Máire Ní Fhátharta tugtha abhaile go dtína fód dúchais

Fógraíodh tráthnóna  socruithe sochraide an snámhaí mná as Conamara ar thángthas ar a corp Dé hAoine seo caite i ndiaidh cuardach 11 lá

Máire Ní Fhátharta tugtha abhaile go dtína fód dúchais

Tugadh abhaile inniu go dtína teallach féin i nDoire Locháin sna Forbacha Máire Ní Fhátharta, an snámhaí mná a bhí ar iarraidh i gConamara ar feadh 11 lá nó gur thángthas ar a corp Dé hAoine seo caite.

Fógraíodh tráthnóna freisin socruithe a sochraide.

Ar an 12 Samhain a chuaigh Máire ar iarraidh agus í ag snámh ag Trá na gCeann i mBearna.

Chaith na céadta aon lá dhéag á cuardach ar chósta Chuan na Gaillimhe moch is déanach, ar muir agus ar tír, de shiúl na gcos, san aer agus i mbáid bheaga is mhóra ar an bhfarraige.

Tráthnóna Dé hAoine a thángthas ar chorp Mháire ag Trá na gCeann, an trá chéanna ina mbíodh sí ag snámh go rialta.

Ghabh a muintir buíochas le chuile dhuine a thug cúnamh is tacaíocht dóibh ó chuaigh Máire ar iarraidh agus dúirt gurb é “gnaíúlacht, cineáltas agus teacht aniar an phobail” a chinntigh gur tugadh Máire abhaile.

Bailíodh os cionn €225,000 i bhfeachtas bailithe airgid le cuidiú le costas an chuardaigh agus gheall an teaghlach go dtabharfaí aon airgead nár caitheadh d’eagraíochtaí tarrthála éagsúla.

Beidh Máire á tórramh amárach sa gCillín i Séipéal Bhearna óna 4.00 go dtí a 6.00pm. Déarfar aifreann a sochraide i gCill Éinde sa Spidéal ar an gCéadaoin sula gcuirfear a corp i gcré na cille i Reilig Mhaírois ar bhruach na mara ar an gCloich Mhóir, mar a bhfuil cuid mhór dá sinsir roimpi.

Fág freagra ar 'Máire Ní Fhátharta tugtha abhaile go dtína fód dúchais'

  • An Teanga Bheo

    Ag guí ar son do mhuintir ar fad ag an am seo “a Chailin alainn is tú fáth ar bhróin”
    fáid is gur faoin fhód a chuir mé stór mó chroí Beannacht Dé leat Máire ar dheis Dé thú