Ar leathanach tosaigh phríomhnuachtán Ghlaschú The Herald Dé Céadaoin seo caite bhí grianghraf mór de na hagóidí sráide sa Chatalóin, bratach an neamhspleáchais an Estelada ag fógairt orm ón seastán irisí sa stáisiún traenach. Ar nuachtáin na Breataine ní raibh ann ach cúrsaí an Bhreatimeachta nó pé áiféis a bhí curtha ar fáil ag an bpreas tablóideach an mhaidin úd.
Aimsíodh spás gach maidin i measc na dtuairiscí ón mBruiséil ar BBC Radio Scotland le seachtain anuas chun cúrsaí na Catalóine a phlé. In ainneoin go bhfuil cáil an aontachtais ar chuid mhór de mheáin chumarsáide na hAlban tuigeann siad mar sin féin gur suim leis an bpobal scéalta as tíortha beaga eile ina bhfuil ceisteanna neamhspleáchais agus féiniúlachta go mór i dtreis.
Tá an Breatimeacht agus neamhspleáchas na hAlban fite fuaite ina chéile, dar ndóigh, agus tá faobhar á chur ar na sceana ag an Scottish National Party ó reifreann an Bhreatimeachta i leith. Cé gur vótáil móramh de phobal na hAlban ar son fanacht san Aontas Eorpach, a dúirt an ChéadAire Nicola Sturgeon, bhíothas ag caitheamh ‘go héagórach’ le hAlbain toisc nár deineadh aon eisceacht di sa mhargadh leis an Eoraip, cé gur cuireadh socrú speisialta i bhfeidhm i gcás an Tuaiscirt.
‘Tá sé níos soiléire ná riamh sna cúinsí seo gurb é an neamhspleáchas is mó a dhéanfaidh leas na hAlban,’ a dúirt sí leis an Herald, ‘agus táimse diongbháilte an rogha sin a chur ar fáil’.
Go deimhin, d’fhógair Sturgeon ag comhdháil bhliantúil a páirtí le déanaí go raibh sé i gceist aici an tarna reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a reáchtáil an bhliain seo chugainn. Is fada an SNP ag teacht i dtír ar an dtranglam atá de dhlúth agus d’inneach i bpolaitíocht Westminster ó reifreann an Bhreatimeachta i leith agus tá muinín acu go n-éireoidh go han-mhaith leo sa chéad olltoghchán eile sa Bhreatain rud a d’fhágfadh go bhféadfadh cothromaíocht na cumhachta a bheith acu.
Beag beann ar pé tuairim phearsanta i leith an neamhspleáchais a bheadh agat, caithfear a admháil gur polaiteoir ríchumasach í Sturgeon go háirithe le hais amadántaíocht Boris Johnson agus a lucht leanúna. Deirtear gur duine an-cháiréiseach í agus tá sí ag brath ar shocrú dlíthiúil a dhéanamh idir Holyrood agus Westminster faoi alt 30 d’Acht na hAlbain 1998, uirlis a cheadaíonn reifreann neamhspleáchais a reáchtáil má aontaíonn an dá thaobh é.
Ba léir go dtí seo nár mhian léi sampla na Catalóine a leanúint nuair a reáchtáil rialtas réigiúnach Carles Puigdemont reifreann ar neamhchead do rialtas na Spáinne in 2017, cinneadh a chuir an lasair sa bharrach ó thaobh na polaitíochta thall agus a ghoin an ghluaiseacht neamhspleáchais go mór.
Mar sin féin, tá tacaíocht chaolchúiseach tugtha ag Sturgeon do na Catalónaigh agus tá sé suntasach gur cháin sí na pianbhreitheanna géara a gearradh ar cheannairí na gluaiseachta tráth nach raibh le clos ó phríomhchathracha na hEorpa ach tost bodhraitheach. Tuigeann sí chomh maith gur fuath leis an gcuid is mó de mhuintir na hAlban an idé-eolaíocht nualiobrálach frith-Eorpach atá á craobhscaoileadh ag na Tóraithe agus go bhfuil gluaiseacht neamhspleáchais na hAlban ag cruinniú nirt arís i bhfianaise an Bhreatimeachta.
Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil 50 faoin gcéad de phobal na hAlban ar son imeacht ón Ríocht Aontaithe, ghlac suas le 200,000 duine páirt i mórshiúl ar son an neamhspleáchais a eagraíodh i nDún Éideann le déanaí agus tá ócáid eile dá leithéid beartaithe i nGlaschú an mhí seo chugainn. Dé hAoine seo caite tháinig ráiteas tábhachtach ón Institute of Government, meitheal machnaimh atá lonnaithe i Londain agus a dhéanann taighde ar chúrsaí rialtais, ina ndúradh nach bhféadfadh Westminster an tarna reifreann Albanach a chosc go deo.
Ní mhaífeadh éinne go raibh cáil an radacachais ar an institiúid sin agus mar sin creidim go bhfuil sé thar a bheith suntasach go ndéarfaidís nach léir cén fhaid eile is féidir le rialtas na Breataine leanúint orthu ag diúltú ordú faoi alt 30 a cheadú go háirithe má thagann méadú ar thacaíocht ar son an neamhspleáchais. Ba dheacra an seasamh sin a chosaint, a dúradh, dá n-éireodh go han-mhaith leis na náisiúnaithe sa chéad olltoghchán eile agus i dtoghchán na hAlban agus bheadh an baol ann go bhféachfaí air mar iarracht chun cur isteach ar cheart Pharlaimint na hAlban agus mhuintir na hAlban a dtodhchaí féin a shocrú.
Ar deireadh thiar, sin í an argóint is láidre dá bhfuil ag Sturgeon – an cheist mhorálta faoi cé acu atá an ceart diúltú do mhuintir na hAlban cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil i ndán dóibh amach anseo. Tá go leor Albanach nach baill den SNP iad a chreideann anois nár cheart agus sin iad an dream a mbeidh gluaiseacht an neamhspleáchais ag faire orthu go géar as seo amach. Má thagann méadú suntasach ar a líon – níos airde ná an 52 faoin gcéad a thacaigh leis an mBreatimeacht in 2017 – cén fhaid eile a dhiúltófar dóibh cinneadh a dhéanamh?
Agus mé ag féachaint ar na círéibeacha ar shráideanna na Catalóine ar mo ghuthán in Albain an tseachtain seo caite, chuimhníos go raibh móramh de mhuintir na Catalóine ar son rogha a bheith acu, cé nár thacaigh ach timpeall a leath le neamhspleáchas. Tá seans gur mó de ghaois atá ag Sturgeon ná mar a bhí ag Carles Puigdemont, a reáchtáil reifreann faoi dheabhadh agus gan aon phlean cinnte aige chun neamhspleáchas na Catalóine a bhaint amach. Má éiríonn léi as seo go ceann bliana cur leis an gcéatadán atá ar son neamhspleáchas na hAlban agus má chothaíonn sí comhaontú sóisialta atá ar son rogha a thabhairt do dhaoine beag beann ar a dtuairim, beidh sé an-deacair í a stopadh.
Fág freagra ar 'LITIR Ó DHÚN ÉIDEANN: Ceachtanna ón gCatalóin agus neamhspleáchas na hAlban'