Liosta fada deacrachtaí le sárú ag na cúigí ar fad

Seans go bhfuil na ceithre chúige sásta go bhfuil cúpla seachtain sosa acu ón dá chomórtas Eorpacha  

Liosta fada deacrachtaí le sárú ag na cúigí ar fad

Seans go bhfuil na ceithre chúige sásta go bhfuil cúpla seachtain sosa acu ón dá chomórtas Eorpacha  

Ní dóigh go raibh na Cúigí róshásta lena gcuid iarrachtaí i mBabhtaí 1agus 2 den dá chomórtas Eorpacha. Cé gur bhuaigh Cúige Laighean an chéad dhá chluiche a bhí acu i gCorn na gCuradh ní raibh siad pioc compordach, snasta ná údarásach agus iad ag imirt i gcoinne dhá fhoireann nach mbeadh luaite ina measc siúd a bheas fós sa gcomórtas ag a dheireadh. Chaill na trí chúige eile cluiche amháin as an dá iarracht, ach chláraigh siad ar fad bua maith freisin.

Fillfidh na cúigí ar Bhabhta 7 de chomórtas an URC an deireadh seachtaine seo agus tá liosta fada deacrachtaí le sárú acu ar fad. Ní hamháin sin ach beidh Cúigí Laighean agus Uladh i gcoinne a chéile sa gcéad cheann de chluichí idirchúige na Nollag a bheas á imirt i Staid Aviva anocht.

Sa gceathrú háit ar thábla an URC atá Cúige Uladh faoi láthair, dhá áit agus cúig phointe chun cinn ar Chúige Laighean, curaidh reatha an chomórtais. Is fada, fada an lá ó bhí an leagan amach sin ar thábla an URC. Is iondúil na Laighnigh a bheith suite ar bharr an tábla ó thús an chomórtais. Fágann sin go bhfuil suim ar leith i gcluiche na hoíche anocht, go háirithe agus na hUltaigh ag imirt chomh maith sin faoi láthair. Mar sin féin, is le Cúige Laighean atá chuile bhuntáiste. Tá siad sa mbaile agus tá siad ag feabhsú i mbeagnach chuile chluiche ón tús lag a chuir siad le URC na bliana seo.

Is cinnte freisin go mbeidh Leo Cullen ar a mhíle dícheall lena fhoireann a spreagadh le filleadh ar na patrúin imeartha a chuidigh leo greim a fháil ar an gcraobh anuraidh. Beidh Richie Murphy Chúige Uladh é féin ag súil go gcuirfidh a fhoireann féin cailliúint an  deireadh seachtaine seo caite as a gcuimhne. Beidh le feiceáil, ach creidim go gcinnteoidh an teannas a bhaineann le cluichí idirchúige i gcónaí le go mbeidh sárchoimhlint againn i Staid Aviva anocht.

Is ar an mBreatain Bheag a bheas triall an dá chúige eile amárach. Deich n-áit ar thábla an URC a scarann Cúige Mumhan agus na hOspreys, an freasúra atá rompu amárach. Ní haon ábhar iontais dá bhrí sin gurb iad na Muimhnigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Níl ach bua amháin cláraithe ag na hOspreys ó thús URC na bliana seo. Tubaiste a bheadh ann dá dteipfeadh ar Chúige Mumhan más as baile atá siad ag imirt.

Is ionann an cás do na Connachtaigh agus iadsan i gcoinne na nDragons, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo. Níl na geallghlacadóirí ag tabhairt seans na ngrást do na Dragons. Chuile sheans go bhfuil an ceart ar fad acu!

Fág freagra ar 'Liosta fada deacrachtaí le sárú ag na cúigí ar fad'