Mairnéalach Spáinneach a tháinig slán as tragóid sa Ghaeltacht báite i dtragóid eile

Ní raibh an dara ‘míorúilt’ i ndán don mhairnéalach Spáinneach a tháinig slán as tragóid na Sceirde 22 bliain ó shin

Mairnéalach Spáinneach a tháinig slán as tragóid sa Ghaeltacht báite i dtragóid eile

Nuair a thuairt Ricardo Arias Garcia ag bun carraige san Atlantach i gceantar na Sceirde amach ó chósta Ghaeltacht Chonamara maidin dhorcha fhíochmhar i mí Dheireadh Fómhair 2000 níorbh fhiú tráithnín a bheatha agus a shaol faoin tráth sin.   Tugadh suas é d’fhiántas na farraige san áit sin naoi míle siar ó chósta Chonamara.  Ach d’éirigh le Ricardo strapadóireacht a dhéanamh cuid den bhealach suas ar an aill.

Chuidigh an óige leis; ba é an duine ab óige é ar bord an bháid iascaigh Spáinneach an ‘Arosa’.

Ceithre bliana fichead a bhí Ricardo san am sin.  Bhí ocht mbliana caite aige ag obair ar bháid iascaigh agus lastais.  D’fhás sé aníos i mbaile Marin i gceantar na Gailíse sa Spáinn.  Ba mhinic le fir óga as an taobh sin tíre a n-aghaidh a thabhairt ar an bhfarraige.   Obair throm agus saol sách uaigneach a bhí ann ach bhí luí ag Ricardo léi.

Bhí a chompánaigh uilig – dháréag acu – feicthe ag Ricardo á scuabadh léi ag an bhfarraige cháite an mhaidin fhómhair sin ar charraigeacha na Sceirde agus é féin fós ina bheatha.  Bhí an Arosa, a bhí ar chúrsa aniar an Atlantach go Ros an Mhíl, théis seoladh isteach le teannadh 10 muirmhíle luais in éadan na gcarraigeacha.  Ní raibh aon triáil ag na mairnéalaigh.  Ritheadar as a  gcuid leapacha.  Bhí an oiread corraí i bhfarraige agus an oiread ropadh leis an ngaoth, a bhí idir a bheith aneas agus aniar aneas, agus nach bhféadfaidís a dhul sna báid tarrthála a bhí ar iompar ag an Arosa.

Ní raibh acu ach greim an fhir bháite a fháil ar chuid éigin den bhád.  Ina nduine agus ina nduine scuabadh le sruth iad;  chinn an saol ar Ricardo sa deireadh.  Bhí na maidmeanna á phlúchadh.

Ina chuntas féin ar an uafás ina dhiaidh sin, dúirt Ricardo go bhfaca sé maidhm ollmhór ag teacht ina threo agus gur dhún sé a shúile.  B’in í an mhaidhm a chaith isteach ar an gcarraig é.

Bhí Dia leis.  Chonaic sé solas héileacaptair ag teacht i dtreo na gcarraigeacha.  Ar ámharaí an tsaoil, agus gan fágtha air anois ach a léine, thug criú an Gharda Cósta faoi deara é agus gan bhuíochas don doineann agus don dorchadas, thugadar aníos den charraig é slán sábháilte.   Fuarthas captaen an bháid san uisce freisin ach beag beann ar na hiarrachtaí uilig a rinne criú an héileacaptair, bhásaigh seisean.

Sna laethanta ina dhiaidh sin, bhí cás Ricardo Arias Garcia ina scéal mór in Éirinn agus sa Spáinn.  Bhí Dia leis, a dúradh; míorúilt a bhí ann – gan trácht ar scileanna agus ar chrógacht na bhfear san héileacaptar.

Chuaigh Ricardo ar ais chun farraige aríst ach faraor ar ais chun a bháis a chuaigh sé.  3,000 siar ó charraigeacha na Sceirde, an áit ar tháinig sé slán trí ‘mhíorúilt’, ní bhfuair Ricardo an dara seans ón bhfarraige.

Tháinig an scéal tragóideach trasna an Atlantaigh an tseachtain seo gur bádh Ricardo Arias Garcia sna farraigí móra, fiáine, fairsinge os cionn 200 míle siar ó thuadh de Thalamh an Éisc.     Bhí sé ar chriú báid as an Spáinn a bhí ag iascach san Atlantach.  Tháinig drochaimsir sa mullach uirthi agus cuireadh go tóin poill í.  Tháinig triúr slán ach bhí Ricardo, a bhí 48 bliain, i measc na marbh.

Baineadh cor agus stangadh as pobal iarthar Chonamara, go háirithe i gceantar Charna, san áit ba mhó a raibh tóraíocht ar choirp na marbh tar éis na tubaiste sin i gceantar na Sceirde.   Cuireadh Aifreann i Séipéal Mhuire i gCarna le hanamacha na bhfear a bhásaigh agus tháinig cuid dá ndaoine muinteartha as an Spáinn anall.  Caitheadh go fial agus go flaithiúil leo in uair sin na tragóide agus bhíodar an-bhuíoch as an gcineáltas sin.

Fuarthas sé cinn de choirp na marbh in imeacht cúpla lá den tragóid agus tugadh iadsan go Ros an Mhíl.  Ansin tháinig corp eile isteach i dtreo thrá Chloch na Rón  agus corp eile isteach sna hAirdeanna i gCarna.  Sa deireadh, fuarthas coirp an ochtar Spáinneach a bhí ar iarraidh ach ní bhfuarthas tásc na tuairisc ariamh ar thriúr as an Afraic a bhí ar bord.  Ba as tír oileánda, Sao Tome, soir ó chósta na hAfraice beirt acu sin agus ba as Gána an tríú duine.

Tugadh Ricardo Arias Garcia go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh agus cuireadh cóir leighis air.  Chuaigh sé ar ais chuig a áit dhúchais i Marin ar chósta thuaidh na Spáinne ina dhiaidh sin.  Tuairiscíodh go raibh croitheadh an-mhór bainte as ag an tragóid, agus ag gach a bhfaca sé an oíche uafásach sin sna Sceirde dhá bhliain is fiche ó shin.

Tuigtear go raibh sé scaitheamh agus go bhfeictí é thart sa mbaile mór ach is cosúil, le himeacht na haimsire, gur thug sé a aghaidh ar an bhfarraige aríst agus go raibh sé ag obair ar bháid síos i dtreo na hAfraice.

Ach is iomaí cúrsa atá i saol an mhairnéalaigh agus thug ceann de na cúrsaí sin Ricardo trasna an Atlantaigh le gairid agus ba ansin í bhfad ó thuaidh san áit a mbíonn fuadar agus fuinneamh faoi na ‘north easterlies’ a tháinig deireadh lena shaol agus gan an leathchéad sroichte aige fós.

Bítear ag súil go dtiocfar ar chorp Ricardo agus go bhfaighidh sé codladh sámh ar bhruach na mara ina cheantar dúchais féin i nGailís na Spáinne.

Fág freagra ar 'Mairnéalach Spáinneach a tháinig slán as tragóid sa Ghaeltacht báite i dtragóid eile'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leis agus agus trágóid Arosa freisin brón ar an mbás.

  • Murchadh

    Agus sár-alt scríofa agat, a Mháirtín, I gcuimhne an mhairbh, agus i gcuimhne marbh uile na bhfarraigí arda.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha uilig.

  • Eimear Ní Chonaola

    Beannacht Dé le Ricardo Arias Garcia. Píosa an-bhreá scríofa ansin agat a Mháirtín agus labhair tú freisin thar cionn faoi thubaiste an Arosa agus faoin gcaoi a ndeachaigh an scéal i bhfeidhm ar phobal Iorras Aithneach ar Nuacht TG4 an tseachtain seo caite.

  • JoeyJoeJoeJuniorShabido

    An t-alt is fearr a léigh mé le tamall. Ar dheis Dé go raibh sé.

  • Dáithí Mac Lochlainn

    Sar-alt cinnte scríofa agat a Mháirtín. Baineadh siar asam mar bhí Ricardo bocht ar chomhaois liom agus is cuimhin liom eachtra an Arosa sa bhliain 2000. Go ndéanaí Dia trócaire orthu go léir.