Meabhrú d’iriseoirí RTÉ gur sárú dlí é logainmneacha Gaeltachta Béarla a úsáid

Mar chuid den iarracht is déanaí tabhairt ar iriseoirí cloí leis an reachtaíocht Ghaeilge, tá seisiúin eolais socraithe ag RTÉ dóibh leis an gCoimisinéir Teanga

Meabhrú d’iriseoirí RTÉ gur sárú dlí é logainmneacha Gaeltachta Béarla a úsáid

Tá sé meabhraithe d’iriseoirí nuacht an Bhéarla ar RTÉ gur sárú ar an dlí é gan úsáid a bhaint as logainmneacha oifigiúla Gaeilge na Gaeltachta ina gcuid tuairiscí.

Thug lucht bainistíochta na nuachta treoir d’iriseoirí níos luaithe i mbliana úsáid a bhaint as logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta amháin, ach is cosúil nach bhfuil an fhadhb réitithe fós.

Mar chuid den iarracht is déanaí tabhairt ar na hiriseoirí cloí leis an reachtaíocht Ghaeilge, tá dhá sheisiún eolais socraithe dóibh leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, chun a ndualgais a mhíniú dóibh.

Beidh fáilte chomh maith roimh bhaill foirne eile chuig na seisiúin an tseachtain seo chugainn agus deirtear go bhfuil sé “an-tábhachtach go gcuirfí am ar leataobh le freastal orthu”.

I ríomhphost a sheol ceannasaí gníomhach na nuachta, Deirdre McCarthy, chuig baill foirne an tseomra nuachta le déanaí, tugadh le fios gur pléadh cás na logainmneacha ag cruinnithe foirne le déanaí agus gur léir gur theastaigh breis tacaíochta ó na hiriseoirí.

“Gach uair a úsáidimid an leagan neamhoifigiúil Béarla de logainm Gaeltachta inár saothar, is sárú sin ar ghealltanas atá tugtha againn, agus, dá réir sin, sárú é ar an reachtaíocht,” a dúirt Deirdre McCarthy.

I scéim teanga a d’aontaigh RTÉ in 2018 gealladh go n-úsáidfí logainmneacha Gaeilge na Gaeltachta ina gcuid craoltóireachta agus cumarsáide go léir.

Cuid den reachtaíocht a bhíonn sna scéimeanna teanga a aontaítear le comhlachtaí poiblí agus bíonn ceangal de réir dlí orthu cloí leo.

Deir ceannasaí gníomhach na nuachta in RTÉ, áfach, nach é an ceangal dlí sin an t-aon chúis le húsáid a bhaint as logainmneacha oifigiúla na Gaeltachta amháin.

“Chomh maith le ceist an t-sáraithe, tá cúis an-mhaith ó thaobh an chultúir na logainmneacha seo inár dteanga dhúchais a chaomhnú agus a normalú: chun a chinntiú go dtugtar an stádas agus an t-aitheantas atá ag dul dóibh do na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail agus do na daoine a mhaireann sna ceantair sin,” a dúradh sa ríomhphost a seoladh le déanaí.

Mhaígh Deirdre McCarthy chomh maith go raibh ceartúsáid na logainmneacha Gaeltachta ag teacht le “misean ginearálta” RTÉ agus lena ndílseacht don Ghaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Meabhrú d’iriseoirí RTÉ gur sárú dlí é logainmneacha Gaeltachta Béarla a úsáid'

  • An tEisreachtach

    Ábhar grinn na míosa:
    ‘Mhaígh Deirdre McCarthy chomh maith go raibh ceartúsáid na logainmneacha Gaeltachta ag teacht le “misean ginearálta” RTÉ agus lena ndílseacht don Ghaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge.’