Má tá fíorghrá agat don Ghaeilge, bí deas leis na Gaeilgeoirí nach dtógann a bpáistí le Gaeilge

Sinne a thógann ár bpáistí le Gaeilge is bagairt iad an dream le Gaeilge nach labhraíonn í lena bpáistí do roinnt de na rudaí is bunúsaí a chreideann muid iontu…

Má tá fíorghrá agat don Ghaeilge, bí deas leis na Gaeilgeoirí nach dtógann a bpáistí le Gaeilge

D’fhoghlaim mé dhá fhocal nua mar thoradh ar theachtaireacht a fágadh faoi m’alt deireanach i Tuairisc.ie.  Scríobh léitheoir amháin faoin alt:

Creidim gur ainbhiosáin agus abhlóirí agus díol trua na daoine a bhfuil an Ghaeilge acu ach nach labhrann í lena gclann.

Ainbhiosáin = Duine aineolach.
Abhlóir = Amadán.

Cara liom a chuaigh as a shlí chun tacú liom nuair a fuair duine a bhí gar dom bás, níorbh aon ainbhiosáin é.  Duine eile ar m’aithne a tháinig i gcabhair orm nuair a bhí duine a bhí gar dom an-tinn níorbh aon abhlóir í.  Duine eile fós, atá tar éis dúshláin i ndiaidh tragóide i ndiaidh tubaiste a fhulaingt ina saol ach atá tar éis í féin agus a clann a thabhairt slán tríothu, ní haon díol trua í, ach a mhalairt – is eiseamláir í ar go leor bealaí.

Cé go raibh ráiteas an léitheora úd ar an gceann ba bhoirbe agus, dar liom, ba neamhthuisceanaí ar fad, bhí méid áirithe den cháineadh agus den dúil breithiúnas a thabhairt i go leor den mhéid a dúradh agus a scríobhadh. 

Tuigim do na daoine sin.  B’in mar a bhíodh mise tráth den saol. Tá níos mó tuisceana agam anois do roinnt de na cúiseanna nach labhraíonn Gaeilgeoirí áirithe Gaeilge lena bpáistí. D’fhoghlaim mé go leor ó mhír a d’eagraigh mé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta roinnt blianta ó shin inar labhair triúr ban misniúla faoi na cúiseanna nár thógadar a bpáistí le Gaeilge.  Ach an triúr sin, shíl siad gur mhaith an rud é Gaeilge a labhairt le páistí agus bhí aiféala orthu nach raibh níos mó Gaeilge ag a bpáistí. Téann sé dian orm fós daoine a chreideann gur fearr gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí a thuiscint. Táim ag déanamh iarrachta an meon sin a thuiscint. 

Sin a bhí i gceist le m’alt deireanach – ní cáineadh nó breithiúnas ach iarracht tús a chur le plé agus comhrá faoi ábhar go bhfuil an-deacracht agam féin é a thuiscint i gceart. 

Sinne a thógann ár bpáistí le Gaeilge (nó atá cinnte de go dtógfaidh muid ár bpáistí le Gaeilge), is bagairt iad an dream le Gaeilge nach labhraíonn í lena bpáistí do roinnt de na rudaí is bunúsaí a chreideann muid iontu.  Is iontach an bronntanas an Ghaeilge, creidimid, agus mar sin déanann muid iarracht mhór maidir le seachadadh na teanga go dtí ár bpáistí. Neartaíonn an iarracht mhór sin neart ár gcreidimh sa rud atá ar bun againn. 

Ach má tá an bronntanas seo chomh hiontach sin, cén míniú atá ar chinneadh na nGaeilgeoirí seo gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí?  Go háirithe na Gaeilgeoirí oilte a dhéanann rogha choinsiasach, de réir dealraimh, gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí?  Chun muid féin a chosaint cabhraíonn sé linn a chreidiúint go bhfuil na daoine sin lochtach ar shlí éigin, go bhfuil easpa uaisleachta nó easpa moráltachta nó easpa cnámh droma ag baint leo. 

Ar shlí amháin tá feidhm fhónta leis an deighilt seo idir na ‘fíor-Ghaeil’ agus an dream ‘eile’, an dream a bhfuil fimíneacht nó aineolas nó laige éigin ag baint leo, más fíor. Snámh in aghaidh easa a bheith ag iarraidh ár bpáistí a thógáil le Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann agus seans go gcuirfeadh na Gaeilgeoirí nach dtógann a bpáistí le Gaeilge lagmhisneach ar fad orainn mura gcreidfimis iad a bheith lochtach ar shlí éigin.

Ach seo an rud – má tá fíorghrá agat don Ghaeilge, más mian leat go mairfeadh sí, agus má tá tú ag iarraidh cabhrú leis an iarracht go mairfeadh sí, ní cabhair ar bith ach a mhalairt dearcadh diúltach i leith na nGaeilgeoirí nach dtógann a bpáistí le Gaeilge.  Tá an Ghaeilge mar theanga dhúchais – teanga go ndéantar í a sheachadadh ó ghlúin go glúin – ar leaba a báis.  Caithfear an líon páistí atáthar a thógáil le Gaeilge a mhéadú.  Conas a dhéanfar sin?  Murar féidir linn cur ina luí ar na ‘fíorGhaeil’ i bhfad níos mó páistí a bheith acu, an t-aon bhealach ná níos mó Gaeilgeoirí a mhealladh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge!

Maidir leis na beartais is gá a dhéanamh chun an Ghaeilge a shlánú tá neamhaird mhór á déanamh ar an ngné seo den scéal.  Cén fáth?  Mar go mbaineann tabú le bheith ag caint faoi na cúrsaí seo?

Tá Gaeilgeoirí nár thóg a bpáistí le Gaeilge fite fuaite le pobal na Gaeilge.  Tá siad ar na coistí agus na boird a cheapann na straitéisí agus a dháileann an t-airgead.  Mar sin, ní thugtar aghaidh ar an riachtanas seo mar gheall ar an tabú atá thart air.  B’fhéidir go bhfuil náire ar chuid de na daoine seo labhairt faoi.  B’fhéidir go bhfuil eagla ar chuid acu go dtabharfar breithiúnas dian orthu.  B’fhéidir go bhfuil eagla ar Ghaeilgeoirí eile go gceapfaí go bhfuiltear á maslú má tharraingítear anuas an cheist.  Agus nuair a scríobhann duine alt faoin ábhar, agus nuair a thosaíonn daoine ansin ag caint faoi ‘ainbhiosáin’ agus ‘abhlóirí’ agus ‘fimínteacht’ agus ‘teanga Chromail’ agus ‘Gaeilgeoirí gairmiúla’ – bhuel fianaise í sin go raibh an ceart acu eagla a bheith orthu agus cuireann sé deireadh leis an bplé.

Tá sé simplí go maith. Pé straitéisí a cheaptar chun níos mó Gaeilgeoirí a mhealladh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge is cinnte nach inmholta an cur chuige é a bheith ag maslú agus ag cáineadh daoine. 

Ba mhaith liom féin leanúint orm ag glacadh páirt sa díospóireacht seo.  Ach is é mo ghuí go mbeidh i bhfad Éireann níos mó le rá ag daoine eile faoi, daoine a bhfuil tuiscint i bhfad níos fearr acu ar ghnéithe éagsúla den scéal ná mar atá agamsa. Má tá sin le tarlú caithfimid éirí as a bheith ag tabhairt breithiúnas ar dhaoine eile agus caithfimid deis agus ardán a chur ar fáil do gach duine páirt a ghlacadh sa chomhrá seo gan scáth gan faitíos. 

Tá Fachtna Ó Drisceoil ina léiritheoir ar an gclár Tús Áite le Michelle Nic Grianna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Fág freagra ar 'Má tá fíorghrá agat don Ghaeilge, bí deas leis na Gaeilgeoirí nach dtógann a bpáistí le Gaeilge'

  • Aaron

    I gcead duit ach tá an tráchtaireacht seo thar a bheith ar líne (nó ‘extremely online’ mar a deirtear I dteanga Cromail na laethanta seo.) Níl saol na Gaeilge deighilte idir na fíorghaeil a thógann a gclanna léi agus gaeil atá chomh scanraithe ag an dream eile nach bhfuil siad in ann a ndualgas a dhéanamh ar son na cúise. Séard atá sna daoine i saol na Gaeilge ná pobal a bhfuil ag teip ar a riachtanais ábhartha a chomhlíonadh, pé ar bith cén áit a bhfuil siad sa tír agus pé ar bith cén méad den teanga a bhíonn siad ag caint lena bpáistí. Clúdaíonn tuairisc.ie an teip seo go forleathan is go rialta (mo mhíle buíochas daoibh.) Is léir cé ar a bhfuil an lucht sin, agus ní ar na gaeil atá sé. Ach nuair atá géarchéim teanga ann agus lucht i gceannas an rialtais agus an státchórais mar cúis, nach mór an éadroime a bheith ag plé na gaeil atá ar seachrán a mhealladh ar ais trí… níl a fhios agam? Bheith níos béasaí? Ar líne?

    A chara, ní dóigh liom go ndéanfaidh an comhrá seo mórán difir ar bhonn an tsochaí. Tá sé tábhachtach, cinnte, a bheith stuama agus cothrom na Féinne a thabhairt do ghaeil, i do shaol féin ach go háirithe. Tá muid uile ag troid ar bhealach amháin nó bealach eile agus cothaíonn meitheal misneach. Ach creidimse féin, más seachadadh teanga don chéad ghlúin eile atá muid ag plé, go bhfuil sé i bhfad níos luachmhaire nascanna a chruthú idir sheachadadh teanga agus todhchaí ina chomhlíonfar na riachtanais ábhartha atá ag an bpobal díreach anois. Nach iad buanfhostaíocht agus fadsaol agus áiseanna a mhaireann agus bailte faoi bhláth agus oideachas den scoth na hactual rudaí a chaithfear a bhaint amach go spreagtar gaeil chun seachadadh teanga ar bhonn an tsochaí?

  • Eoghan Ó Néill

    Ní raibh aon ghaelig ag mo mháthair mhór agus ag a máthair siúd (in Iarthar Cho. Cábhán) bhí gaelig agus béarla, ach níor labhair sí ach an dara ceann lena páistí ó thart fán bhlian 1880 ar aghaidh. Is dócha gur cheap sí go rachfadh an t-athrú teangan chun leas a sleachta. Tá an dearcadh céanna i réim fós agus teanga na nAnglos i mbárr a réime ar fud na cruinne. Tá ag éirí go brea le lucht na straitéise English-only sa tír seo agus is é atá de dhith anois ná ‘final-push’ chun an ghaelig a ghlanadh as an oileán ar fad. Ach insa bhealach rompu táid siúd a labhraíonn gaelig lena bpáistí. No pasarán!

  • Seán Ó Riain

    Tá an ceart ag Fachtna ná cabhraíonn maslú ná cáineadh chun daoine a mhealladh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Is maith is fiú an tabú a ardú, agus an scéal fíorthábhachtach seo a phlé go hoscailte. Thógas féin mo bheirt iníon le Gaeilge amháin, bíodh gur thar lear is mó a bhí cónaí orainn. Táid 26 agus 23 anois, agus Gaeilge amháin a labhraid liom, bíodh gur Frainciseoir í a máthair. Measaim gur cheart dúinn díriú ar an aon athbheochan teanga gur éirigh go hiomlán léi – athbheochan na hEabhraise. Is fiú an sárleabhar le Muiris Ó Laoire a léamh – “Athbheochan na hEabhraise – ceacht don Ghaeilge?” Bhí Giúdais ag na chéad imirceoirí Giúdacha uile chun na Pailistíne, ó 1881 amach, ach dheineadar rogha choinsiasach Eabhrais amháin a labhairt lena bpáistí. Níor ghlac 100% an rogha san riamh, ach níor ghá san. Ghlac a bhformhór an rogha, agus sin an fáth gur éirigh leis an athbheochan. Ní raibh aon teaghlach ar domhan ag labhairt Eabhraise sa bhaile 120 bliain ó shin. Tá 9 milliún duine á dhéanamh anois! Dírimis ar cheist na teanga, is ná bacaimis le ham is fuinneamh a chur amú ag plé na polaitíochta!

  • Risteárd

    Ní rud aisteach é gabháil leis an sruth agus geilleadh don fhaisean. Ní ábhar iontais é ar chor ar bith. Feicimid go bhfuil teangacha ag fáil bháis ar fud an domhain mar gheall ar sin. Tá an ceart agat áfach. Ní fiú don bhrón a bhraithimid spreagadh fuatha. Ní féidir linn ach a bheith meáite nach ligimid dá gcinneadh lagmhisneach a chur orainne.

  • file

    Anois … tá Fraincis den scoth agam agus tá Gaeilge ar dóigh agam. Níor thóg mé na páistí le ceachtar den dá theanga sin, áfach, ar na fáthanna seo: ní cainteoir dúchais Fraincise ná Gaeilge mé, agus níor mhaith liom Fraincis ná Gaeilge nach bhfuil ceart a bhrú orthu. Más amhlaidh go léiríonn siad féin suim i dteangacha agus iad ag fás aníos, cuideoidh mé leo teangacha a fhoghlaim ar an dóigh ar fhoghlaim mé féin iad, ach tá leisce orm mo shuimeanna féin a bhrú ar mo mhuirear.

    Scríbhneoir an ailt, abair, ní cainteoir dúchais Gaeilge é ach oiread. Scríobh sé an abairt seo:
    “Is iontach an bronntanas an Ghaeilge, creidimid, agus mar sin déanann muid iarracht mhór
    maidir le seachadadh na teanga go dtí ár bpáistí.”
    De mo dhóigh, agus scríbhneoir an ailt ag tógáil a bpáistí le Gaeilge, beidh sé ag tabhairt meancóga teanga dóibh atá cosúil leis na cinn san abairt sin. Fadhb atá inchurtha, dar liom, le páistí a thógáil agus ‘I seen’ agus ‘I done’ ar bharr a dteanga acu.

    Níl leithscéal ar bith le gabháil agam as gan na páistí a thógáil le Gaeilge (ná le Fraincis), agus má chuireann an dearcadh sin isteach ar na fíorGhaeil, is amhlaidh is fearr. Léigh An Béal Bocht leis na fáthanna leis sin a thuiscint!

    QED?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá teaghlaigh Síneach sa chomharsanacht, agus tógann siad uilig a gcuid páistí le Sínis – a dteangaidh dhúchais. Cad chuige sin??

    Nach bhfuil níos mó cainteoirí Polainnise sa tír seo ná dá bhfuil de chainteoirí Gaeilge?? Cad chuige a bhfuil siadsan ag tógáil a gclann le Polainnis sa tír seo?? Nach bhfuil sagairt ón Pholainn inár measc anois? – ionas go dtig leis an bpobal Polainnise leanúnachas a bheith ina saoil agus a dteangaidh dhúchais a úsáid agus iad ag guí?

    Sé’n rud nach dtuigimse ar chor ar bith ná na daoine siúd a tógadh le Gaeilg agus a fuair oideachas Ghaeilge (go bunscoil ar laghad) sa Ghaeltacht, a labhraíonn Gaeilg lena dtuismitheoirí agus lena ndeartháireacha agus deirfiúracha, a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht ACH a dtógann a gclann féin le Béarla???!!! Daoine a chuireann a gcuid páistí chuig naíonraí agus bunscoltacha Gaeltachta agus a fhágann ualach na hoibre ag múinteoirí agus ag cúntóirí teanga leis an Ghaeilg a fhoghlaim dá gcuid páistí???!!!

    I mo thuairimse is leisce agus falsacht atá i gceist. Más mian le daoine sa Ghaeltacht a gcuid páistí a thógáil le Béarla ar cheart daofa bheith ina chónaí sa Ghaeltacht ar chor ar bith?

    Ar fiú an mana ‘Labhair í agus mairfidh sí’? Shíl mé gur teangaidh cumarsáide a bhí sa Ghaeilg – is cuma caidé a tharlaíonn – maith nó olc – i do shaol. Is cosúil go ndéantar cumarsáid níos fearr i dteangacha eile…

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra:
    Más dóigh le léitheoir go bhfuil lochtanna ar Ghaeilge Fhachtna Uí Dhrisceoil, déanaimse iontas de nach mbeadh an léitheoir sin sásta a ainm féin a thabhairt air féin lena linn sin.
    Thug mise beagnach 33 bliana i m’Eagarthóir Cúnta sa Ghúm. Táim ag siúl ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ó Mheán Fómhair na bliana 1970. Is iomaí cainteoir dúchais buailte liom ó Chúige Mumhan, ó Chúige Chonnacht, agus ó Chúige Uladh. Thug mé blianta fada ag obair ag na cainteoirí dúchais Gaeilge is fearr agus is eolasaí dá raibh sa tír lena linn. Tá ag dul díom a dhéanamh amach cé na lochtanna atá ag an bh’File’ ar an abairt sin a ndéanann sé athfhriotal as alt Fhachtna Uí Dhrisceoil air.
    Is mó ná sin an t–iontas a dhéanaim de gurbh fhiú le ‘File’ scríobh as Gaeilge go dtí príomhnuachtán Gaeilge na tíre, nuair nár mheas sé go raibh a chuid féin Gaeilge maith go leor chun í a thabhairt dá chlann. Is chun siamsaíochta a bhíonn daoine go leor ag plé leis an nGaeilge. Mar a déarfadh Pádraig Ua Maoileoin, is le neamhaistear a bhíonn siad á dhéanamh. Tá ráite ag Fachtna féin gur le Gaeilge a tógadh é féin. Dá n–éistfeadh ‘File’ leis an nGaeilge atá á labhairt sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann, táim cinnte de go bhfaigheadh sé fiche locht uirthi, idir Ghaeilge thraidisiúnta, Ghaeilge laghdaithe, agus Ghaeilge iarthraidisiúnta.
    Is teangeolaí mór le rá é Noam Chomsky, aontaíodh duine lena chuid polaitíochta radacaí, nó ná haontaíodh. Ní ghlacfadh Chomsky leis gur lochtanna ar chainteoir Béarla is ea ‘I done’ ná ‘I seen’ a rá. Is cuimhin liom féin a bheith ag dul abhaile ar an mbus blianta fada ó shin. Bhí fear agus mac óg dó ina suí gairid dom. ‘I saw it’ a dúirt an mac óg. ‘Don’t say “I saw it” arsa an t–athair, ‘say “I seen it”,’ gan aon bhréag ná magadh. Dar le Chomsky gur riail gan dealramh, riail a cumadh, is ea an t–idirdhealú a dhéantar sa Bhéarla galánta ar ‘I shall’ agus ‘I will’.
    Is cuimhin liom agallamh a cuireadh ar Mhoshe Dayan a léamh blianta ó shin. Saighdiúir mór le rá in Arm Iosrael ba ea Dayan. Ó Oirthear na hEorpa ba ea athair agus máthair Dayan. Mar a déarfadh Tomás Ó Cinnéide na Gráige, trócaire air, ní raibh ag muintir Dayan ach ‘Nua–Eabhrais na hainnise’, ‘Nua–Eabhrais na muice’. Níor stop sin iad ó í a labhairt. Taitníodh sé linn, nó ná taitníodh, an tslí ar cuireadh an teanga chumtha sin i gcion ar Mhuintir Iosrael, tá 9 milliún duine á labhairt inniu. Ní thógfaidh leanbh teanga ar bith mura labhraítear leis í.
    Béarlóir dúchais ó Chathair Luimnigh ba ea m’athairse, beannacht Dé lena anam. Ní osclódh an fear bocht a bhéal go poiblí go deo, le heaspa muiníne as a chuid Béarla.

  • Seán Fennell

    I ndeireadh na dála, cumarsáid atá ann idir tuismitheoirí/caomhnóirí agus a gcuid páistí. Mothaim go mbíonn sé scannallach nach labhraíonn Gaeilgeoirí le páistí s’acu féin i nG. Níos measa fós ná múinteoirí na nGaelscoileanna, nach labhraíonn G le páistí s’acu nó a chuireann páistí s’acu go scoil Bhéarla.
    Muna ndéanfádh muidne, na Gaeil, na Gaeilgeoirí beart de réir briathar, bhuel, stop den ghearán agus den chlamhsán agus beidh saol níos easca againn uilig in ionad ag tarraing trioblóide orainn féin ag briseadh ár gcroithe ar son na teanga sna gaelscoileanna le G a thabhairt do pháistí nach bhfuil G ar bith acu taobh amuigh den scoil. Comhrá agus plé foscailte, ionraic de dhíth ar an téama seo

  • Mise

    Tá sé chomh simplí le seo; Beatha Teanga í labhairt. I mo thuairimse, níl leiscéal ar bith ag muintir na Gaeltachta, atá Gaeilge acu, í a labhairt lena gclann. Rugadh i Londain Shasana mé féin agus labhairt m’athair Gaeilge liom i gcónaí, labhair mo mháthair Béarla liom ionas go mbeinn dátheangach. Sa lá atá inniu ann, áfach, tá Béarla chuile áit a théann muid, níl aon dul as, nílim ag iarraidh lucht a chur ar chainteoirí Bhéarla, ach má tá Gaeilge agat ar son Dé bí bródúil aisti agus labhair í! Bhog mé abhaile go hÉire nuair a bhí mé 6 bliana, bhí an oiread iontas orm agus baineadh geit asam nuair a bhí mé ag freastal ar chóisir breithlá cara i mo rang nuair a cathadh anuas orm i leith labhairt na Gaeilge. Tháinig mé isteach sa seomra agus bheannaidh mé chuile dhuine (I mo theanga dhúchais) agus bhí an oiread iontais orm nuair a dúradh ‘what’s wrong’ agus ‘’why are you speaking irish, we are outside of school’’. Ag an am níor thuig mé agus scaoil mé thairis mo chloigeann é ach ag breathnú siar, feicim fadhb mhór; An dearcadh i leith na Gaeilge. Is teanga bheo, luachmhar, shaibhir, shean, álainn í, teanga atá thart ar feadh na cianta. Caithfear an dearcadh seo a athrú agus í a choinneáil beo, go háirid i measc an aos óg. Ní oibreóidh sé má bhíonn tuismitheoirí le Gaeilge líofa ag blabaireacht leo i mBéarla lena ngasúir. Ba cheart do thuismitheoirí a bheith bródúil as a dteanga chun í a chur ar aghaidh ag an chéad ghlúin eile. Sin an dearcadh atá agam…freagra ó scoláire atá ag déanamh na hArdteiste.