Luimneach níos tomhaiste i mbun dháileadh an tsliotair

Is leor comhscór do Luimneach in aghaidh chontae an Chláir ach ní comhscór a bheidh ar intinn cheachtar de na foirne

Luimneach níos tomhaiste i mbun dháileadh an tsliotair

Iománaí Luimnigh, Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Is beag cluiche gan tábhacht a bhí againn sa chóras nua iomána. Amárach cuirfear críoch le cluichí na Mumhan agus, seachas Phort Láirge, tá foirne eile atá fágtha ar thóir áit i gcluiche ceannais an chúige. Ar an iomlán bhí an córas nua thar barr. Óna thús, ní raibh deireadh seachtaine ann nach raibh ar a laghad cluiche iontach amháin againn. 

Scríobhas roimh chluichí na seachtaine seo caite go raibh comharthaí ann gurb iad Luimneach an fhoireann is mó a bhfuil sé iontu an choróin a bhaint de Ghaillimh. Seacht lá ó shin i gcoinne na nDéise thugadar dúinn a thuilleadh fianaise a neartaíonn an tuairim sin. Rachaidh siad thar teorainn go baile na hInse amárach agus dúshlán mór eile rompu. 

Bhí ionadh orm nach bhfacamar Shane Dowling sa chéad dá cluiche a bhí acu agus beidh sé deacair é a fhágáil ar lár amárach i ndiaidh dó 0-15 a fháil an tseachtain seo caite. Tá a rún scaoilte anois ag Luimneach ach tá fógra tugtha chomh maith ag contae an Chláir go bhfuil siadsan ag feabhsú.

Tá Cláirínigh agus pobal na fuinseoige i gcoitinne ag fanacht ó 2013 le comhartha go bhfuil an contae ullamh le níos mó duaiseanna a bhuachaint. Thaispeáin siad teacht aniar an Domhnach seo caite a bhí in easnamh le tamall. Ach dar ndóigh ní scaoth breac agus caithfidh siad tógáil ar an obair sin amárach.

Bunaithe ar an méid atá feicthe agam den dá fhoireann i mbliana bheinn ag ceapadh go bhfuil foireann agus painéal níos láidre ag Luimneach. Chomh maith leis sin tá siad níos tomhaiste i mbun dháileadh agus úsáid an tsliotair. Caithfidh tosaithe an Chláir bheith níos meabhraí agus stuama ina gcur chuige mar rómhinic ar fad cuireann siad an iomad seansanna amú.

Beidh an t-atmaisféar iontach i bPáirc Uí Chíosóg agus tá súil agam go mbeidh an-choimhlint againn. Is leor comhscór do Luimneach ach ní dóigh liom gur comhscór a bheidh ar intinn cheachtar de na foirne. Tá mo chuid bonn giotáin ar Luimneach agam!  

I bPáirc Tom Semple a bheidh cluiche eile an lae amárach agus Corcaigh ar thóir áit sa chluiche ceannais agus deis an chraobh a thabhairt leo don dara bliain as a chéile. Is trua go mbeidh séasúr Phort Láirge críochnaithe amárach. Bhí an-mhí-ádh orthu ó thosach. Tá liosta fada de leithscéalta acu. Bhí siad gan ionad baile agus iad ag imirt ceithre seachtaine i ndiaidh a chéile. Bhí liosta fada d’imreoirí gortaithe orthu roimh an gcéad cluiche agus liosta níos faide fós ina dhiaidh. Rinneadh éagóir moltóireachta thar chuimse orthu i gcoinne Thiobraid Árann. Ghéill siad faoi dheireadh an tseachtain seo caite ach tá cluiche fós le himirt acu agus deir Derek McGrath go mbeidh siad ag dul chun páirce agus fonn orthu é a bhuachaint. 

Caithfidh Corcaigh an dá phointe a thabhairt leo chun áit a chinntiú i gcluiche ceannais na Mumhan an chúige.

Tá tuairimí éagsúla sa chontae faoi stíl imeartha na foirne i mbliana. Cloisim cuid maith gearán faoi na cúlaithe a bheith ag coimeád an tsliotair rófhada. Tá mórán cainte faoi theip na foirne buachaint ar Luimneach a bhí i dtaobh le ceathrar déag don chuid is mó den chluiche, agus faoin bhfarasbarr naoi gcúilín a bhí acu sa chluiche comhscóir i gcoinne Thiobraid Árann. Bhí tréimhsí eile sna cluichí sin ina rabhadar ar fheabhas ach táimid ag súil gur minice a fheicfimid na tréimhsí sin agus gur faide a mhairfidh siad.

Ba cheart go mbuafadh Corcaigh.  

Fág freagra ar 'Luimneach níos tomhaiste i mbun dháileadh an tsliotair'

  • píotar

    An fhadhb anois ná an iomarca traenála, an iomarca cluichí. Tuirsíonn an intinn go háirithe. An camán a chur i leataoibh, gan féachaint air fiú, má taoi i ngreim ag diansceideal comórtais amhail mar atá leagtha amach sa chóras nua. Briseadh iomlán….ar feadh seachtaine. Féach Luimneach inné, níorbh aon phaiste iad ar an bhfoireann a bhí á fhéachaint le Corcaigh. Tuaiplisí agus tuirse.