Malairt tuairime faoi sheasamh sagairt Ghaeltachta ar an Reifreann Pósta

Tá beirt sagart Gaeltachta ag cur na dtuataí amú, a deir taobh amáin sa díospóireacht reifrinn, ach creideann an taobh eile gur ábhar misnigh agus crógachta an méid a bhí le rá acu

Sagairt

Tá idir mholadh is cháineadh déanta ar bheirt sagart Gaeltachta a dúirt go mbeidís ag vótáil ar son an leasaithe sa reifreann ar an bpósadh.

Tá seasamh an Athar Brian Ó Fearraigh, sagart i nGaoth Dobhair, agus an Athar Pádraig Standún, sagart paróiste Charna, molta ag urlabhraí ón eagraíocht ‘TÁ Comhionannas’ ach cáinte ag Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta (ADFAM).

Dúirt Séamas de Barra, Rúnaí ADFAM, nach raibh “ceachtar den bheirt sagart ag cloí le teagasc na hEaglaise Caitlicí” ar an scéal seo, ach dúirt Pat Carey, Cathaoirleach na heagraíochta ‘TÁ Comhionannas’, go bhfuil “tuairimí sagart chomh tábhachtach céanna le tuairimí daoine eile”. Bhíodar beirt ag caint le Tuairisc.ie faoin scéal.

Tá sé tugtha le fios ag an Athair Brian Ó Fearraigh roimhe seo gur chinn sé vótáil ar son an leasaithe mar gur “ceist shiabhialta” í seo. B’fhacthas don Athair Standún gur “ceist pholaitíochta” í agus gur ar an mbonn sin a bheadh seisean ag vótáil ar a shon.

Dúirt Pat Carey go dtabharfadh tacaíocht dá leithéid “crógacht agus misneach” do dhuine atá ar son an leasaithe agus d’aontaigh sé leis an Athair Ó Fearraigh gur ceist shibhialta í seo.

D’áitigh Séamas de Barra, áfach, nár cheart “do shagairt….a bheith ag cur na dtuataí amú lena gcuid tuairimí príobháideacha féin”. Dúirt sé “Mura bhfuil an tAthair Ó Fearaigh ná an tAthair Standún ag glacadh le teagasc na hEaglaise ar an homaighnéasacht, abraidís amach é, agus gan a bheith ag dul i bhfolach sa chaolchúis”.

Thagair de Barra do dhoiciméad ón mbliain 2003 a d’eisigh an Cairdinéal Joseph Ratzinger (a thoghfaí ina Phápa níos deireanaí) ina ndúirt sé gur “mímhoráltacht throm” é vótáil le haontais chomhghnéis nó ceadú do phéirí comhghnéis leanaí a uchtú.

Dúirt Pat Carey gur deacair a rá cad a léiríonn tacaíocht na sagart Gaeltachta faoin bhfeachtas ar son an leasaithe. “D’fhéadfadh tromlach mór nó tromlach beag a bheith i gceist”, ar seisean. Dúirt sé go mbraitheann tacaíocht don leasú ar “cé na daoine a thiocfaidh amach ag vótáil ar an lá [22 Bealtaine]”.

Fág freagra ar 'Malairt tuairime faoi sheasamh sagairt Ghaeltachta ar an Reifreann Pósta'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Tá ceart acu a dtuairimí pearsanta mar shaoránaigh a thabhairt.

    Mar shagairt, áfach, tá dualgas orthu teagasc na hEaglaise a léiriú go cruinn.

    Cé go ndearna an bheirt, sa mhéid a chuala mise, iarracht an t-idirdhealú sin a thabhairt slán, níl mé cinnte ar éirigh leo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá meas tuillte ag sagart ar bith leis an misneach le tíocht amach go poiblí in aghaidh leagan amach na hEaglaise Caitlicigh faoin gceist seo. Ní dóigh liom go bhfuil mórán scil ná tuiscint ar an gceist ag eaglais a choscann gnéas agus pósadh ar a gcuid sagairt, seachas gur peacadóir daoine den inscne céanna a chleachtann gnéas.

    Mar sin féin ní aontaím le Pádraig ná le Brian faoin reifreann seo agus táim ag vótáil NÍL tar éis dom macnamh fuarchúiseach a dhéanamh ar an leasú atá molta ar an mBunreacht.

    Bhí sé spéisiúl éisteacht ar maidin le Kevin Cross, Cathaoirleach an Choimisiún Reifreann ar Morning Ireland. Nuair a cuireadh an cheist bhunúsach air, céard é an difríocht sna cearta idir ‘pósadh’ agus ‘civil partnership’ do dhaoine den inscne céanna dúirt sé nach raibh ann ach ‘minor differences’ ach nach bhfuil aon aitheantas ag Civil Partnership sa Bhunreacht. Is faoi sin ar cheart an reifreann a bheith: aitheantas bunreachtúil a thabhairt do Civil Partnership, seachas a bheith ag iarraidh an sainmhíniú ar an concheap ‘pósadh’ a athrú ón dtuiscint a bhí ann ón uair a chéad ceapadh an téarma. Domsa séard is pósadh ná fear agus bean ag tíocht le chéile i gcaidreamh fadthéarmach gnéasbhunaithe, as a bhféadfaí páistí a thabhairt ar an saol go nádúrach dá mba mhian leo sin a dhéanamh.

    Ní dea chleachtas a bheith ag tabhairt an téarma céanna ar dhá chineál caidreamh gnéasbhunaithe i mBunreacht na tíre, áit ar cheart soiléireacht a bheith seachas doiléireacht, mar caithfidh dlithe na tíre tíocht leis an mBunreacht ar feadh na cianta.

    Deineadh praiseach den Bhunreacht cheana sna hochtóidí nuair a deineadh iarracht cearta cothrom a thabhairt don ghin sa bhroinn leis an máthair a bhí á iompar. Faoin am seo ba cheart go mbeadh ceacht foghlamtha againn ón reifreann sin, reifreann eile a bhí tiomáinte chomh maith ag mothúchán daoine dea-intinneacha seachas ag loighic agus réasúnaíocht.

  • Glór í Eo

    Cén difríocht a dhéanfadh sé don téarma “pósadh” má tá gach caidreamh ghrá seasmhach clúdaithe faoi sa mbunracht? Is muide an chéad tír ar domhan atá reifreann ann ar an gceist. Is deis dúinn a speáint don domhan mór gur ceannairí muid ó thaobh cearta an duine de. Muscail do mhisneach a Bhanba.
    Vótáil grá
    Vótáil tá :)

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    >> Is muide an chéad tír ar domhan atá reifreann ann ar an gceist.
    Ní fíor sin. Mar shampla
    https://en.wikipedia.org/wiki/Slovenian_Family_Code_referendum,_2012
    (Dhiúltaigh do phósadh Comhghnéis)