Daltaí Gaeltachta muid agus tá faillí á dhéanamh orainn – seo an cruthúnas

Déantar go leor cainte ar na gasúir a fhágann an córas gan aon chumas Gaeilge acu, ach céard faoi na gasúir a tháinig isteach sa gcóras agus í ar a dtoil acu?

Daltaí Gaeltachta muid agus tá faillí á dhéanamh orainn – seo an cruthúnas

Mar chuid den staidéir atá á dhéanamh agam ar ‘An Pholaitíocht agus an tSochaí’ don Ardteist, theastaigh uaim tionscnamh a dhéanamh ina ndéanfainn iarracht dul i gcion ar chóras cinnteoireachta ar leith.

Roghnaigh mé staidéar a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge i gcóras iar-bhunscoile Phoblacht na hÉireann, go háirithe don Ardteist, agus d’fhiosraigh mé an bhfuil sé ag freastal ar riachtanais scoláirí Gaeltachta. Rinne mé staidéar ar an gcaoi a múintear an teanga, an meon atá ag gasúir ina leith, agus na hathruithe ar mhaith leo a fheiceáil. Roghnaigh mé an cheist seo a chíoradh mar gur rugadh agus gur tógadh mé i nGaeltacht Chonamara agus tá sé bliana caite agam ag foghlaim Gaeilge ag an dara leibhéal. Cuirtear i leith an chórais go minic go ndéanann sé faillí ar chainteoirí dúchais agus ní thugtar oiread sin airde ar an gceist.

Déantar go leor cainte ar na gasúir a fhágann an córas gan aon chumas Gaeilge acu, ach céard faoi na gasúir a tháinig isteach sa gcóras agus í ar a dtoil acu? Tá neart staitisticí ar fáil maidir le tuairimí daltaí faoin gcuraclam. D’aontaigh 60% de dhaltaí i suirbhé náisiúnta go dteastaíonn athrú ar churaclam na hArdteiste, ach níl aon staidéar déanta faoi dhearcadh dhaltaí na Gaeltachta. Mar sin, shocraigh mé mo chuid staitisticí féin a fháil maidir leis an gceist áirithe seo.

Chun na figiúirí a theastaigh uaim a bhailiú, sheol mé amach suirbhé i mo scoil féin, an scoil is mó i nGaeltacht Chonamara. Fuair mé tuairimí ó na daltaí uilig ón idirbhliain, an cúigiú bliain agus an séú bliain, mar shíl mé nach mbeadh a ndóthain taithí ag na scoláirí sóisearacha ar an gcóras de bharr nach bhfuil aon scrúdú stáit déanta acu go fóill.

Sa deireadh, líon 125 scoláire amach an suirbhé.

De réir an tsuirbhé, ní shíleann ach 38.4% go bhfuil siad ag baint tairbhe as an gcúrsa Gaeilge. Is mór an imní é seo de bharr an méid ama a chaitear le Gaeilge ar scoil. An cur amú ama é mura bhfuil sé ag déanamh leas ach do mhionlach?

Síleann 50% nach bhfuil an cúrsa suas chun dáta.

Ní shíleann ach 52% go bhfuil forbairt á déanamh ag an gcóras ar a gcuid Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfuil beagnach leath de dhaltaí na scoile a bhfuil ar a laghad trí bliana caite acu sa gcóras iar-bhunscoile agus scrúdú stáit déanta acu den tuairim nach bhfuil a gcumas teanga á fhorbairt ag an gcuraclam.

Ceapann 89.6% gur cheart go mbeadh 25 pointe sa bhreis ar fáil as ucht Gaeilge ardleibhéil a dhéanamh mar atá le Mata ardleibhéil.

Níl ach 45.6% sásta go bhfuil cúrsa Gaeilge na hArdteiste feiliúnach do dhaltaí Gaeltachta.

Ní cheapann ach 50.4% go bhfuil an Ghaeilge a mhúintear i scoileanna na tíre ar chaighdeán sách maith.

Tá na figiúirí seo suntasach, mar go léiríonn siad an tuiscint atá ag déagóirí ar na lochtanna sa gcóras. Bhí rogha freisin ag scoláirí moltaí don chóras a dhéanamh ag deireadh an tsuirbhé. Bhí moltaí ag 22 dalta. Astu sin, luaigh ceathrar go mba cheart níos mó béime a chur ar an ngramadach sa gcaoi nach mbeadh daltaí Gaeltachta faoi mhíbhuntáiste sna scrúduithe stáit. Rinne ochtar tagairt den chaighdeán oifigiúil agus chomh deacair is bhíonn sé an caighdeán a fhoghlaim mar go dtéann sé in aghaidh na Gaeilge atá acu ó dhúchas.

Dúirt deichniur nach bhfuil na gnéithe litríochta den chúrsa sách maith mar nach bhfuil aon téagar ag baint leo. Rinne beirt eile tagairt do na difríochtaí idir na cúrsaí Gaeilge agus Béarla agus dúradh nach mbítear ag súil le scil nó stíl ar leith sa nGaeilge, mar a  bhítear sa mBéarla. Sa gcúrsa Béarla bítear ag súil le tuairimí atá nuálaíoch agus difriúil, agus tá córas marcála thar a bheith casta ag baint leis (PCLM). Ní bhronntar ach 10% de na marcanna ar chruinneas – is do chaigdeán na stíle scríbhneoireachta agus na dtuairimí a bhronntar an 90% eile.

Sa scrúdú Gaeilge, níl ó na scrúdaitheoirí ach an méid atá scríofa sa téacsleabhar – ní bhronntar ach 20% de na marcanna don tuairimíocht agus stíl, is do chruinneas a bhronntar an 80% eile. Is sampla de ‘Chóras Baincéireachta an oideachais’ Paulo Freire é cúrsa na Gaeilge. Faoin gcóras a ndéanann Freire cur síos air: ‘eisíonn an múinteoir ráiteas, cuireann tabhartas ar fáil lena nglacann na scoláirí go foighdeach, foghlaimíonn de ghlanmheabhair é agus tugann ar ais arís é.’

Níl aon bhuntáiste le fáil ó chóras na Gaeilge as sár-iarracht anailís éagsúil a dhéanamh ar leabhar nó ar dhán. Níl ag teastáil ach na pointí cruinnis teanga a thug an múinteoir duit a thabhairt ar ais arís.  Is féidir aistí a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus go bunúsach ní theastaíonn Gaeilge a bheith ag dalta i ndáiríre chun an marc is airde – H1 – a bhaint amach.

Bhí dhá mholadh sa suirbhé a thug léargas maith ar an bhfadhb:

“Thaitneodh sé liom dá mbeadh ábhair litríochta agus dánta níos doimhne agus níos oiriúnaí do mhuintir na Gaeltachta ar an gcuraclam seachas an t-ábhar leadránach, fuar agus mínádúrtha atá ann faoi láthair,” a dúirt dalta amháin.

“I mo thuairimse ba cheart píosaí litríochta agus filíochta i bhfad níos dúchasaí a mhúineadh dúinn le grá agus suim don Ghaeilge a spreagadh i measc mhuintir na Gaeltachta,” a dúirt dalta eile.

Nuair a chonaic mé na torthaí ón suirbhé, shocraigh mé an suirbhé a chur ar mhúinteoirí freisin mar gur cheap mé go mbeadh sé suimiúil fáil amach an mbeadh a gcuid tuairimí mar a chéile. Ansin bheadh chaon taobh den chóras agam, iad siúd atá ag múineadh, agus iad siúd atá ag foghlaim. Sheol mé an suirbhé chuig chuile mhúinteoir i mo scoil atá cáilithe mar mhúinteoir Gaeilge, agus chuir mé na ceisteanna céanna orthu.

83% a cheapann nach bhfuil scoláirí ag baint tairbhe as an gcúrsa Gaeilge.

100% a cheapann nach bhfuil an curaclam suas chun dáta.

83% a cheapann nach bhfuil an cúrsa chomh deacair céanna leis an gcúrsa Béarla.

83% de mhúinteoirí a dúirt nach bhfuil an curaclam ag forbairt Gaeilge na scoláirí.

100% díobh a shíl go mba cheart go mbeadh 25 pointe sa bhreis ar fáil as an gcúrsa ardleibhéil a dhéanamh mar atá le Mata.

Níor cheap ach 17% de na múinteoirí go bhfuil feabhas tagtha ar Ghaeilge a gcuid scoláirí ó thosaigh siad an cúrsa Ardteiste.

100% a cheapann nach bhfuil an cúrsa T1/T2 sa Teastas Sóisearach cothrom.

83% a deir nach bhfuil an curaclam oiriúnach do dhaltaí na Gaeltachta agus deir 66% nach bhfuil an Ghaeilge a mhúintear ar chaighdeán sách maith.

Tugadh an deis do na múinteoirí freisin moltaí a thabhairt maidir leis an gcuraclam. Dúradh nach raibh aon dúshlán ann do scoláirí Gaeltachta, go raibh an cúrsa ró-éasca agus nach raibh sé ag cur le saibhreas teanga na ndaltaí. Ní dhéantar aon iarracht na scoláirí a spreagadh, a dúradh.

“Tá an curaclam ardteiste ag déanamh scrios iomlán ar an teanga. Seanfhaiseanta – easpa físe, téacsanna nach bhfuil spreagadh ar bith iontu,” a dúirt múinteoir amháin.

“An cúrsa a athrú ó bhun go barr. An litríocht a athrú, meascán idir sheanlitríocht na hÉireann agus ábhar nua. Ba mhaith liom go mbeadh scrúdú béil ann nach féidir a ullmhú de ghlanmheabhair roimh ré. Tá faillí mhór á dhéanamh ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí nuair nach ndéantar an teanga ó bhéal a scrúdú.”

Léiríonn na figiúirí agus na moltaí seo an géarghá atá le hathrú ar an gcúrsa Gaeilge.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé na deacrachtaí a bhaineann le teagasc na Gaeilge sa nGaeltacht. Is léir freisin go gcaithfear a chinntiú go mbeidh scoláirí na Gaeltachta lárnach in aon phlé a dhéantar maidir le curaclam na Gaeilge a athrú. Tá bua ar leith ag gasúir a rugadh agus a tógadh le Gaeilge, tá an t-ádh orthu, agus ba cheart tógáil ar an mbuntáiste sin chun glúin óg na Gaeltachta a spreagadh Gaeilge a labhairt seachas faillí a dhéanamh orthu sa gcóras oideachais, mar atá á dhéanamh le céad bliain anuas.

Fág freagra ar 'Daltaí Gaeltachta muid agus tá faillí á dhéanamh orainn – seo an cruthúnas'

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Taighde agus anailís den scoth.

  • Eoin Ó Murchú

    Alt an-mhaith ar fad, agus alt tábhachtach. Léim pointe amháin orm: “Rinne ochtar tagairt den chaighdeán oifigiúil agus chomh deacair is bhíonn sé an caighdeán a fhoghlaim mar go dtéann sé in aghaidh na Gaeilge atá acu ó dhúchas”.
    Nílim i gcoinne an chaighdeáin, ach creidim go bhfuil an teanga labhartha níos tábhachtaí agus nach cóir nach n-admhófaí sin nuair atá scrúdaithe á marcáil.

  • Proinsias

    Is mionlach iad na daltaí atá á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.
    Teastaíonn scoileanna faoi leith chun freastal orthu sin. Córas “one size fit all” atá i bhfeidhm.

  • Máirín

    Alt thar a bheith cuimsitheach agus is léir go bhfuil éagóir á dhéanamh ag an Roinn Oideachas ar na daltaí atá ag iarraidh Gaeilge mhaith do bheith acu. Níl an cuma ar an scéal go bhfuil múinteoirí Gaeilge na Gaeltachta ag tógaint seasamh go poiblí in ainneoin go gceapann siad nach bhfuil an curaclam Gaeilge T1 “ag cur le saibhreas teanga na ndaltaí”.
    Cad a cheapann na tuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge ins na Gaeltachtaí? Tá sé in am ag an Údarás suirbhé a dhéanamh ina measc.
    @Proinsias
    Bhí raic nimhneach i gConamara timpeall na bliana 2013 faoin moladh atá déanta agat go mbeadh scoileanna faoi leith ann dos na cainteoirí dúchais. Caithfidh go bhfuil leigheas níos inghlactha ar an scéal.

  • Pádraig

    Scoláire ag déanamh obair Roinn an Oideachais!

  • Pól

    Dea-phíosa taighde ar fad.

  • Micheál

    Samhlaigh a léitheoirí gur mó fianaise atá bailithe ag scoláire faoi chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht agus roinnte go fial ag Tuairisc, rud nach raibh ar chumas na Roinne Oideachais a dhéanamh le haon straitéis Gaolainne dá gcuid riamh & theip orthu de bharr meon dhúnta na bhfeidhmeannach & araile, cuid acu nár leag cos sa Ghaeltacht riamh! D’fhoghlaimidís ón scoláire / údar an ailt má tá an cumas foghlama ag lucht an aonteangachais! Lean ort ag troid an chatha! Is tusa todhchaí na Gaolainne agus ní an dream atá ar a ndícheall ag iarraidh í a phlúchadh & tosaíocht tugtha don Bhéarla acu á brú síos scórnach na nGael.

  • Meadhbh

    Maith thú Eimear, an-phíosa go deo

  • Fitzgerald

    “Bhí raic nimhneach i gConamara timpeall na bliana 2013 faoin moladh atá déanta agat go mbeadh scoileanna faoi leith ann dos na cainteoirí dúchais.”

    Cé hiad a bhí i mbun raice?

    Nuair a mheasctar cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí in aon rang amháin, faightear rang do fhoghlaimeoirí agus Béarla a bhíonn á labhairt acu go léir sa chlós. Tagann feabhas ar a gcuid Béarla agus a mhalairt ar a gcuid Gaeilge (na cainteoirí dúchais).

    An bhfuil brí ar bith leis an téarma ‘Gaeltacht’? Nuair a fhreastalaíonn páistí ó theaghlaigh a labhraíonn Béarla sa bhaile ar scoileanna Gaeltachta, scriosann siad Gaeilge na cainteoirí dúchais.

    D’éist mé leis an gearán sin ó go leor tuismitheoirí Gaeltachta, faoi dhrochéifeacht na scoileanna ar Ghaeilge a bpáistí.

    Dá mbeadh muid dáiríre faoi chosaint mionteanga, bheadh scoil eile do pháistí gan Ghaeilge mhaith len í a mhúineadh dóibh roimh chead isteach na scoileanna Gaeltachta dóibh.

    De réir m’eolais tá córas dá leithéid cheana féin i Gwynedd/ceantracha Breatnaise i mBreatain Bheag.