LITIR Ó NUA-EABHRAC: Ionsaithe, imní agus sábháilteacht, ar an Subway

D’ísligh an ráta coiriúlachta ar an Subway anuraidh, ach bhí an ráta go dtí an 10 Márta i mbliana 13% níos airde ná an tréimhse chéanna anuraidh

LITIR Ó NUA-EABHRAC: Ionsaithe, imní agus sábháilteacht, ar an Subway

Níor cheil David an t-iontas a bhí air go raibh Éireannach a shíl sé a bhí stuama ag taisteal ar an Subway gach lá beagnach ó tháinig sé go Nua-Eabhrac.

“Chuaigh mé féin agus m’iníonacha ar an Subway go Times Square cúpla bliain ó shin. Ní rabhamar ar ár suaimhneas arís go rabhamar os cionn talún.

“Bhí boladh fuail sna carráistí, salachar ar fud na háite agus daoine dainséaracha den uile chineál thart timpeall orainn, gan trácht ar dhaoine a bhí as a meabhair. An rachainn air arís? Seans dá laghad!”

Ní foláir a rá nach i Nua-Eabhrac ach ar an mbruach thiar den Hudson i New Jersey atá cónaí ar David, bainisteoir meánaosta monarchan, agus gur ina ghluaisteán a théann sé gach áit de ghnáth. Is sampla maith a ndúirt sé mar sin féin den dearcadh atá ag go leor Meiriceánach ar an Subway – an córas iarnróid cathrach (472 stáisiún agus 1,100 ciliméadar) is mó sna Stáit Aontaithe.

Fiú mura n-aontaíonn siad le tuairim Donald Trump, a mhaígh anuraidh gur mó ná riamh líon na ndaoine a bhí á ndúnmharú agus á n-ionsaí sa chathair (léiríonn na figiúirí a mhalairt), seachnaíonn mórán an Subway ar na cúiseanna céanna le David.

Cothaíonn tuairisciú sna meáin, idir an fhírinne chruinn agus an áibhéil, a míshuaimhneas.

Ní leasc leis an New York Post scéal chailleach an uafáis a dhéanamh de mhionscéal. Ní raibh ar fhoireann an pháipéir mórán dua a chur orthu féin áfach agus ceannlíne fhada á cumadh acu don eagrán a foilsíodh Déardaoin:

‘DERANGED SUBWAY RIDER SHOT WITH HIS OWN GUN WILL BE CHARGED IF HE SURVIVES AS COPS HUNT FOR WOMAN WHO STABBED HIM’

Físeáin a scaipeadh ar na meáin shóisialta is túisce a chuir an pobal ar an eolas faoin achrann a tharla in Brooklyn ar an 14 Márta. Le linn achrainn ar thraein idir triúr paisinéirí, tharraing fear gunna amach as a phóca, thóg paisinéir an gunna uaidh, scaoil sé leis agus goineadh é sa chloigeann, agus sháigh bean é sa droim le scian.

Tá drochbhail fós ar an bhfear gonta in ospidéal. Deir na póilíní, mar is léir ón gceannlíne thuas, go gcúiseofar é má thagann sé slán. Ní chúiseofar an paisinéir a lámhach é lena ghunna toisc go nglactar leis gur á chosaint féin a bhí sé.

Tá idir ábhar sóláis agus ábhar imní sna tuairiscí ar choireanna ar an Subway a chuireann póilíní Nua-Eabhrac agus an t-údarás atá freagrach as an gcóras iompair (an MTA) ar fáil.

D’ísligh an ráta coiriúlachta ar an Subway anuraidh, ach bhí an ráta go dtí an 10 Márta i mbliana 13% níos airde ná an tréimhse chéanna anuraidh.

Rinneadh 570 ionsaí coiriúil ar phaisinéirí anuraidh ach deir an MTA gur chóir cuimhneamh go ndeachaigh os cionn billiún duine ar thurais ar an Subway in 2023.

Ní mhaolaíonn staidreamh casta míshuaimhneas, áfach, go háirithe nuair a dhúisíonn rabharta ionsaithe, mar a tharla le gairid, aird na meán.

Mar a rinne na heachtraí is measa i mbliana.

Mí Eanáir, maraíodh fear 45 bliain d’aois le gunna ar thraein in Brooklyn nuair a rinne sé iarracht stop a chur le hionsaí.

Mí Feabhra, maraíodh fear óg agus goineadh cúigear ‘le linn argóna’ ag stáisiún sa Bhronx. Sádh turasóir ón Bhrasaíl sa mhuineál i stáisiún i gceantar Queens. Lámhachadh fear le linn troda ar thraein sa Bhronx.

Go dtí seo an mhí seo, chomh maith leis an eachtra a bhfuil cur síos uirthi thuas, thit fear 64 bliain i mullach na ráillí nuair a ciceáladh é ag stáisiún i Manhattan. Gortaíodh stiúrthóir traenach go dona nuair a sádh é le scian in Brooklyn.

Gan dabht, agus drochionsaithe dá leithéid á bplé, ní foláir cuimhneamh go bhfuil daonra Nua-Eabhrac (8.5 milliún duine) níos mó ná daonra na hÉireann (7.9 milliún). Ach, mar a dúirt daoine a théann ar an Subway go minic leis an scríbhneoir seo, ní haon sólás é an neamhdhóchúlacht má bhíonn daoine teanntaithe ar thraein agus paisinéir ag troid nó ag bagairt ar dhuine nó ar dhaoine eile.

An phríomhchúis imní? Ní hionann agus ionsaithe in áiteanna eile, ní féidir éalú ó láthair an ionsaithe ar thraein faoi thalamh. Ní féidir a bheith cinnte ach oiread cén paisinéir atá sa charráiste céanna leat a bhfuil fonn troda nó bagartha air, nó meabhairghalar ag cur as dó.

Ghníomhaigh na polaiteoirí gan mhoill an mhí seo caite ar dhóigh a bhí feiceálach ach a spreag idir imní agus bhuíochas. D’fhógair méara Nua-Eabhrac, Eric Adams go gcuirfí 1,000 póilín ar dualgas ag stáisiúin an Subway chun málaí a chuardach. Tharraing gobharnóir an stáit, Kathy Hochul aird na meán ar fud na tíre nuair a d’fhógair sí go mbeadh 750 comhalta den Gharda Náisiúnta ar dualgas freisin ag stáisiúin áirithe.

Níl méara ná gobharnóir nua le toghadh i mbliana ach tá cúrsaí polaitíochta chomh maith le sábháilteacht ag déanamh tinnis don bheirt. Is dlúthchuid thraidisiúnta de chur chuige iarrthóirí Poblachtánacha é faillí a chur i leith na nDaonlathach maidir le neamhord i Nua-Eabhrac. Beidh go leor Daonlathach faoi bhrú i dtoghcháin eile mura dtagann feabhas ar chúrsaí idir seo agus mí na Samhna.

Mar is eol do dhuine ar bith a thaistealaíonn ar an Subway fiú ó am go chéile, cothaíonn daoine a bhfuil meabhairghalar orthu agus ar léir nach bhfuil cóir leighis mar ba chóir á cur orthu, míshuaimhneas agus faitíos atá réasúnta. Mar a rinne paisinéir a chaith mála trom le bean a bhí ina suí le hais an scríbhneora seo ar thraein cúpla bliain ó shin. Mar a rinne fear ard téagartha ar thraein eile a thosaigh ag bagairt ar phaisinéir nach raibh aon bhaint aige leis agus nár labhair leis fiú amháin. Bhí gach duine a bhí cóngarach faiteach gur stop an traein ag stáisiún agus deis againn teitheadh.

Céard is féidir le turasóir as Éirinn, a thagann ar cuairt ó am go ham, a rá faoi chomhairle David, a dúirt gur chóir an Subway a sheachaint? Go háirithe má tá fonn ar dhaoine taisteal go sciobtha ar bheagán costais.

Ná bíodh faitíos as cuimse ort ar thraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac. Ach bí aireach, i gcónaí.

Fág freagra ar 'LITIR Ó NUA-EABHRAC: Ionsaithe, imní agus sábháilteacht, ar an Subway'