Macalla na staire san Ómaigh – macalla nach mian linn a chloisteáil go deo arís

Tháinig uafáis na dTrioblóidí chun cuimhne do mhórán nuair a tháinig an drochscéal ón Ómaigh Dé Céadaoin gur lámhachadh an príomhchigire John Caldwell

Macalla na staire san Ómaigh – macalla nach mian linn a chloisteáil go deo arís

Tá an t-ádh ar gach duine sa tír atá 25 bliain d’aois nó níos óige. Ní raibh orthu éisteacht riamh le scéalta uafásacha ag teacht rómhinic aduaidh. Níor chuala siad riamh an chéad thuairisc ghairid a thug rabhadh faoi ainghníomh eile. Ní raibh taithí acu ar bhéarlagair léanmhar na ré ar a dtugtar ‘na Trioblóidí’.

Tuairiscítear gur lámhachadh fear anocht taobh amuigh de…

Níor chuala an t-aos óg síorthuairisceoireacht ón Tuaisceart ar ionsaithe inar maraíodh os cionn 3,700 duine idir 1969 agus 1998 agus inar gortaíodh 47,500 ar a laghad.

Níl taithí acu ach oiread ar thuairiscí ina ndearnadh cur síos arís agus arís eile ar uafás as cuimse.

Tuigtear go raibh mac an fhir a ionsaíodh ina theannta nuair a scaoileadh leis agus go raibh páistí eile cóngarach. 

Níl taithí ag polaiteoirí na linne seo, thuaidh ná theas, ar shíor-eisiúint ráiteas cáinteach tar éis don IRA, don UVF nó do ghrúpaí paraimíleata eile a neamhthrócaire fíochmhar a thaispeáint le gunna nó le buama.

Tá ionsaí na hoíche aréir cáinte go forleathan. Dúirt an feisire parlaiminte áitiúil…

Níl cuimhne ag an aos óg ach oiread ar thost polaiteoirí aontachtacha ná ar an tacaíocht gan choinníoll a thug a bhformhór mór do na fórsaí slándála ó thuaidh le linn na dTrioblóidí. Bhí an dearcadh sin follasach tar éis do chomhaltaí den RUC nó d’Arm na Breataine (nó paraimíleataigh a ghníomhaigh ar a son) daoine a mharú.

Dúirt ceannaire an DUP go raibh na saighdiúirí i gcontúirt agus nár chóir iad a lochtú toisc…

Chuir síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 deireadh le ré ina raibh tuairiscí ó Thuaisceart Éireann mar atá thuas á síorchraoladh nó á síorfhoilsiú ar feadh tríocha bliain.

Níl aon taithí ag daoine a rugadh ó shin ar thuairiscí dá leithéid, ar radhairc de na sluaite ag siúl chun reilige, ná ar an gcroíbhriseadh agus an t-uaigneas a d’fhág gach marú ina dhiaidh.

Chonaic scríbhneoir an cholúin seo gach radharc a bhfuil cur síos thuas air mar bhall d’fhoireann RTÉ i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Tháinig siad chun cuimhne do mhórán ó tháinig an drochscéal ón Ómaigh Dé Céadaoin gur lámhachadh an príomhchigire John Caldwell agus go raibh sé gonta go dona.

Is a bhuí le Bertie Ahern, John Hume, Tony Blair agus scata beag ceannairí agus idirghabhálaithe cróga a cuireadh deireadh le ré an uafáis ó thuaidh. Chualathas macalla na ré sin san Ómaigh – macalla nach mian le duine stuama ar bith a chloisteáil arís.

Is fiú mar sin ábhair dhóchais nach bhfeicfear uafáis na seanré (a chríochnaigh 25 bliain ó shin) arís a chuntas, gan ábhair shuntasacha imní a chur as an áireamh.

Tá trí ábhar dóchais againn.

  1. Níl grúpa ná fórsa láidir ar bith sa Tuaisceart, ná aicme den phobal a thugann tacaíocht dóibh, ag beartú dul i mbun an fhoréigin arís.
  2. Comhráiteas a d’eisigh príomhpháirtithe an Tuaiscirt (Sinn Féin, an DUP, Alliance, an SDLP agus Alliance) Déardaoin inar cháin siad an iarracht a rinneadh John Caldwell a dhúnmharú. Ní beag tarraingt neamhghnách le chéile dá leithéid má chuimhnítear ar an easpa comhréitigh atá eatarthu le bliain.
  3. Sa chomhráiteas sin agus i ngach agallamh a cuireadh ar ionadaithe na bpáirtithe ó thuaidh tar éis an ionsaithe, d’iarradar go léir ar an bpobal cuidiú leis na póilíní an dream a bhí freagrach as a thabhairt os comhair cúirte. Ní raibh meon dá leithéid i ngach páirtí le linn na dTrioblóidí.

Tá trí ábhar imní againn freisin.

  1. Teastaíonn comhthuiscint pholaitiúil láidir chun buan-síocháin a choinneáil i réim i ngach áit ar domhan inar léir deighilt do-réitithe agus teannas polaitiúil idir aicmí móra den phobal. Níl comhthuiscint láidir, mar a bhí i 1998, ann faoi láthair (a) sa Tuaisceart ná (b) idir na rialtais i Londain agus i mBaile Átha Cliath.
  2. Ar ndóigh ní hionann easpa comhthuisceana agus contúirt go dtosóidh an doirteadh fola i mbliana ná an bhliain seo chugainn. Sin ráite, ní féidir an baol dochair a chothaíonn easpa comhthuisceana a chur as an áireamh amach anseo.
  3. Ní haon ábhar seasmhach sóláis é go bhfuil móramh mór glan in aghaidh an fhoréigin agus go maireann cuimhne láidir ar na huafáis a tharla sa ré atá thart.

Téann gach cuimhne i laige de réir a chéile agus tá an ghlúin a bhí beo le linn na n-uafás atá faoi chaibidil thuas ag dul in aois.

Fág freagra ar 'Macalla na staire san Ómaigh – macalla nach mian linn a chloisteáil go deo arís'