Martin ag teannadh níos gaire do phost an Taoisigh

Neamhspleáigh ag brath ar a dhul le FF, ina measc Mattie McGrath, Noel Grealish, an Dr. Michael Harty, Michael Collins agus Denis Naughten

Toghchán Strap

Micheál Martin. Rollingnews.ie
Micheál Martin. Rollingnews.ie

Cé gur bheag a cheap sin roimh an olltoghchán, tá seans láidir ann anois gurb é Micheál Martin a bheidh ina Thaoiseach agus páirtí Fhianna Fáil i gceannas ar an rialtas faoi cheann beagán seachtainí.

Fianna Fáil agus tuairim trí dhuine dhéag ó na neamhspleáigh agus na páirtithe beaga istigh leo – tá an tuairim ag teacht chun cinn níos láidre anois gurb shin é an chéad rialtas eile.

Rialtas mionlaigh a bheadh ann agus bheadh cúpla aireacht shinsearach agus shóisearach ag neamhspleáigh/na Daonlathaigh Shóisialacha.

Bheadh an rialtas seo ag brath ar thacaíocht theoranta ó Fhine Gael, go háirithe, agus bheadh lámh – go pointe – ag córas na gcoistí Dála i gcúrsaí reachtaíochta.

Ceapann roinnt mhaith daoine i bhFianna Fáil go bhfuil buntáiste acu ó thaobh cleamhnais leis na neamhspleáigh/páirtithe beaga:  tá lorg Fianna Fáileach ina gcúlra ag roinnt acu seo agus tá riar maith Teachtaí tuaithe ina measc.

Sa mullach air sin ceaptar nach bhfeilfeadh sé do neamhspleáigh agus lucht na bpáirtithe beaga a bheith luaite le hiarracht Enda Kenny a chur ar ais ina Thaoiseach ó tharla go nglactar leis gur thug an pobal droim láimhe dó san olltoghchán.

Tá tuairim is cúigear neamhspleách nach bhfuil ceangal ná comhghuaillíocht ar bith acu ag cur caidéise anonn agus anall go bhfeicfear an féidir grúpa tacaíochta don rialtas nua a chur le chéile. Ina measc siúd tá – Mattie McGrath, Noel Grealish, an Dr. Michael Harty, Michael Collins agus Denis Naughten. 

Ta cúigear eile sa gcomhghuaillíocht neamhspleách  – dream Shane Ross -agus beidh lámh acusan sna comhráití. Beifear ag súil freisin gur féidir na Daonlathaigh Shóisialacha a thabhairt ar bord. Ní bheidh an Comhaontas Glas ná an Anti Austerity Alliance – ná Teachtaí Dála eile atá go láidir ar chlé sa bpolaitíocht – bainteach leis an iarracht seo.

Tuigtear go mbeidh cainteanna idir an cúigear neamhspleách – McGrath, Grealish, Harty, Collins agus Naughten – agus toscairí Fhine Gael go rí-ghairid. 

Beifear ag casadh le toscaireacht Fhianna Fáil ina dhiaidh sin. Ach cé go bhfuil níos mó neamhspleáigh – fiú cúpla duine atá istigh faoi bhratach Shane Ross – ag teannadh i dtreo an chúigear neamhspleách atá luaite, tá talamh treampánach rompu fós.

Má tá an cleamhnas le déanamh, beidh aireachtaí, idir shinsearach agus shóisearach le roinnt amach; d’fhéadfadh sé gur air sin – seachas ar cheisteanna polasaithe – a chlisfeadh an plean.

Sna comhrialtais a chonaic muid sa tír seo le fada an lá, bheadh deis ag an bpáirtí mionlaigh ainmneacha a gcuid airí féin a chur faoi bhráid an Taoisigh agus ghlactaí leis sin. B’fhurasta a shamhlú go mba rídheacair do ghrúpa neamhspleách socrú a dhéanamh eatarthu faoi cé aige a mbeadh na postanna aireachta. D’fhéadfadh nach mbeadh siad sásta ach an oiread na hainmniúcháin uilig a fhágáil faoi chúram an Taoisigh.

Go dtí seo, tá scéalta tagtha ó Fhine Gael go mbeifí sásta lear suntasach aireachtaí a thabhairt do Theachtaí Dála a ghabhfadh isteach leosan; ar an taobh eile, tá Fianna Fáil ag rá go mbeidh a gcuid comhráití siúd bunaithe ar cheisteanna polasaithe agus ar chláir rialtais.

Ní shin le rá, ar ndóigh, nach mbeadh Fianna Fáil sásta postanna rialtais a thairiscint ach a mbeadh socruithe curtha i gcrích.

Bheadh ar Fhianna Fáil ArdFheis speisialta a ghairm le beannacht na dtoscairí ar fud na tíre a fháil le haghaidh socrú – fiú le neamhspleáigh.

Ceaptar nach mbeadh aon trioblóid ann dá mba neamhspleáigh agus páirtithe beaga a bheadh i gceist. Má éiríonn le Fianna Fáil an beart seo a dhéanamh beidh sciorta den ádh orthu; bheidís tagtha isteach sa rialtas gan choinne i leaba a bheith ag coinneáil Fhine Gael i gcumhacht. Anuas air sin, bheadh clampar i bhFine Gael faoi chúrsaí ceannaireachta, ní bheadh rith an rása ag Sinn Féin sa bhfreasúra agus bheadh drogall ar mhórán chuile dhuine roimh thoghchán eile.

Fág freagra ar 'Martin ag teannadh níos gaire do phost an Taoisigh'