Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais go mbeidh marcanna bónais ar fáil do dhaltaí Ardteiste a thugann faoi thograí measúnaithe breise agus obair chúrsa i nGaeilge.
Faoi chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, tá comhpháirt measúnaithe breise le tabhairt isteach do gach ábhar a mbeidh ar a laghad 40% de na marcanna ag dul dó.
Faoi láthair, bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúduithe scríofa na hArdteiste i nGaeilge ach dheimhnigh an Roinn i gciorclán chuig iarbhunscoileanna an tseachtain seo go mbeidh na marcanna bónais ar fáil do gach cuid de na scrúduithe Stáit, an measúnú breise san áireamh, ó 2027 ar aghaidh.
Déanfar na socruithe seo a chur i bhfeidhm do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ó 2028 ar aghaidh.
“Trí na marcanna bónais a leathnú, aithnítear an luach a bhaineann leis an gcomhpháirt measúnaithe breise agus a comhtháthú beartaithe isteach sa teagasc agus san fhoghlaim a fhaigheann scoláirí, agus cuirtear leis an gcuspóir seanbhunaithe atá ann úsáid na Gaeilge ag gach foghlaimeoir i ngach scoil a spreagadh,” a deirtear sa gciorclán.
Tá athbhreithniú le déanamh ar ábhair uile an churaclaim agus tá Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic agus Gnó i measc na n-ábhar Ardteiste a bhfuil uasdátú déanta ar a gcuraclam don scoilbhliain 2025-26 agus comhpháirt measúnaithe breise le déanamh ag daltaí.
Bronntar marcanna bónais ar dhaltaí a thugann faoi scrúdú na hArdteiste i nGaeilge in ábhair seachas Gaeilge agus Béarla. Má fhaigheann dalta níos lú ná 75% de líon iomlán na marcanna atá ar fáil in ábhar ar nós Stair nó Tíreolaíocht, bronntar ar an dalta marcanna breise ar fiú 10% iad de na marcanna a fuair sé. Laghdaíonn an bónas ó 75% suas.
Marcanna bónais ar fiú 5% iad atá i gceist le hábhair eile, amhail an Mhatamaitic agus an Chuntasaíocht, ina bhfuil béim níos mó ar fhigiúirí.
Fág freagra ar 'Marcanna bónais le tabhairt do dhaltaí Ardteiste a dhéanann tograí measúnaithe breise i nGaeilge'