‘Maidin amárach caithfimid dul síos ansin agus chuile dhuine beo a mharú’

Shilfeá nach ndéanfadh scéal duine cróga amháin mórán difríochta, ach léiríonn scéal Georgios a mhalairt

‘Maidin amárach caithfimid dul síos ansin agus chuile dhuine beo a mharú’

Georgios sa lár le (ar chlé) an Bleachtaire ArdCheannfort Brian Woods agus an stiúrthóir Gerry Gregg

Thart ar dheireadh na nóchaidí a chuala sé an scéal i dtosach. Bhí an Garda Brian Woods, a bhí ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe ag an am, ag tabhairt cuairt ar Nicosia, príomhchathair na Cipire. Ag an am sin, d’fhéadfadh duine cuairt a thabhairt ar an aerfort – nó ar a laghad ar an bpríomhfoirgneamh. Bhí an t-aerfort druidte ó bhí an cogadh ann sna seachtóidí.

Suas ar dhíon an chríochfoirt a chuadar le breathnú amach rompu ar chathair a bhí deighilte an t-am sin agus atá fós, go deimhin.

Bhíodar in ann radharc a fháil freisin ar na bailte beaga ó thuaidh den aerfort a bhí anois tréigthe i gceantar a bhí faoi smacht ag na Turcaigh.

Thug Brian faoi deara go raibh an fear lena thaobh, Georgios ag caoineadh.

D’fhiafraigh sé de céard ba chúis leis na deora. D’inis Georgios an scéal dó.

Nuair a bhí sé ina fhear óg agus é in Arm na Gréige le linn na cogaíochta in 1974, tháinig a oifigeach chuige tráthnóna amháin agus thug ordú do Georgios agus dá chara dil, an bheirt acu a d’fhás aníos le chéile i mbaile beag Pyla.

‘An bhfeiceann sibh an baile beag sin thíos uainn?’ a d’fhiafraigh an t-oifigeach díobh. ‘Maidin amárach caithfimid dul síos ansin agus chuile dhuine beo a mharú.’ Bhí sé le tuiscint gur Cipirigh/Turcaigh a bhí i muintir an bhaile.

Chomh luath agus a bhí an t-oifigeach imithe as amharc, chuaigh Georgios agus a mhéit i mbun comhrá ciúin lena chéile. Bhíodar ar aon tuairim nach bhféadfaidís an t-ordú sin a chomhlíonadh. Ba as An Aithin don oifigeach agus mheas siad nach raibh aon tuiscint aigesean ar na daoine as an áit, daoine a raibh meas acu ar a gcomharsana agus a mhair dá réir. Chinneadar ar fhógra a thabhairt do mhuintir an bhaile faoi céard a bhí i ndán dóibh.

Faoi dhorchadas na hoíche chuadar síos chuig an mbaile Turcach agus thug foláireamh do mhuintir an bhaile faoin méid a bhí beartaithe ag Arm na Gréige. Dúirt siad le muintir an bhaile go gcaithfidís glanadh amach láithreach agus gan aon duine a bheith fágtha ann lá arna mhárach.

An mhaidin dár gcionn chuaigh an buíon saighdiúirí Gréagacha agus an bheirt leaids as Pyla, síos go dtí an baile chun é a ionsaí. Ní raibh duine ná deoraí thart.

Bhreathnaigh an t-oifigeach ar Georgios agus ar a chara agus amhras an domhain air fúthu. ‘Cén chaoi a bhféadfadh sé sin tarlú?’ d’fhiafraigh sé díobh. Ach freagra ní bhfuair sé.

Bhí Georgios ag cuimhneamh ar an eachtra seo agus é ag caoineadh ar dhíon an aerfoirt fiche bliain ina dhiaidh sin sna nóchaidí. Bhí sé ag caoineadh a charad a maraíodh sa gcogaíocht go gairid ina dhiaidh sin freisin.

Blianta ina dhiaidh sin, tharla rud an-spéisiúil do Georgios. Bhí sé tar éis siopa beag crua-earraí a oscailt in Pyla. Mar a duirt mé, is baile beag é ina maireann Turcaigh/Cipirigh agus Gréagaigh/Cipirigh taobh le taobh, ach faoi shúile géara na Náisiún Aontaithe.

Tháinig bean agus gasúr isteach sa siopa. Ba léir gur Turcaigh/Cipirigh a bhí sa teaghlach seo. Bhíodar tar éis tamall a chaitheamh ag cuartú an duine seo ‘Georgios’ as Pyla, agus thángadar ar a mháthair i dtosach. Thug sise a fhad leis an siopa crua-earraí iad.

Tháinig an bhean chuige agus thaispeáin sí a mac do Georgios. ‘An bhfeiceann tú an leaid seo?’ d’fhiafraigh sí de. ‘Murach thusa ní bheadh sé seo ann.’

‘Bhíomar ag iarraidh ár mbuíochas a ghabháil leat. Shábháil tú an chlann s’againne.’

I rith na mblianta ina dhiaidh sin, thagadh sruth rialta custaiméirí Turcacha chuige ag ceannach rudaí sa siopa crua-earraí –  casúir, táirní, miosúr, scriúnna, rud ar bith a d’fhéadfaidís a iompar go héasca. Bhí cuid díobh ag trasnú na teorann, ar ndóigh.

D’inis Georgios an scéal seo an tseachtain seo caite sa scannán fáisnéise a thaispeáin muid i mbaile beag Pyla. Ní bheadh tú iomlán cinnte cén chaoi a nglacfaí le scéal mar sin. B’fhéidir go mbeadh a chomh-Chipirigh/Gréagacha ar buile leis? B’fhéidir go mbeadh drochmheas air dá bharr?

Ach ní hamhlaidh a tharla. Rinne gach éinne nach raibh an scéal acu cheana comhghairdeas leis.

Agus an mhaidin dar gcionn, chuir sé scéala chuig Brian Woods agus chuig stiúrthóir an chláir, ag rá gur mhaith leis iad a fheiceáil. Bhí sé féin rompu sa siopa, agus a iníon in éindí leis, toisc nach bhfuil Béarla ar a thoil aige.

Bhí cáca milis ‘Baclava’ ar an mbord agus an caifé Cipireach réitithe os a gcomhair. Níor stop an  teileafón ag bualadh an fhad is a bhíodar ann. Daoine ag glaoch ag déanamh comhghairdis leis agus an pobal Turcach ag glacadh buíochais leis arís. Dúirt a iníon Maria go raibh siad faoi chomaoin mhór ag lucht déanta an chláir faisnéise toisc gur thugadar an scéal do ghlúin nua nár chuala cheana é.

Caoga bliain tar éis na heachtra, tá an tír fós deighilte. Tá naimhdeas fós sa tír álainn seo. Tá cuimhní brónacha ag go leor daoine – go háirithe iad siúd a díshealbhaíodh. Ach tá comharthaí dóchais ann.

Shilfeá nach ndéanfadh scéal duine amháin cróga mórán difríochta. Ach mar a dúirt duine níos meabhraí ná mise – ‘nuair a shábhálann tú duine amháin, sábhálann tú an Domhan’.

Fág freagra ar '‘Maidin amárach caithfimid dul síos ansin agus chuile dhuine beo a mharú’'