Louis De Paor, Áine Ní Ghlinn agus Liam Ó Maonlaí i measc na n-aíonna ag Féile Bheag Filíochta Chorca Dhuibhne

Seolfar an Fhéile Bheag Litríochta sa Mhúsaem ar an Bhuailtín i mBaile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, tráthnóna

Louis De Paor, Áine Ní Ghlinn agus Liam Ó Maonlaí i measc na n-aíonna ag Féile Bheag Filíochta Chorca Dhuibhne

Beidh scannáin, filíocht, ceardlanna, seisiúin cheoil agus siúlóidí ar siúl in Iarthar Duibhneach an deireadh seachtaine seo, mar a mbeidh an 12ú Féile Bheag Filíochta faoi lán seoil.

Seolfar an Fhéile Bheag sa Mhúsaem ar an Bhuailtín i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne, tráthnóna ag a 7pm.

Seolfar ina dhiaidh sin leabhar nua Sheáin Uí Leocháin Ar Áit na mBonn, atá foilsithe ag Coiscéim.

Tabharfaidh an Dochtúir Rióna Ní Fhrighil léacht ar chearta an duine agus an fhilíocht agus ina dhiaidh sin arís beidh oíche cheoil, dánta agus amhránaíochta ann le Máire Ní Bheaglaoich agus a cairde.

I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl ar an Satharn, beidh ceardlanna filíochta i dteannta na bhfilí Áine Ní Ghlinn agus Peter Sirr agus beidh Louis De Paor, Máirín Nic Eoin agus Gréagóir Ó Dúill páirteach sa seimineár ‘Bhfuil meas ar an bhFilíocht?’ ag a 3pm, faoi chathaoirleacht Alan Titley.

Oíche Dé Sathairn, a bheas ceolchoirm na féile ar siúl in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, mar a mbeidh Liam Ó Maonlaí agus aoi-fhilí i mbun ceoil agus filíochta.

An ceoltóir agus an t-amhránaí Méabh Ní Bheaglaoich a chuirfidh clabhsúr ar an fhéile maidin Dé Domhnaigh.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil mar gheall ar an Fhéile anseo.

Fág freagra ar 'Louis De Paor, Áine Ní Ghlinn agus Liam Ó Maonlaí i measc na n-aíonna ag Féile Bheag Filíochta Chorca Dhuibhne'