‘Mar phobal, ní fhaighimid faic gan troid ar a shon’

Agus nach mór bliain caite aici ina hUachtarán ar Chonradh na Gaeilge labhair Tuairisc le Paula Melvin

‘Mar phobal, ní fhaighimid faic gan troid ar a shon’

Bleá Cliathach bródúil, beomhar, bríomhar í Paula Melvin. Agus í ag caint ar an bhfón, éiríonn sí an-spreagtha agus cur síos á dhéanamh go fuinniúil aici ar an obair ar fad atá ar siúl ag Conradh na Gaeilge. Rugadh agus tógadh í ar fheirm gar do Bhaile Bhlainséir agus mar sin tá taithí mhaith aici ar shaol na tuaithe agus ar shaol na cathrach. Cé nár fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge, músclaíodh paisean don teanga inti agus í ina páiste.

“Nuair a bhíos an-óg, léirigh mé fíorspéis sa Ghaeilge. Chomh luath is a thuig mé gur Éireannach a bhí ionam ach nach raibh Gaeilge agam, chur sé sin isteach orm,” a deir sí.

Mar sin, chuaigh Paula ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Chathair Átha Cliath, agus níos déanaí in Óstaí an Rí agus in UCD. San ollscoil, d’aimsigh sí pobal Gaeilge agus le spreagadh óna léachtóirí, ghlac sí páirt in an-chuid eagraíochtaí Gaelacha san ardchathair.

Thosaigh sí ag imirt leis na Gaeil Óga agus toghadh í ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge nuair a bhí sí ina mac léinn i DCU.

I ndiaidh neart blianta a chaitheamh ar an gCoiste Gnó agus níos déanaí ina Tánaiste ar an gConradh, toghadh ina huachtarán ar an eagraíocht í mí Feabhra seo caite.

Is léir gur duine treallúsach forásach í Paula Melvin agus ní haon ionadh é go ndeachaigh sí leis an ngníomhaíochas.

“Creidim go láidir sa mhana sin, mura bhfuil sé ann, déan tú féin é. Sílim go raibh mé ag gearán nach raibh craobh den Chonradh i mo cheantar féin i mBaile Átha Cliath 15. Moladh dom ceann a bhunú mé féin agus rinne mé sin.”

Dar léi, tá an meon sin ag teastáil mar nach mbíonn an stát sásta i gcónaí an obair atá riachtanach chun an teanga a chur chun chinn a dhéanamh.

‘‘Mar phobal, ní fhaighimid faic gan troid ar a shon, ar an drochuair.’’

Tugann sí sampla den obair atá ar bun aici, in éindí le Pobal Gaeilge Cúig Déag chun meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Bhlainséir. Tá sruth lán-Ghaeilge sa gceantar i gColáiste na Tulchann agus tá dóchas ag Paula go mbunófar Gaelcholáiste. Tugann an feachtas seo sásamh di ar bhonn pearsanta chomh maith, mar ní raibh an deis aici féin freastal ar scoil lán-Ghaeilge agus í ag éirí aníos sa gceantar céanna.

“Bhíos ag iarraidh freastal ar Ghaelcholáiste. Ach ní raibh aon cheann sa cheantar, cé gurb as áit taobh le Baile Bhlainséir dom féinig, ceantar ina bhfuil daonra níos airde ná cathair Luimnigh.”

Ó bunaíodh é i 1893, tá Conradh na Gaeilge aitheanta mar phríomheagraíocht an ghníomhaíochais ar son na Gaeilge in Éirinn. Sa ról sin, caithfidh an eagraíocht freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag pobal na Gaeilge, bíodh siad sa nGaeltacht nó sa nGalltacht, ó thuaidh nó ó dheas, ina gcainteoirí líofa nó ina bhfoghlaimeoirí.

Tá muinín ag Paula Melvin gur féidir leis an gConradh dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla sin.

Dar léi, tá sé ríthábhachtach aithne a chur ar phobail éagsúla agus comhairle a fháil uathu.

“Thóg mé orm féin é dul timpeall na tíre ag tabhairt cuairteanna ar na craobhacha ar fad atá sa Chonradh, ag cur aithne ar na baill. Tá sé an-tábhachtach bualadh le grúpaí Gaeilge agus labhairt le muintir na háite. Tá mé an-sásta go dtuigimid na fadhbanna atá ann agus na dúshláin atá romhainn. Sin an buntáiste atá ag an gConradh, is muide an fóram daonlathach do phobal na Gaeilge.”

Ar ndóigh, bíonn soiniciúlacht i measc neart daoine sa nGaeltacht scaití maidir le hiarrachtaí na n-eagraíochtaí teanga an Ghaeilge a chur chun chinn. Tá an meon ann i mbólaí áirithe go mbíonn na heagraíochtaí Gaeilge atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath scartha ó mhuintir na Gaeltachta. Creideann Uachtarán Chonradh na Gaeilge go bhfuil an dearcadh seo ag dul i léig, áfach. Deir sí go bhfuil daoine as cúlraí éagsúla, an Ghaeltacht ina measc, mar bhaill den eagraíocht. “Táim buíoch go bhfuil an meon sin ag athrú, go pearsanta. Sin an t-aiseolas a fhaighimse…Tá foghlaimeoirí ann, tá daoine ón nGaeltacht ann, daoine ón mbreac-Ghaeltacht ann. Tá siad ar fad sa Chonradh.”

Déanann sí cur síos chomh maith ar obair an Chonradh maidir leis an nGaeltacht. “Bíonn Tionól Gaeltachta againn chuile bliain. Téimid amach chuig Gaeltachtaí éagsúla ar a laghad uair in aghaidh na bliana agus faighimid tuairimí an phobail. Táimid ag gníomhú agus ag éisteacht leo.”

Tá Meitheal Ghaeltachta ag an gConradh, freisin, fochoiste atá dírithe ar chúrsaí Gaeltachta amháin. Deir Paula Melvin go mbeadh fáilte is fiche roimh dhuine ar bith ón nGaeltacht cuidiú lena gcuid oibre. “Táimid ar fad sa Chonradh tiomanta de freastal ar mhuintir na Gaeltachta, muintir na n-oileán agus na breacGhaeltachta san áireamh.”

“Sí an chloch is mó ar phaidrín an Chonradh agus mhuintir na Gaeltachta araon ná tithíocht. Tá ganntanas tithe sa Ghaeltacht, tá sé fíordheacair cead pleanála a fháil agus níl go leor tithe sóisialta ann.”

Tá gluaiseacht na Gaeilge ar an bhfód le fada an lá anois, ach an bhfuil an cur chuige atá i bhfeidhm faoi láthair acu éifeachtach? “Sílim go bhfuilimid ag baint rudaí amach. Bhaineamar Acht Gaeilge amach faoi dheireadh agus bhíomar ag stocaireacht agus ag agóidíocht faoi sin le fada an lá.”

Ar ndóigh, bíonn an cineál feachtasaíochta a bhíonn ar siúl inniu sách difriúil ón gcur chuige a bhíodh ann san 1970idí. Le linn ré Ghluaiseacht Chearta Shibhialta na Gaeltachta, bunaíodh stáisiún raidió mídhleathach i gConamara, ghlac lucht agóide seilbh ar fhoirgnimh phoiblí agus tharla sé uair nó dhó fiú go ndeachaigh gníomhairí go príosún ar son na Gaeilge.

“Ceann de na dúshláin atá againn ná an fuinneamh a bhíodh ann sna seanlaethanta, agus atá fós ann creidim féin, a choinneáil agus spás a chruthú do dhaoine nua teacht isteach.

“Sílim go bhfuil glúine óga ag teacht aníos atá tar éis amharc ar na hagóidí Acht Anois [an feachtas ar son na reachtaíochta teanga ó thuaidh] agus tá siad spreagtha chun an fuinneamh sin a choinneáil chun rudaí eile a bhaint amach. Tá mé thar a bheith dóchasach de bharr na ndaoine óga.”

Dar léi nach gá go mbeadh gluaiseacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann níos leimhe ná mar a bhíodh agus deir sí go bhfuil an ghluaiseacht chéanna breá ábalta an fód a sheasamh i gcónaí.

“Ní chuireann sé isteach orainne síorcháineadh a dhéanamh ar airí, ar an Rialtas nó ar an Stát nuair atá sé sin de dhíth. Níl aon fhadhb againne seasamh in aghaidh aon chórais.”

Agus lucht na Gaeilge sásta seasamh in aghaidh córas ar bith mar sin, ar cheart go dóibh níos mó freagrachta a ghlacadh iad féin maidir le cuid de na deacrachtaí atá ag an teanga?

Creideann Paula Melvin go bhfuil dualgas speisialta ar an rialtas fós maidir leis an teanga.

“Sílim gur féidir linn ar fad feabhsú agus tuilleadh a dhéanamh ach tá ról lárnach ag an stát. D’éirigh an chéad Choimisnéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as mar gheall ar an an gcaoi go raibh an rialtas ag teip.” Dar léi, tá tuilleadh cúnaimh ag teastáil ón nGaeltacht go háirithe. “Ní féidir an milleán a chur ar mhuintir na Gaeltachta murar féidir leo cead pleanála a fháil chun tithe a thógáil ar a dtalamh féin. Murar féidir leo tithe a cheannach. Mura bhfuil seirbhísí cearta á gcur ar fáil dóibh … Ní raibh aon Rialtas go dtí seo uaillmhianach go leor chun an tacaíocht cheart a chur fáil don Ghaeltacht.”

Tá ceisteanna eile ann a chothaíonn míshuaimhneas agus nach léir go bhfuil mórán dul chun cinn á dhéanamh ina leith. Mar shampla, is minic go mbíonn deacrachtaí ag daltaí Gaelscoile nó céimithe Gaeilge scaití, cainteoirí dúchais ón nGaeltacht a thuiscint. Agus is minic go mbíonn drogall ar lucht na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht dul i ngleic leis an bhfadhb, gan trácht ar iarracht a dhéanamh an scéal a leigheas.

“Sílim go bhfuil go leor ceisteanna deacra ann, ach ní chiallaíonn sin nár cheart aghaidh a thabhairt orthu,” a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Sílim go bhfuil gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge. Is féidir linn ar fad feabhsú. Má tá cúpla focal agat, is féidir feabhas a chur air sin. Má tá tú réasúnta maith, is féidir líofacht a bhaint amach. Má tá líofacht agat, d’fhéadfá dul le canúint nó cruinneas a bhaint amach.”

Ar aon chuma, a deir sí, tá neart fós le baint amach ag lucht na Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an misneach acu a gcearta a éileamh, dar léi. “Ar an drochuair, is gá dúinn an fód a sheasamh i gcónaí le cearta a bhaint amach … Mar phobal bímid róbhéasach amanna agus bímid sásta glacadh le rudaí. Is gá dúinn leanúint leis an troid.”

Fág freagra ar '‘Mar phobal, ní fhaighimid faic gan troid ar a shon’'

  • Eoghan Ó Néill

    Chonaic an bhean sin Paula Melvin ar an tele tamall ó shin agus an rud a deir sí agus í 5 gur Éireannaigh muid nár chóir dúinn ár dteanga fhéin a labhairt le chéile? Sin páiste óg a deir rud bunúsach.
    Caithimid glacadh leis sa lá inniu gur cultural Anglos iad cuid mhaith de phobal na tíre agus ós rud gurb é an béarla an teanga mór domhanda ( an Übersprache go fírinneach) agus nach gá bacaint le haon teanga eile mar úmhloidh lucht na dteangacha eile dó, ní haon ionadh gur olc leo an ghaelig. Mar eolas, ní fíor-Anglos iad na daoine seo in Éireann mar ba bundúchasaigh a sinsear ar díbríodh as a dtalamh iad mar a tharla dos na Cherokee agus bundúchasaigh na hAstráile.
    Gach rath ort a bhean uasal!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Níor chaill bean an mhisnigh riamh é.

  • Billing(s)/Billie Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Cothaigh SUIM le SUIM agus tuilleadh SUIME
    sa Teanga Dhúchais i measc an Phobail le go mbeadh rachairt
    ar an Ghaeilge sna scoileanna Thuaidh ,Theas, Thiar nó Thoir

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí/Tuarascála éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Achtanna Teanga’ níós eifeachtaí a chur i bhfeidhm .

    Ar fud na tíre fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Bígí i measc na bPobal ag brú na Teanga chun tosaigh le ciorcail chomhrá, cumainn Ghaeilge agus feachtas feasachta faoin Chultúr Éireannach a craobhscaoileadh.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    ****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ****************************************************************************************