Lucht feachtais agus BBC Alba in adharca a chéile faoi thuarascáil bhliantúil an stáisiúin

An lámh in uachtar ag an mBéarla ar an stáisiún, a deir GáidhligTV, ach maíonn BBC Alba go gcinnteoidh a straitéis rath an stáisiúin

bbc albaLéiríonn Tuarascáil Bhliantúil BBC Alba 2014/15 “go bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla ar an stáisiún”, dar leis an eagras GáidhligTV.

Dúirt cathaoirleach an stáisiúin Magaidh Choineagan sa tuarascáil go bhfuil bord BBC Alba “ag leanúint orainn ag tabhairt togha na haire do thosaíocht na Gáidhlig ar gach clár”.

Dúirt urlabhraí GáidhligTV le Tuairisc.ie, áfach, gur “údar mór díomá” an tuarascáil agus torthaí suirbhé ar an lucht féachana, a foilsíodh an tseachtain seo chomh maith.

Dar le GáidhligTV, a bunaíodh le cur i gcoinne ró-úsáid an Bhéarla ar BBC Alba, gur léir ón tuarascáil go bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla ar an stáisiún agus nach bhfuil aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh athrú air sin amach anseo.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa le Tuairisc.ie go raibh an méid a dúirt cathaoirleach BBC Alba i mbrollach na tuarascála ag teacht salach ar a ndúirt sí in agallamh a rinne sí le Nuacht BBC Alba. Le linn an agallaimh sin, dúirt an Cathaoirleach “nach bhfuil BBC Alba cúramach ó thaobh úsáid na Gáidhlig”.

Maidir le ceist na bhfotheideal Béarla atá ag dó na geirbe ag GáidhligTV freisin, thug móramh de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé a rinneadh ar lucht féachana BBC Alba le fios gur aithin siad tábhacht na bhfotheideal do lucht féachana gan Gáidhlig ach go mba cheart go mbeadh rogha ann.

Tá BBC Alba ag ‘fiosrú na roghanna’ maidir le fotheidil roghnacha ach deirtear sa tuarascáil go leanfar leis na fotheidil loiscthe go dtí go mbeifear in ann fotheidil roghnacha a sholáthar ar gach ardán.

Mhaígh roinnt daoine a ghlac páirt sa suirbhé freisin nach raibh Gáidhlig go leor ann i gcuid de na cláir a chraoltar ar an stáisiún.

B’ionann na cláir seo le fírinne, a dúradh, agus cláir ‘Bhéarla’ a raibh an Gháidhlig mar ‘mhaisiú’ beag orthu. Dúradh freisin go raibh fadhb leis an méid ábhar Béarla a bhíonn ar an stáisiún.

“Bhí an bharúil ann nár cheart cur isteach ar an méid Gáidhlig a bhíonn ar chlár ar mhaithe leis an iarracht daoine gan Gáidhlig a mhealladh,” a deirtear sa suirbhé.

Mhaígh BBC Alba gurb í aidhm an stáisiúin freastal ar lucht féachana Gáidhlig agus lucht féachana náisiúnta agus gur féidir freastal ar an dá ghrúpa ag an am céanna.

Maíodh freisin gur aithníodh agus gur tuigeadh an bhuairt faoina laghad Gáidhlig ar an stáisiúin ach gurb é an straitéis atá i bhfeidhm faoi láthair is fearr a chinnteoidh go mbeidh rath ar BBC Alba.

Fág freagra ar 'Lucht feachtais agus BBC Alba in adharca a chéile faoi thuarascáil bhliantúil an stáisiúin'