Mallacht na gCat sáraithe ag Gaillimh agus dúshlán an ‘tSár-Ochtair’…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí móra CLG an deireadh seachtaine agus ar chuid dá raibh le foghlaim uathu

Mallacht na gCat sáraithe ag Gaillimh agus dúshlán an ‘tSár-Ochtair’…

Mallacht na gCat sáraithe ag Gaillimh

Thuigfeá dá mbeadh imní ar lucht tacaíochta na Gaillimhe i Staid Semple inné. Bhí na Gaillimhigh dhá phointe dhéag chun cinn ar Chill Chainnigh díreach roimh leath ama ach nuair a d’aimsigh Richie Hogan an tríú cúl do na Cait 20 nóiméad isteach sa dara leath den chluiche, ní raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne.

Tharla sé arís agus arís eile le cúpla bliain anuas gur éirigh le hiománaithe na Gaillimhe an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh sa chéad leath ach gur tháinig na Cait ar ais i gcónaí.

I gcluichí ceannais na hÉireann in 2012 agus 2015, agus arís i gcluiche ceannais Laighean 2016, bhí Gaillimh i bhfad níos fearr ná Cill Chainnigh sa chéad 35 nóiméad, ach níor éirigh leis na Connachtaigh aon cheann de na cluichí sin a bhuachan.

Inné i nDurlas, bhí rith an ráis le Cill Chainnigh nuair a d’aimsigh Hogan an cúl agus bhreathnaigh sé gurbh é an cliseadh a bhí i ndán do na Gaillimhigh arís. Tá díocas ar leith sna Gaillimhigh seo áfach agus d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil arís ar a gcéilí comhraic.

Tar éis dóibh an tríú cúl a ghéilleadh, d’aimsigh Gaillimh ocht bpointe roimh dheireadh an chluiche. Níor aimsigh Cill Chainnigh ach dhá phointe san achar céanna.

Tabharfaidh an tslí a choinnigh siad na Cait ó dhoras spreagadh ollmhór do Mhicheál Donoghue agus a chuid imreoirí agus iad anois ag triall ar chluiche leathcheannais na hÉireann.

Ger Aylward. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níl an cumas céanna i bhfoireann Chill Chainnigh ach níl a spiorad caillte acu

Tá an spiorad céanna in imreoirí seo Chill Chainnigh agus a bhíodh riamh i bhfoirne na gCat ach ní chuireann siad faitíos ar a gcéilí comhraic níos mó. Sa chéad chluiche agus san athimirt, níor staon fir Chill Chainnigh ón obair riamh ach is léir nach bhfuil an scil nó an cumas céanna acu is a bhí ag foirne eile a chuaigh rompu, go fóill ar a laghad.

Níor éirigh leis an seisear tosaithe a chuir tús leis an gcluiche do Chill Chainnigh ach 1-3 a scóráil ón imirt i rith an 70 nóiméad. Ar an taobh eile, bhí scór ón imirt faighte ag seisear na Gaillimhe roimh leath ama agus 1-18 a bhí faighte ón imirt acu faoi dheireadh.

Bhí Brian Cody in ann Colin Fennelly agus Richie Hogan a thabhairt isteach ón mbinse agus chuaigh siadsan i bhfeidhm ar an imirt, ach is léir go bhfuil an bheirt sin iad féin tuirsithe le cúpla bliain anuas agus iad ina suí i measc na n-ionadaithe ag tús an chluiche.

É sin ráite, d’fhéadfadh na Cait cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach fós. De na foirne atá fágtha, is iad na Gaillimhigh an dream is láidre ach níl mórán idir na foirne eile. Is beag foireann a oibríonn níos crua ná na Cait agus tá neart imreoirí den scoth fós acu, leithéidí TJ Reid, Cillian Buckley, Conor Fogarty agus Paul Murphy.

Connor McAliskey Thír Eoghain. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is fearr an doras tosaigh ná an cúldoras

Tháinig Tír Eoghain, Ros Comáin, Cill Dara agus Muineachán slán ó Bhabhta 4 na gcluichí cáilithe ag an deireadh seachtaine ach níl mórán ama acu lena n-anáil a tharraingt agus tús á chur le cluichí an ‘tSár-Ochtair’ an deireadh seachtaine seo.

Tá na cluichí leagtha amach sa chaoi go dtabharfaidh na foirne a tháinig trí na babhtaí cáilithe aghaidh ar a chéile an deireadh seachtaine seo chugainn, rud a fhágann nach mbeidh buntáiste rómhór ag foireann amháin ar aon fhoireann eile ó thaobh scíthe de. Ní bheidh an scéal amhlaidh an deireadh seachtaine dár gcionn, áfach.

Sa dara cluiche sa chomórtas ciorclach, ar an 21/22 Iúil, beidh Tír Eoghain (v Áth Cliath), Muineachán (v Ciarraí) agus Cill Dara (v Gaillimh) uile ag dul chun páirce den chúigiú deireadh seachtaine as a chéile, dúshlán a chuirfidh brú ollmhór orthu.

Chonaiceamar i gcraobhacha iomána na gcúigí nár éirigh ach le foireann amháin, Gaillimh, cluiche a bhuachan nuair a bhí siad ag imirt den tríú deireadh seachtaine as a chéile. Ní raibh aon teas mór againn ach oiread nuair a imríodh na cluichí iomána sin agus tá is léir cheana féin gur buntáiste atá ann áit a bhaint amach i measc an ‘tSár-Ochtair’ trí chraobh an chúige a bhuachan seachas tríd an gcúldoras.

Niall Rowland (Ard Mhacha) agus Enda Smith (Ros Comain). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Na boic mhóra i measc an ‘tSár-Ochtair’

Tá daoine ann a bhfuil cáineadh déanta acu ar an ‘Sár-Ochtar’, nó na ‘Super 8s’, agus iad den tuairim gur amhlaidh go ndéanfaidh an córas nua níos deacra é ar na foirne laga dul chun cinn a dhéanamh. Tá daoine eile ann nach bhfuil ach ag iarraidh na boic mhóra a fheiceáil ag imirt i gcoinne a chéile níos minice, agus níl aon amhras ach go sásófar iadsan as seo go ceann míosa.

As na hocht bhfoireann a bheidh ag imirt sa ‘Sár-Ochtar’ i mbliana, d’imir seacht gcinn acu i Roinn 1 na sraithe i mbliana; Áth Cliath, Gaillimh, Muineachán, Tír Eoghain, Ciarraí, Dún na nGall agus Cill Dara.

Is iad Ros Comáin an t-aon fhoireann atá fós sa chraobh nach raibh ag imirt sa phríomhroinn i rith an earraigh ach beidh siad ann an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Roinn 2 na sraithe a bhuachan i mbliana.

Fág freagra ar 'Mallacht na gCat sáraithe ag Gaillimh agus dúshlán an ‘tSár-Ochtair’…'