Tá ráiteas Donald Trump go dteastaíonn uaidh seilbh a ghlacadh ar an nGraonlainn cáinte go forleathan, ach cén fáth go dteastaíonn uaidh ar aon chuma go mbeadh an t-oileán reoite seo faoi smacht Mheiriceá?
Tá comharthaí ann go mbaineann an scéal seo lena bhfuil i ndán don Artach. Ag an Rúis atá an t-imeallbhord Artach is mó, ina diaidh tá Ceanada, an Ghraonlainn, ar leis an Danmhairg í, na Stáit Aontaithe (Alasca), an Íoslainn (oileán Grimsey) agus codanna beaga den Iorua, den tSualainn is den Fhionlainn.
Den chuid is mó, bhí an comhoibriú san Artach díolmhaithe is slán ó choimhlintí geopholaitiúla. Fiú le linn an Chogaidh Fhuair, lean an comhoibriú san Artach ar aghaidh le haghaidh comhghníomhaíocht agus cothú muiníne a bhí tairbheach don dá thaobh. Ach b’fhásach reoite an tArtach an tráth sin, is de bharr athrú aeráide tá an fásach sin oscailte anois don dúshaothrú.
Agus is cosúil go bhfuil deireadh tagtha le ré an chomhoibrithe anois. Tá caidreamh idir an Rúis agus tíortha NATO ag dul in olcas le 30 bliain anuas, go háirithe ó cuireadh tús le cogadh na hÚcráine, agus is mó spéis na Rúise i gcomhghníomhaíocht leis an tSín agus tíortha na hÁise ná leis an Eoraip nó le Meiriceá Thuaidh.
Dhiúltaigh seacht stát (Iartharach) de chuid na Comhairle Artaí leanacht le rannpháirtíocht na Rúise ar an gComhairle i ndiaidh ionradh an Rúise isteach san Úcráin, is tá an comhoibriú Artach fós ar fionraí.
Limistéar an-saibhir é an tArtach ó thaobh mianraí de, ach tá foinsí móra ola is gáis ann freisin. Meastar go bhfuil 22% d’ola is gás an domhain faoi thalamh reoite an Artaigh, is go bhfuil 20% d’fhionnuisce an domhain ansin freisin.
Le tamall fada tá an saibhreas seo ar fad sáinnithe faoin oighear, ach tá athrú tagtha ar an aeráid agus an téamh domhanda ag leá na hoighearchaidhpe. Tá saibhreas an Artaigh ar fáil don saothrú anois, agus cuireann sé sin leis an gcathú chun coimhlinte. Coimhlint a d’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith léi ó thaobh cúrsaí timpeallachta.
B’fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil leá na hoighearchaidhpe ag oscailt an Aigéin Artaigh don long-iompar. Tá na Rúisigh chun cinn maidir leis seo, ar ndóigh, mar is acu atá an t-imeallbhord Artach is mó.
Deirtear anois go mbeidh longa in ann taisteal ón Áise go Meiriceá fiche lá níos lú ná seoladh aon slí eile. Ar ndóigh is mór an buntáiste é sin do chomhlachtaí atá eagraithe dá leithéid cheana, agus is sa Rúis atá an chuid is mó díobh siúd.
I gcás na Graonlainne mar sin, dá mbeadh sí faoi sheilbh Mheiriceá – ach is ar éigean go mbeidh – bheadh éileamh ag Meiriceá ar an iomaire Lomonosov, ceantar atá an-saibhir i mianraí agus ábhar insaothraithe eile.
Faoi láthair tá éileamh ar an gceantar seo déanta ag an Danmhairg (thar ceann na Graonlainne) is ag an Rúis, cé nach bhfuil éileamh na Rúise ag baint ach leis an limistéar ar an taobh Rúiseach den iomaire.
Tugann comhoibriú idir an Rúis agus an tSín tionchar as cuimse ar longbhealaí an Artaigh, agus is léir nach féidir leis an Iorua nó leis an Danmhairg dul i gcomórtas leis an bpáirtnéireacht Eoráiseach nua seo.
Tá idir Alasca agus Cheanada ar imeall na longbhealaí, ach dá mbeadh an Ghraonlainn faoi sheilbh Mheiriceá bheadh tionchar i bhfad níos mó ag SAM ar an scéal.
Is ar éigean go n-éireoidh le Trump a fhís don Artach a chur i bhfeidhm, ámh, ach trín móréileamh uastach a dhéanamh b’fhéidir go mbeadh sé in ann margadh a bheadh fabhrach dó féin a bhrú ar an Danmhairg.
Ní laghdóidh sé sin tionchar na Rúise, ach bheadh guth níos láidre ag SAM sa scéal ar a laghad.
De réir mar a thagann na longbhealaí nua i bhfeidhm beidh tionchar mór acu ar chúrsaí trádála agus costais lasta.
Ach tá impleachtaí eile ann – impleachtaí a bhaineann leis an timpeallacht. Tá éiceachóras leochaileach san Artach, is tá sé ríthábhachtach go mbeadh fíor-chomhoibriú ann idir na stáit faoi leith lena chinntiú nach ndéanfaí dochar suntasach ar bith don aeráid de bharr dhúshaothrú an Artaigh.
Tá Trump ag iarraidh caidreamh idir Meiriceá agus an Rúis a chur ar ais ar bhonn síochánta is comhoibritheach. Ach tá an Eoraip, agus an tAontas Eorpach, a bhfuil muide sáinnithe ann, ag cur ina choinne seo go láidir.
An bhfuil muid i mbaol ár sonas a thabhairt ar ár ndonas?
sderóiste
Dúirt comhairleoir slándála náisiúnta na Stáit Aontaithe Mike Walz i mí Eanáir go bhfuil na cainteanna faoin nGraonlainn “ní hamháin faoin nGraonlainn, baineann sé seo leis an Artach.”
“Tá an Rúis agat atá ag iarraidh a bheith ina rí ar an Artach le 60 móide briseadh oighir, cuid acu faoi thiomáint núicléach,” a dúirt Waltz i mí Eanáir. “Tá a fhios agat cé mhéad atá againn? Tá beirt againn agus ceann amháin díreach tar éis dul trí thine. Baineann sé seo le mianraí criticiúla. Baineann sé seo le hacmhainní nádúrtha.”