Ní minic a thagann duine ar láthair stairiúil nach bhfuil an oiread sin cur amach ag daoine uirthi. Tá an oiread sin fógraíochta ann anois, suímh idirlín, taispeántais idirghníomhacha agus a leithéid, gur beag an baol go ndéanfaí dearmad ar láthair stairiúil ná go ndéanfadh daoine neamhaird ar a leithéid.
Agus mé i dtuaisceart na hIodáile le seachtain anuas, ar bhruach Loch Como, tháinig mé ar láthair stairiúil – ach ní raibh sé an-éasca í a aimsiú agus ní mór an chabhair a thug na comharthaí turasóireachta dom.
Ochtó a haon bliain go ham seo, bhí an Dara Cogadh Domhanda ag druidim chun deiridh.
San Iodáil, bhí na fórsaí Faisisteacha faoina gceannaire Mussolini ag teitheadh ó thuaidh áit a raibh ‘rialtas’ de shórt bunaithe aige. Ach bhí fórsaí na gcomhghuaillithe ag déanamh dul chun cinn lá i ndiaidh lae, agus iad ar thóir Mussolini agus a bhuíon saighdiúirí.
Nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag déanamh a mbealach ó thuaidh, thar an Líne Ghotach [Linea Gotica] a bhí baiste ag an nginearál Kesselring ar ‘líne’ a chuaigh soir siar trasna na hIodáile, tháinig na Páirtiseánaigh áitiúla amach ag troid go hoscailte in éindí leo chun an tír a shaoradh ón bhfaisisteachas. Bhí go leor grúpaí éagsúla bainteach leo sin – Cumannaigh, trodaithe áitiúla, Caitlicigh agus mar sin de. Ach tharraing siad go maith le chéile san iarracht mhór dheireanach seo.
Bhí Mussolini, a leannán Clara Petacci agus a bhuíon lucht tacaíochta ag taisteal in aice le Loch Como agus iad i bhfolach i measc buíon saighdiúirí Gearmánacha. Go deimhin bhí éide Ghearmánach á caitheamh ag Mussolini féin. Stop na Páirtiseánaigh an conbhua agus d’aithin duine acu Mussolini. Gabhadh é féin agus an dream Iodálach a bhí ina theannta.
Go dtí go mbreathnódh tú ar léarscáil den cheantar, ní thuigfeá cé chomh gar is a bhí sé don teorainn – bhí an Eilvéis (tír neodrach) an-ghar agus bhí sé gar go maith freisin do cheantar a bhí fós faoi smacht na Gearmáine. Bhí sé gar freisin do na pasanna tras-Alpacha agus don iliomad bealach amach as an Iodáil. Seans éalaithe aige agus é ag súil go mb’fhéidir nach n-aithneofaí é.
Ach ní mar sin a tharla. Tugadh isteach iad go Halla an Bhaile Mhóir i Dongo, ar bhruach Loch Como. Tá músaem i gcuimhne ar dheireadh an chogaidh i Halla an Bhaile Mhóir anois. Is féidir an cillín beag thíos faoin urlár inar coinníodh Mussolini a fheiceáil ar an turas thart ann. An lá ar thug muid cuairt air ní raibh ann ach muid féin. Ach seans go dtugtar scata gasúr scoile ann ar thurais oideachais.
Tá an chearnóg taobh amuigh den halla díreach mar a bhí an lá sin os cionn 80 bliain ó shin. Tá an t-óstán in aice láimhe ann ón 18ú haois. Thosaigh na sluaite ag cruinniú ansin nuair a chuala siad go raibh Mussolini gafa.
Thug na Páirtiseánaigh Mussolini agus Clara Petacci ar ais go dtí baile beag Mezzegra. Níl Mezzegra ach achar gearr siúil ón áit a raibh muidne ag fanacht i Tremezzo. Níl sé éasca siúl in aon áit ar na príomhbhóithre sa cheantar seo – is ar éigean go bhfuil spás le haghaidh dhá charr ar aon cheann de na bóithre. Bhí tuairim againn cá raibh an láthair stairiúil eile a raibh baint aige le Mussolini. Is in Iodáilis atá an teideal fiú amháin ar mhapa Google ‘Fucilazione di Benito Mussolini’.
Nílim ag rá go bhfuil siad ag iarraidh an fhírinne a cheilt ach is fíor a rá nach bhfuil siad ag déanamh aon scéal mór faoi go háitiúil. Agus muidne ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu bóthar a thógfaimis, thugamar faoi deara go raibh comhartha ann do ‘shuíomh stairiúil’ ach sin a raibh ann faoi scéal.
Séard a tharla ná, ar an 28 Aibreán 1945, tugadh Mussolini agus Clara Petacci chomh fada le Mezzegra agus coinníodh oíche amháin i Villa Belmonte iad. Tuigeadh go raibh siad le tabhairt as sin go cathair Milano, agus bheadh triail ann. Ní triail go dtí é, measadh.
Ach ní mar sin a tharla. Tugadh amach as an villa iad agus cuireadh ina seasamh iad ag an ngeata. Bhí ordú tar éis teacht ó dhream éigin sna frithfhaisistigh, go raibh siad le cur chun báis. Chlis ar an ngunna sa gcéad dá iarracht ach d’éirigh leis na cinn ina dhiaidh sin.
Tá an geata agus an áit thart air, díreach mar a bhí i 1945. Greamaithe don dá phosta, tá pictiúir dubh agus bán den bheirt, Mussolini agus Petacci. Agus cros mhór dhubh lena ainm siúd – díreach mar a bheadh ar láthair timpiste bóthair nó a leithéid sa tír seo.
Nuair a bhí an beart déanta, tugadh an dá chorp ar aghaidh go Milano mar a bhí beartaithe ón tús. Crochadh iad bunoscionn sa gcearnóg láir agus fágadh ann iad ar feadh cúpla lá le go bhfeicfeadh oiread agus ab fhéidir cén deireadh a bhí acu.
Ní raibh a fhios ag Mussolini cad a bhí tarlaithe dá dhlúthchara Adolf Hitler ach cúpla lá ina dhiaidh sin ar an 30 Aibreán chuir seisean láimh ina bhás féin. Fear eile nár éirigh leis an dlí ná an chúirt é a chur faoina thriail.
Tá neart eile faoi dheireadh an chogaidh le feiceáil thart sa cheantar – ‘La Fine della Guerra’ mar a thugann siad ar thogra staire a insíonn chuile scéal faoin deireadh. Níl ann ach gur mheas mé go raibh siad ag iarraidh gan a bheith ag déanamh mórán faoin láthair ar ar maraíodh Mussolini féin. Tá seans ann nach bhfuil siad ag iarraidh go mbaistfí ‘laoch’ air.
Dúirt ár dtreoraí linn go bhfuil gariníon leis, Alessandra, fós sa nuacht. Toghadh í ina polaiteoir do Pharlaimint na hEorpa tráth. Agus cá bhfuil sí anois? Ag glacadh páirt sa tsraith ‘Big Brother’ ar theilifís na hIodáile – Grande Fratello VIP.
Níl siad imithe, tá a fhios agaibh.
Fág freagra ar 'Loch Como, Villa Belmonte agus laethanta deiridh Mussolini'