Ní raibh an chéad sreangán buailte ar an ngiotár nuair a d’fhógair glór eile ‘F**k the fields of Athenry’

Chuile sheans go mbeidh roinnt daoine as Conamara i measc an 300 a bheidh ag obair do chomhlacht Apple thart ar pháirceanna Bhaile Átha an Rí ach is deacair infheisteoir a thabhairt anoir chomh fada leis an Spidéal féin

000a3442-642

Lámha míne oifige a bheidh ag teastáil thart ar pháirceanna Bhleán Rí (Bhaile Átha an Rí) feasta. Stuaim sna méaracha agus clisteacht – de chineál áirithe. Daoine a mbeidh oiliúint agus oideachas an lae inniu orthu. Chuile sheans go mbeidh roinnt daoine as Conamara i measc an 300 a bheidh ag obair do chomhlacht Apple sna 500 acra de pháirceanna Bhleán Rí a bheidh tógtha suas acu. Ar ndóigh, beidh ar mhuintir sin Chonamara taisteal soir thrí thrácht na Gaillimhe agus gan amharc anonn ná anall fós ar chuarbhóthar na cathrach – agus sin rud a thiocfaidh in aghaidh Chonamara sa gcás seo.

Chuile sheans gur ar an ‘Facebook’ nó deis éigIn mar sin a thabharfaidh oibrithe Apple cuntas ar an gcineál lá oibre a bheidh acu i bpáirceanna Bhleán Rí. Cois teallaigh a thug an dream as Conamara a chuaigh ag obair sa taobh sin tíre san aimsir a caitheadh cuntas as na páirceanna ar an Achréidh – na spailpíní.

Bhí an dream a chuaigh romham, i mo theaghlach féin, ina measc, agus bhí cuimse eile acu ann. Théidís taobh thoir de Ghaillimh ar feadh ráithe, nó tuilleadh, ag obair d’fheilméaraí; ba é Bleán Rí an t-ionad mór “earcaíochta”. Ag an aonach ansin, nó th’éis Aifreann an Domhnaigh, a sheasfadh na spailpíní ar an tsráid le súil agus go bhfaighidís ‘conradh’ oibre.

Thagadh an feilméara agus chaithfeadh sé súil ort agus bhí ‘scrúdú praiticiúil’ i gceist go minic; d’fhiafaíodh an feilméara díot an ‘speainfeá do bhosa dó. Má bhí lorg agus cruas na hoibre i do dhá láimh, bhí marcanna arda faighte agat – chuile sheans go raibh leat.

Is dóigh ná a mhalairt gur mó de mhíbhuntáiste a bheadh i ngnéithe fisiciúla mar sin dá mbeifea faoi agallamh ag Apple! Ach ná moltar saol na spailpíní agus nósanna na haimsire a caitheadh ar an Achréidh ná i mBleán Rí ach an oiread. Bhí feilméaraí ann a chaith go maith leis na spailpíní agus bhí an dream eile ann freisin. Seo mar a scríobh fear d’arbh ainm Éamon Duggan as Bleán Rí in iris staire an cheantair sin beagán blianta ó shin:

There were good houses and bad houses…one story was told about two Spailpíns who having to travel a long way to their place of employment reached it in the dark of night. They were called so early in the morning and returned so late from the fields in the evening that they did not know if the house was thatched or slated as it was always dark when they left and returned from work. The vast majority of them were honest hardworking men…who were often quite shamelessly exploited by their employers.

Ach ní raibh aon ghá le píosa fada scríbhneoireachta ag fear as Conamara a thug a léargas féin ar Bhleán Rí ag ócáid phoiblí i mBoston roinnt blianta ó shin. Bhí fonnadóir mór le rá ar an stáitse agus d’fhógair duine éigin den lucht féachana gur mhaith leis ‘The Fields of Athenry’ a chloisteáil.

Ní raibh an chéad sreangán buailte ar an ngiotár ag an bhfonnadóir nuair a d’fhógair glór eile ón slua: “F…the fields of Athenry – I never saw anything good in the fields of Athenry’.  An fear a labhair amach – John Mháirtín Tom as Carna, go ndéana Dia grásta air – athair Mharty Walsh atá anois ina Mhéara ar Bhoston. Ba léir go bhfaca John an dá shaol ag spailpínteacht i mBléan Rí agus ar an Achréidh.

Tá saol eile i mBleán Rí anois agus ré eile in ann don cheantar de bharr theacht chomhlacht Apple ansin. Bhí a fhios againn le fada gur soir an treo sin a thiocfadh tionscail mhóra amach anseo – agus a chonách sin orthu.

Shocraigh Comhairle Contae na Gaillimhe os cionn leathscór blianta ó shin go leagfaí amach réimse forbartha tionscail soir i dtreo an Uaráin Mhóir agus Bhleán Rí.

Tá na bóithre móra ag teacht le chéile ansin, an N6 go Baile Átha Cliath agus an bóthar nua dúbailte as Tuaim go Gort agus síos chomh fada leis an tSionnainn. Beidh an bóthar sin críochnaithe faoi cheann cúpla bliain.

Comhthreomhar leis sin, tá an córas cumarsáide agus idirlín neartaithe go mór thart ar Ghaillimh, rud nach bhfuil amhlaidh taobh thiar den Choirib.

I gCarna i gConamara le gairid, dúirt bainisteoir de chuid Údarás na Gaeltachta go bhfuil mórán chuile short ag dul i dtreo an Achréidh agus Bhleán Rí anois. Is deacair infheisteoir nó tionsclóir a thabhairt anoir chomh fada leis an Spidéal féin – agus mar sin a bheidh nó go ndéanfar forbairt ar an gcuarbhóthar thimpeall na Gaillimhe, a deir sé.

Ní raibh trácht ar chumarsáid ná ar bhóithre móra in aimsir na spailpíní as Conamara, ach is fánach an spailpín a déarfadh anois nach dteastaíonn cuarbhóthar go géar, ar mhaithe le Conamara.

Ach, th’éis a bhfuil cloiste againn le coicís, is ar éigean go bhfeicfear an cuarbhóthar thart ar Ghaillimh, agus soir i dtreo na hoibre i mBleán Rí, nó go n-imeoidh an dath glas as páirceanna Bhleán Rí.                                  

Fág freagra ar 'Ní raibh an chéad sreangán buailte ar an ngiotár nuair a d’fhógair glór eile ‘F**k the fields of Athenry’'