deich mbliana anuas.

De réir anailís atá déanta ag Gael Linn, rinne 2,710 dalta GCSE Irish in 2007 ach ní dhearna ach 1,814 amhlaidh in 2018, laghdú 896 dalta nó 33%.

Tá dhá ábhar GCSE ar fáil ó thuaidh; GCSE Irish a mhúintear trí Bhéarla, agus GCSE Gaeilge do dhaltaí sa chóras Gaelscolaíochta. Déanann thart ar 150 dalta i scoileanna Gaeilge GCSE Gaeilge gach bliain.

Deir Gael Linn gur ábhar buartha dóibh an titim mhór ar líon na ndaoine a roghnaíonn GCSE Irish a dhéanamh. Rinneadh ábhar roghnach de nuatheangacha sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2004 agus is é an cinneadh sin is cúis leis an titim, dar leo.

Tá sé molta anois ag Gael Linn go mbeadh sé riachtanach arís staidéar a dhéanamh ar theanga mar chuid den churaclam náisiúnta, mar atá i gcás na n-ábhar STEM; eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, agus mata.

Tá siad den tuairim dá ndéanfaí é sin, go rachadh líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge nó nuatheanga Eorpach eile a fhoghlaim i méid.

Rinne Gael Linn an moladh sin mar fhreagra ar thuairisc ar an gCigireacht Oideachais agus Oiliúna ó thuaidh (ETI) a foilsíodh le gairid.

Sa tuairisc sin, a bhaineann leis an tréimhse 2016 -2018, deir an príomhchigire, Noelle Buick, go bhfuil díomá uirthi faoin titim ar líon na ndaltaí a roghnaíonn staidéar a dhéanamh ar theangacha.

Tháinig deireadh le Clár na Nuatheangacha i mBunscoileanna sa bhliain 2015, clár a chuidigh le 413 bunscoil Bhéarla an Ghaeilge, an Pholainnis nó an Spáinnis a theagasc.

Molann an príomhchigire go gcuirfí Straitéis Teangacha Thuaisceart Éireann, a foilsíodh in 2012, i bhfeidhm.

Deir Gael Linn, áfach, go gcaithfí uasdátú a dhéanamh ar an straitéis sula gcuirfí i bhfeidhm í mar go bhfuil sí bunaithe ar eolas atá as dáta anois.

Bhí dea-scéala maidir leis an nGaelscolaíocht ó thuaidh i dtuairisc na gcigirí, áfach. Tuairiscítear go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaltaí atá sa chóras Gaelscolaíochta ó thuaidh agus tumoideachas Gaeilge á chur anois ar 6,184 dalta ar fad.

Dúradh sa tuairisc go raibh an tumoideachas ag tacú le forbairt cognaíocha agus dhéliteartha na ndaltaí agus go raibh daltaí sa chóras Gaelscolaíochta ag fáil torthaí chomh maith nó níos fearr ná daltaí i scoileanna Béarla.

Fág freagra ar 'Laghdú 33 faoin gcéad ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge ó tugadh rogha gan staidéar a dhéanamh ar theangacha'

  • Eoghan Mac Éinrí

    Agus, mar a deirtear thuas, is daltaí gaelscoile iad cuid mhaith de na daltaí seo a dhéanann an scrúdú ‘Irish’, rud a leiríonn níos treise arís an ghéarchéim sna scoileanna Béarla. Tá alt liom ar an ábhar (a chuimsíonn an Ghaidhlig agus a Bhreatnais) san iris Studia Celtica Fennica:
    ‘Celtic Languages in Education in Scotland, Wales and Northern Ireland’
    Feach:
    https://journal.fi/scf/issue/view/4246
    https://journal.fi/scf/article/view/60765
    Ná bac le Straitéis Teangacha Thuaisceart Éireann ná le Clár na Nuatheangacha i mBunscoileanna mar a bhí. Laigí agus bearnaí móra orthu araon.