‘Margadh May, síneadh ama fada nó Breatimeacht gan mhargadh’ – Juncker

Tá an t-eiteach tugtha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh don phlean is déanaí ag Theresa May i dtaobh an Bhreatimeachta

‘Margadh May, síneadh ama fada nó Breatimeacht gan mhargadh’ – Juncker

Fágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE de thuairt an tseachtain seo chugainn mura nglacann an pharlaimint le margadh Theresa May nó mura lorgaítear síneadh ama fada ar an mBreatimeacht.

B’in a bhí le rá ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker tráthnóna agus é ag tabhairt a bhreithiúnais ar an bplean is déanaí ag Rialtas na Breataine i dtaobh an Bhreatimeachta.

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Theresa May aréir go raibh fúithi síneadh ama gearr eile leis an mBreatimeacht a lorg chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach le Páirtí an Lucht Oibre.

Ach is cosúil gur síneadh ama fada nó Breatimeacht gan mhargadh an t-aon rogha a bheidh ann mura nglacann feisirí Westminster leis an margadh imeachta ar dhiúltaigh siad faoi thrí cheana dó.

Bhí May ag súil go gceadófaí síneadh ama go dtí an 22 Bealtaine ionas nach mbeadh ar an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha.

Dúirt Juncker le parlaimint na hEorpa áfach nach raibh mar spriocdháta ann ach an 12 Aibreán chun an comhaontú aistarraingthe  a chur tríd an bparlaimint.

“Mura bhfuil sé déanta faoin am sin, ní bheidh aon seans ar shíneadh ama gearr eile a fháil.

“Ón 12 Aibreán ar aghaidh bheadh an chontúirt ann go gcuirfí toghcháin pharlaimint na hEorpa i mbaol agus go mbeadh bagairt ann d’fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dá bharr.”

Dúirt Juncker gur Breatimeacht gan mhargadh a bheadh i ndán don Ríocht Aontaithe sa chás sin.

Ach ag tagairt do shíneadh ama níos faide a cheadú, dúirt sé nach dtabharfaí “an bróg” d’aon bhallstát “amach” as an AE.

Tuairiscítear gurb é is mó atá i gceann ag 27 ballstáit eile an AE ná síneadh ama go dtí deireadh na bliana ar a laghad, nó b’fhéidir go dtí earrach na bliana seo chugainn fiú.

Má éiríonn le Theresa May tromlach a fháil dá margadh sa pharlaimint, cheadófaí síneadh ama gairid go dtí an 22 Bealtaine.

Mar sin, cé gurbh é an t-eiteach a tugadh sa Bhruiséil don phlean is déanaí ag an bPríomh-Aire, beidh campa May ag súil go dtabharfaidh rogha shoiléir Juncker –  Breatimeacht gan mhargadh nó síneadh ama fada – ar chuid de na Breatimeachtóirí is diongbháilte athmhacnamh a dhéanamh ar an gcomhaontú aistarraingthe.

Fág freagra ar '‘Margadh May, síneadh ama fada nó Breatimeacht gan mhargadh’ – Juncker'