LITIR ÓN mBRASAÍL: ‘Ar chuala tú céard a tharla nuair a d’ionfhabhtaigh an coróinvíreas Jair Bolsonaro?’

Is é Jair Bolsonaro an t-aon cheannaire domhanda a shéanann comhairle an WHO maidir leis an gcoróinvíreas go hoscailte. Cuireann iompar an uachtaráin déistin ar go leor Brasaíleach, ach tugann sé ugach do go leor eile

LITIR ÓN mBRASAÍL: ‘Ar chuala tú céard a tharla nuair a d’ionfhabhtaigh an coróinvíreas Jair Bolsonaro?’

Seo drochjóc atá i mbéal an phobail sa Bhrasaíl faoi láthair:

‘Ar chuala tú céard a tharla nuair a d’ionfhabhtaigh an coróinvíreas Jair Bolsonaro? Chonaic an víreas céard a bhí istigh i gcloigeann an fhir sin, agus ansin chuir an víreas lámh ina bhás féin.’

Míniú é an scéal grinn sin, seans, ar cheann de rúndiamhra móra na linne seo: cén chaoi is féidir nach bhfuil Covid-19 ar Jair Bolsonaro nuair atá an galar sin ar bhreis agus fiche duine a thaistil go dtí na Stáit Aontaithe ina chuideachta?

Ach léiriú é an scéal grinn freisin ar an ngráin dhearg atá ag cuid de phobal na Brasaíle ar a n-uachtarán – gráin atá tar éis dul i méid ó thosaigh Jair Bolsonaro ag déanamh beag is fiú de ráig an choróinvíris, ag rá nach bhfuil sa ghalar Covid-19 ach ‘slaghdán beag’, agus é ag dul amach i measc an phobail chun lámha lucht a leanta a chroitheadh nuair atá lucht leighis ar fud an domhain ag impí ar dhaoine fanacht amach óna chéile go fisiciúil. Tá sé ina chogadh dearg idir an t-uachtarán agus a aire sláinte féin, Luiz Henrique Mandetta, agus tá an freasúra ag éileamh ar an uachtarán éirí as oifig.

Ní hiad muintir na Brasaíle amháin ar chuir iompar Bolsonaro as dóibh. An tseachtain seo, bhain Twitter, Facebook agus Instagram dhá fhíseán de chuid uachtarán na Brasaíle dá chuntas pearsanta, físeáin ina raibh sé le feiceáil agus é ag dul amach i measc slua daoine agus inar cháin sé an scaradh sóisialta, beag beann ar chomhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO).

Agus a phort athraithe ag Donald Trump, is é Jair Bolsonaro an t-aon cheannaire domhanda a shéanann nach bhfuil gá leis na dianbheartais atá á gcur i bhfeidhm ar fud na cruinne d’fhonn srian a choinneáil le scaipeadh an choróinvíris. Go deimhin, tá sé glan i gcoinne na mbeartas atá curtha i bhfeidhm ag gobharnóirí na stát éagsúil sa Bhrasaíl agus ag méaraí na gcathracha.

Scéal amháin ag na ceannairí áitiúla agus ag an aire sláinte mar sin, scéal eile ar fad ag uachtarán na tíre, agus mearbhall ar an bpobal. Fad is atá cuid de mhuintir na Brasaíle ag cloí leis na srianta ar an saol atá curtha i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla, tá neamhaird á déanamh díobh ag sciar eile den phobal – agus feictear dom go bhfuil an sciar sin ag dul i méid le cúpla lá anuas. In ainneoin go bhfuil siad ceaptha a bheith dúnta, tá dhá cheann de na cheithre bheár sráide sa cheantar ina bhfuil cónaí orm féin ag feidhmiú go hoscailte, agus tarraingt ag cuid de na comharsana orthu.

‘Thug Bolsonaro misneach dom. Caithfear misneach a chur i ndaoine seachas scéin a chur iontu. Ní féidir leis an tír stopadh,’ a dúirt mo chara Diego Lopes, a bhfuil cónaí air i mbruachbhaile bocht de chuid chathair Salvador, atá dífhostaithe le trí mhí anuas, a bhfuil a mhac ocht mbliana d’aois ina chónaí leis, agus a bheadh ag brath ar chúnamh ó chairde agus gaolta le greim a choinneáil ina bhéal dá bhfanfadh sé istigh, mar atá á mholadh ag na húdaráis áitiúla. Chaith Diego an chuid is mó den tseachtain seo caite sáinnithe ina theachín beag d’fhonn an coróinvíreas a sheachaint, gan deoir uisce as an sconna lena lámha a ní toisc go bhfuil an soláthar lochtach. An lá tar éis don uachtarán a mholadh do dhaoine dul ar ais ag obair, chuaigh sé amach ar an tsráid ar thóir poist.

Is go rímhaith a thuigeann Jair Bolsonaro gur ola ar a gcroí a chuid focal do na scórtha milliún Brasaíleach nach mbeidh ar a gcumas greim a choinneáil faoin bhfiacail má leanann na srianta atá curtha ar an saol i bhfad eile – ar éigean gur leor an cúnamh éigeandála stáit ar luach €100 sa mhí a bheidh á chur ar fáil dóibh. Ar ndóigh, tá an éagothromaíocht ollmhór idir saibhir agus daibhir sa Bhrasaíl tar éis fás a thuilleadh ó tháinig Jair Bolsonaro i gcumhacht agus is iomaí duine a déarfadh leat gurb iad leasa eacnamaíocha na gcomhlachtaí móra atá ar aigne an uachtaráin seachas leasa na cosmhuintire, ach bíodh sin mar atá, dá mhéid an ghráin atá ag cuid den phobal air, tá ag éirí leis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine eile.

Fág freagra ar 'LITIR ÓN mBRASAÍL: ‘Ar chuala tú céard a tharla nuair a d’ionfhabhtaigh an coróinvíreas Jair Bolsonaro?’'