Lucht tarrthála tagtha i gcabhair ar ghrúpa siúlóirí Gaeltachta

Dúirt Tarrtháil Sléibhte na Gaillimhe i ndiaidh na heachtra gur cuireadh fios orthu nuair a gortaíodh siúlóir sléibhe i gceantar an Líonáin

Lucht tarrthála tagtha i gcabhair ar ghrúpa siúlóirí Gaeltachta

Pictiúr: Galway Mountain Rescue (Facebook)

Tháinig foireann Tharrtháil Sléibhte na Gaillimhe (GMR) i dtarrtháil ar ghrúpa siúlóirí Gaeltachta ar bhain eachtra dóibh ar Shléibhte Mhám Toirc ag an deireadh seachtaine.

Dúirt GMR i ráiteas a eisíodh i ndiaidh na heachtra gur cuireadh fios orthu nuair a gortaíodh siúlóir sléibhe i gceantar an Líonáin. Tugadh le fios níos deireanaí gur gortú coise a bhí i gceist agus gur tharla an eachtra gar do Shlí an Iarthair, bealach aitheanta siúil a shíneann ó Uachtar Ard i gcontae na Gaillimhe go Béal an Átha i Maigh Eo.

Bhí foireann GMR i mbun traenála i Sléibhte Mhám Toirc le grúpa iarrthóirí nua don fhoireann nuair a fuarthas an glaoch ón Líonán. Tháinig an fhoireann i gcabhair “ar an bpointe boise” ar an ngrúpa a bhí i dtrioblóid agus tugadh an fear a gortaíodh ar láimh don otharcharr a bhí ag fanacht air.

Tuigtear do Tuairisc gur ag siúl le cumann siúlóide atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara a bhí an fear a gortaíodh. Tá seacht gcumann déag de chuid Chumann Sléibhteoireachta na hÉireann lonnaithe i gcontae na Gaillimhe agus bíonn a bhformhór acu siúd ag siúl i sléibhte Chonamara agus Mhaigh Eo. Bhí an ghaoth chomh láidir le Fórsa 9 i gConamara agus ráigeanna troma báistí ann nuair a tharla an eachtra.

Fág freagra ar 'Lucht tarrthála tagtha i gcabhair ar ghrúpa siúlóirí Gaeltachta'