LITIR ÓN mBRASÁIL: Níl a leithéid ann agus ‘Earrach Mheiriceá Theas’…

Bhí mórachrann polaitiúil i nach mór chuile thír i Meiriceá Theas i mbliana, ach scéal ar leith é gach scéal

LITIR ÓN mBRASÁIL: Níl a leithéid ann agus ‘Earrach Mheiriceá Theas’…

Bhí páirt ag ceannaire an fhreasúra i Veiniséala, Juan Guaidó, in éirí amach míleata ar cuireadh stop leis

Agus téarma príosúin 20 bliain gearrtha ar uachtarán reatha Shuranam, Desi Bouterse, Dé hAoine seo caite, as a bheith páirteach i sléacht inar céasadh agus inar dúnmharaíodh 15 Suranamach 35 bliain ó shin, níl tír ar bith fágtha i Meiriceá Theas nár tharla eachtraí polaitiúla tromchúiseacha ann i mbliana.

Tharla eachtra a bhféadfaí coup d’état a thabhairt uirthi sa Bholaiv agus b’éigean don iar-uachtarán Evo Morales teitheadh go Meicsiceo.

Bhí páirt ag ceannaire an fhreasúra i Veiniséala, Juan Guaidó, in éirí amach míleata ar cuireadh stop leis; tá Nicolás Maduro fós i gceannas ar an tír (agus neart Veiniséalach fós ag teitheadh aisti).

Maraíodh daoine in oll-léirsithe sa tSile agus in Eacuadór. (Bhí oll-léirsithe sa Cholóim freisin, ach níor maraíodh éinne.)

Sa Bhrasaíl, tháinig an t-uachtarán fíorchoimeádach Jair Bolsonaro i gcumhacht agus scaoileadh Lula, iar-uachtarán iomráiteach na tíre agus ceannaire an fhreasúra, amach as príosún.

Lánscoireadh parlaimint Pheiriú, vótáladh amach na rialtais a bhí i gcumhacht san Airgintín agus in Uragua, ba bheag nár táinsíodh uachtarán Pharagua agus tá uachtarán na Guáine, David Granger, fós in oifig in ainneoin vóta mímhuiníne ina choinne anuraidh.

An t-aon chúinne bheag de Mheiriceá Theas nár tharla mórachrann polaitiúil ann i mbliana, go deimhin, ná Guáin na Fraince.

Mhaithfí don té i bhfad ó bhaile a bheadh ag breathnú ar nuacht Mheiriceá Theas a cheapadh go bhfuil baint ag na heachtraí seo ar fad lena chéile, go bhfuil ‘Earrach’ éigin ar bun ar an mór-roinn, macasamhail an ‘Earraigh Arabaigh’ a tharla i dtuaisceart na hAfraice agus sa Mheánoirthear ag tarraingt ar dheich mbliana ó shin, agus go deimhin bhí tráchtairí idirnáisiúnta ann a tharraing an téarma sin amach as tarraiceán na gceannlínte a thugann míniú simplí ar chúrsaí casta.

Ní hé gur spreag achrann polaitiúil i dtír amháin achrann polaitiúil i dtír eile agus gur scaip zeitgeist míshásta éigin fud fad na mór-roinne. Is é an chaoi gurb iad na seanfhadhbanna céanna a shamhlaítear le Meiriceá Theas – an chaimiléireacht fhorleathan, claonadh chun údarásaíochais na gceannairí agus, thar aon rud eile, saoirse na gceannairí céanna ó phionós – ba chúis leis an achrann polaitiúil i ngach tír acu.

Maidir le huachtarán Shuranam Desi Bouterse – an scéal is tromchúisí, seans, de na scéalta seo ar fad – beidh le feiceáil an rachaidh sé go príosún dáiríre. Beidh achomharc á dhéanamh ag a chuid dlíodóirí i gcoinne na breithe a ghearr armchúirt a thíre air an tseachtain seo caite. Fiú má chiontaítear arís é, is iomaí bealach lena phionós a sheachaint a bheidh ar fáil ag an bhfear a bhí ina dheachtóir ar Shuranam idir 1980 agus 1988 agus atá ina uachtarán, a toghadh go daonlathach, ó 2010 i leith.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN mBRASÁIL: Níl a leithéid ann agus ‘Earrach Mheiriceá Theas’…'