Maenmar: an chéad chéim ar aistear fada

Fiú má bhíonn an lá le Aung San Suu Kyi, beidh blianta fada ann sula mbeidh daonlathas dáiríre i réim i Maenmar, a scríobhann ár gcolúnaí

Screen Shot 2015-11-10 at 11.49.08
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá na vótaí fós á gcomhaireamh i Maenmar (Myanmar) agus an méid seo á scríobh, ach tá an chuma ar an scéal gur le ceannaire an fhreasúra, Aung San Suu Kyi, a bheas an lá.

Lá stairiúil a bheidh sa lá inniu, má thagann sé dáiríre agus má ghlacann an deachtóireacht mhíleata le bua páirtí Aung San Suu Kyi, an Conradh Náisiúnta ar son an Daonlathais, (NLD). Níor ghlac an réimeas míleata le bua an NLD thiar sa bhliain 1990, an uair dheireanach gur eagraíodh toghchán daonlathach sa tír. Cuireadh toradh an toghcháin sin ar ceal.

Ach fiú má bhíonn an lá le Aung San Suu Kyi, ar bronnadh duais Nobel na síochána uirthi i 1991 as ucht a troda i gcoinne na deachtóireachta ina tír dhúchais agus a chaith an chuid is mó dá saol faoi ghlas ina teach féin ó shin, fiú má bhíonn an lá léi inniu, ní bheidh ann ach an chéad chéim ar aistear fada.

Tá cúpla cúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, chuir an réimeas míleata cúinsí i bhfeidhm, roimh an toghchán seo, a chuirfidh srian ar an daonlathas go ceann tamaill. Lena chois sin, tá riail ann nach bhféadann duine a bhfuil náisiúnacht eile ag a c(h)lann seachas náisiúnacht Maenmar a bheith ina (h)uachtarán ar an tír – rud a chuirfeadh cosc ar Aung San Suu Kyi a bheith ina huachtarán toisc go bhfuil pas de chuid na Breataine ag a clann.

Cúis eile fós atá ann is ea nach raibh cead ag an nach mór milliún moslamach Rohingya, a bhfuil cónaí orthu in iarthar Maenmar, páirt a ghlacadh sa toghchán seo. Ceist a sheachain Aung San Suu Kyi le linn an fheachtais, toisc, a deir na tráchtairí, nár mhaith léi cur as don mhóramh búdach sa tír.

Anuas ar an méid sin ar fad, is fiú a thabhairt cuimhne nach ionann a bheith i gcumhacht agus a bheith sa fhreasúra; fiú más rud é go mbíodh cuma an naoimh bheo ar Aung San Suu Kyi agus í ag troid ar son na gcearta daonna ina tír dhúchais le ceathrú céad anuas, ní barántas ar bith é sin nach mbeidh tionchar ag an gcumhacht uirthi, mar a bhíonn ar go leor polaiteoirí. Duine is ea í i ndeireadh na dála.

Ach an chúis is mó go ndeirim nach mbeidh i mbua stairiúil Aung San Suu Kyi agus a gluaiseachta inniu ach an chéad chéim ar bhealach fada ná seo: tá réimeas míleata i bhfeidhm i Maenmar ó bhí an bhliain 1962 ann. Gach duine a rugadh sa tír sin ón mbliain sin go dtí an lá inniu, is i ndeachtóireacht a rugadh é. I ndeachtóireacht a chuaigh sé ar scoil. I ndeachtóireacht a múnlaíodh a aigne, a chuid tuairimí, a dhearcaí uile ar an saol.

Beidh an duine seo i gceannas ar Mhaenmar go ceann i bhfad.

Fiú má thagann deireadh leis an deachtóireacht i Maenmar de réir a chéile tar éis imeachtaí na seachtaine seo, ní bheidh an chéad ghlúin a thiocfaidh in inmhe i dtír dhaonlathach i gcumhacht iad féin go ceann tríocha bliain ar a luaithe. Is ansin a bheidh deireadh leis an deachtóireacht dáiríre.