Beckett sa Chreig: Guth na mBan
Léiriú de chuid Company SJ agus An Taibhdhearc
Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe
Idir 1953 agus 1961 a léiríodh den chéad uair na ceithre dhráma fada le Beckett, Waiting for Godot, Endgame, Krapp’s Last Tape agus Happy Days, an t-aon cheann acu a bhfuil príomhpháirt ann do bhean. Mairfidh sárléiriú Company SJ de Laethanta Sona ar Chreig an Staic, in Inis Oírr i gcuimhne na ndaoine a chonaic é. Mícheál Ó Conghaile a d’aistrigh agus Bríd Ní Neachtain a bhí i bpáirt Winnie. In Beckett sa Chreig: Guth na mBan filleann an stiúrthóir Sarah Jane Scaife ar an oileán, le tógáil ar ghnéithe den bhunchloch a cuireadh síos ceithre bliana ó shin agus le fís nua a chur inár láthair.
Dráma fada amháin a bhí againn ansin, trí ghearrdhráma atá anseo. Bean amháin a bhí againn ansin, triúr atá anseo. An spéir a bhí mar chúlbhrat ansin, anseo is taobh istigh atá muid. Ní hamháin go bhfuilimid taobh istigh ach le gach ceann de na trí dhráma téitear de réir a chéile ón solas, an méid beag de atá ann ag lasadh cuid níos lú agus níos lú den stáitse – fallaing álainn thaibhsiúil Fiona Lucia McGarry i bpáirt May/Amy in Coiscéimeanna/Footfalls, ceannaghaidh Nuala Hayes in Luascaire/Rockaby, béal Chaitríona Ní Mhurchú in Ní Mise/Not I.
Ó na 1960idí i leith bhí Beckett ag dul níos mó agus níos mó i dtreo na beaichte, na dlúithe, na gairide, na teibíochta. Is é a dúirt sé le Jessica Tandy a raibh imní uirthi, agus í ag cleachtadh i Nua-Eabhrac don chéad léiriú de Not I, faoin treoir gur faoi luas a bhí na focail le haithris, nárbh í an intuigtheacht ba chás leis i ndáiríre, ‘not unduly concerned about intelligibility’.
Is é a bhí uaidh go n-oibreodh an píosa ar néaróga an lucht féachana. Is é ba chás leis an íomhá a chruthófaí agus na mothúcháin a dhúiseodh sé. In Beckett sa Chreig: Guth na mBan tá dhá chineál íomhá, athrú gach re seal idir na gearrdhrámaí féin agus scannáin a theilgtear ar thrí scáileán ingearacha, ceann chaon taobh den stáitse agus ceann i lár báire atá níos faide siar, agus spás eatarthu mar a léitear Siosarnach 4/Fizzle 4.
Is sna scannáin shuaithinseacha, thaibhseacha le Kilian Waters a chuirtear an t-oileán inár láthair. Faoiseamh is ea iad ó na focail, na ceisteanna ar fad gan réiteach agus ón dorchadas plúchtach atá ag ‘oibriú ar néaróga an lucht féachana’.
Fearacht na ndrámaí tá a ndul chun cinn féin ag na scannáin – ó ghile na sáile ag déanamh guairneáin is ag briseadh ar charraigeacha, go glaise gléineach na bpáirceanna agus liathghlas na gclaíocha, rian an duine ar an tírdhreach, agus móitíf a fhilleann, beirt bhan, feistithe sna cótaí dearga. Bhí na mná sin le feiceáil fós ar éigin ar an oileán nuair a scríobhadh na drámaí seo. Tá siad anseo, cléibh ar a ndroim acu agus rithim shuaimhneach a gcuid oibre cois cladaigh agus a gcoiscéimeanna le cloisteáil agus iad ag siúl na mbóithre idir na claíocha arda. Bíonn sé as alt ar fad ansin an bheirt bhan chéanna a fheiceáil iad ag siúl anois ar an mbealach mall rithimiúil céanna, ach iad aistrithe ón oileán go dorchla dearóil institiúide den chineál a gcuirtí mná iontu, áiteanna a ndíbrítí iad in aghaidh a dtola, áiteanna nach raibh aon éalú astu.
Ar aon dul leis na mná cráite sna trí dhrámaí, a léirigh na haisteoirí go coscrach éifeachtach tochtmhar, croíbhristiúil fiú, níl áit ar bith le dul acu ach isteach ina n-intinn féin, ag dul siar ar shean-eachtraí arís agus arís eile.
Micheál Ó Conghaile a d’aistrigh arís, agus is suimiúil go dtéann an saothar ficsin is déanaí atá foilsithe aige, An Bhlaosc sa mBois, i ngleic le ré dhorcha na dtithe máithreacha agus naíonán. Mar a tharlaíonn sé, an lá céanna a cuireadh tús le Beckett sa Chreig: Guth na mBan thosaigh an tochailt ar shuíomh theach mháithreacha agus naíonáin Thuama.
Eispéireas físiúil láidir sa Taibhdhearc le cumasc seoigh téacsanna agus íomhánna a rachaidh i bhfeidhm ort agus a mhairfidh i bhfad i do chuimhne.
Tá Beckett sa Chreig: Guth na mBan ar siúl sa Taibhdhearc mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta gach tráthnóna go dtí an 19 Iúil agus sa Project Arts Centre ó 1 go 5 Deireadh Fómhair mar chuid d’Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath. Cuirtear cluasáin ar fáil don leagan Béarla.
Bríd na nAmhrán
Faraor, ní raibh fuaimniú ná foghraíocht Gaeilge na n-aisteoirí thar mholadh beirte. Ba deacair iad a thusicint ina amanna agus bhí cuid den chaint dothuigthe. Ní ceist teanga amháin í seo. Bíonn léiriúchán ar dhráma Beckett ag brath go huil is go iomlán ar chumas urlabhra, ar rithim cainte, ar lúth na teanga agus mar sin de. Ní raibh na haisteorí ábalta an teanga ná an téacs Gaeilge a iompar. Ag cur leis sin, ní raibh an banaisteoir óg ábalta an t-amhrán Gaeilge a iompar ach an oiread. Aisteach go leor, bhí an cuma air gur thaithin an dráma níos mó leo siúd a bhí ag éisteacht i nBéarla ar na cluasáín. Is mór an trua mar bhí cuma deas ar an léiriúchán.