‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn

Leag an tUachtarán nua níos mó béime ar an teanga ina óráid insealbhaithe ná mar a leag aon uachtarán eile roimpi

‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn

Tá Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn.

Ghlac an tUachtarán nua i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu le mionn na hoifige ó Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Dónal O’Donnell.

Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ag searmanas insealbhaithe an uachtaráin nua i gCaisleán Bhaile Átha Cliath tráthnóna.

“Is féidir anáil a thabhairt anois” a dúirt an t-Uachtarán nua mar thús lena hóráid insealbhaithe.

I nGaeilge a chuir an t-uachtarán nua tús agus deireadh lena hóráid agus leag níos mó béime ar an teanga ina cuid cainte ná mar a leag aon uachtarán eile roimpi in óráid insealbhaithe. Dúirt sí gur “tír gan teanga, tír gan anam” agus nach féidir le haon tír “a mianta, a luachanna agus a spiorad” a chur in iúl nuair a mhúchtar a teanga.

Dúirt sí gur cuireadh “anam agus spiorad” na hÉireann faoi chos nuair a cuireadh an Ghaeilge faoi chos “bíodh sin d’aon ghnó de bharr smacht na dtíoránach nó de bharr “neamhairde, neamhchúraim nó easpa tuisceana”.

“Ligimis don Ghaeilge bláthú,” a dúirt sí.

“Cuireadh ár dteanga, teanga ársa ár sinsear, teanga ina bhfuil spiorad ár sinsear agus nádúr ár dtíre le mothú i chuile focal, sa dara háit, gan meas nó ómós tugtha di. Plúchadh croí ár muintire nuair a cuireadh stop leo úsáid a bhaint as a dteanga féin, teanga a chuireann mothúchán agus croí in iúl le chuile fhocal. Ach scaoilimis le chéile anois leis an bhfaitíos sin.”

“Éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uathu ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin agus in ómós dóibh agus dúinne, Gaeilgeoirí, Gaeil agus lucht foghlama na Gaeilge.

Gheall an tUachtarán nua go mbeadh an Ghaeilge mar “theanga oibre” in Áras an Uachtaráin le linn a tréimhse uachtaránachta.

“Ní sa gcúinne á labhairt go híseal a bheas an Ghaeilge san Áras ach sa chéad áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata agus go ceolmhar faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre, agus ar ndóigh déanfar í a labhairt go húdarásach agus gan aon drogall nuair is gá.”

Dúirt sí gur gá poblacht nua a thógáil ina mbeadh an meas céanna ar chách, ina mbeadh sé mar cheart ag cách áit chónaithe a bheith acu agus ina bhfaighfí réitigh inmharthana ar na dúshláin atá romhainn. Cosmhuintir na hÉireann a spreag í le linn a feachtais. Dúthracht agus flaithiúlacht na cosmhuintire a thug misneach di, a dúirt sí, agus fuair sí teachtaireacht eile ón bpobal seachas an t-áitiú go raibh a dearcadh rófhada ar an eite chlé.

“Is sibhse muintir na tíre, cosmhuintir na tíre a casadh orm agus mé ar fud na tíre, a spreag mé agus a spreag mo fhoireann le linn an fheachtais. Sibhse a chuaigh agus a théann i ngleic le easpa seirbhísí agus riachtanas gach lá beo.

Easpaí nár cheart a bheith fós ann i dtír atá chomh saibhir. Spreag sibh mé le bhur ndúthracht agus bhur bhflaithiúlacht, ag roinnt bhur scéalta agus taithí liom go fial. Is sibhse a thug agus a thugann misneach dom, misneach a bhainfidh mé úsáid as anois agus a thógfaidh mé air agus mé ag obair ar bhur son mar Uachtarán.”

Thagair sí don chogaíocht shíoraí agus don ghá le síocháin. Ní fhéadfaí, a dúirt sí, neamhaird a thabhairt ar an 165 milliún duine ar fud an domhain atá curtha as seilbh de dheasca na cogaíochta, an ghorta agus na géarchéime athrú aeráide.

Dúirt sí go mbeadh sí ina guth ar son na síochána agus na neodrachta. Creideann sí chomh maith, a dúirt sí, in Éirinn Aontaithe agus dúirt sí go raibh ag súil go mór lena céad chuairt oifigiúil ar an Tuaisceart.

Ag teannadh le huair an mheán lae a bhí sé nuair a tháinig carranna tionlacain an uachtaráin tofa isteach go Caisleán Bhaile Átha Cliath trí Gheata Chorcaí, mar a raibh an Tánaiste Simon Harris chun fáilte a chur roimpi.

Rinne Catherine Connolly agus a fear céile Brian McEnery a slí ansin go dtí Halla Naomh Pádraig, áit a raibh baill an rialtais, maithe agus móruaisle shaol na polaitíochta, ceannairí eaglasta agus daoine mór le rá eile ag fanacht ar an uachtarán nuathofa.

Cuireadh tús leis an searmanas nuair a thug an Taoiseach Micheál Martin cuireadh do na ceannairí eaglasta tús a chur le seirbhís paidreoireachta. Ina dhiaidh sin, sheinn Síle Denvir, an ceoltóir as Gaeltacht Chonamara ‘Fáinne Geal an Lae’ ar an gcláirseach sular ghlac Catherine Connolly i nGaeilge le mionn na hoifige. Chualathas ansin cúirtéis 21 gunna ó Dhún Uí Choileáin agus bronnadh séala na hoifige ar an uachtarán nua.

Rinne an Taoiseach Micheál Martin comhghairdeachas ansin le Catherine Connolly agus ghabh sé buíochas leis an iar-uachtarán Micheál D Ó hUigínn sular thug sé cuireadh don uachtarán nua a céad óráid a thabhairt.

Agus mionn na hoifige is airde sa tír glactha ag an Uachtarán nua, thug Catherine Connolly a haghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce agus ar a lóistín nua in Áras an Uachtaráin.

I measc na ndaoine mór le rá a bhí i láthair ag an insealbhú bhí an bheirt bhan eile a bhí mar uachtarán na hÉireann, Mary McAleese agus Mary Robinson. Bhí Micheál D Ó hUigínn, a d’éirigh as oifig an uachtaráin inné agus a bhean Sabina i láthair chomh maith. Tugadh bualadh bos mór don iar-uachtarán Micheál D Ó hUigínn nuair a bhain sé Halla Naomh Pádraig amach.

I dteannta a chéile a tháinig ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill.

Ar na polaiteoirí eile a bhí i láthair bhí na hiar-Thaoisigh Bertie Ahern, Leo Varadkar, Brian Cowen agus Enda Kenny, Claire Hanna, ceannaire an SDLP, Holly Cairns ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta agus Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

Is í Catherine Connolly an deichiú huachtarán ar an tír agus roimpi san Áras bhí: Dubhghlas de hÍde, Seán T Ó Ceallaigh, Éamon de Valera, Erskine Childers, Cearbhall Ó Dálaigh, Patrick Hillery, Mary Robinson, Máire Mhic Giolla Íosa agus Micheál D. Ó hUigínn.

Toghadh Catherine Connolly an mhí seo caite le bheith ina deichiú hUachtarán ar Éirinn agus a hainm curtha sa Táin as an bhfarasbarr a bhí aici.

D’éirigh leis an iarrthóir neamhspleách as Gaillimh, a gheall le linn a feachtais go mbeadh an Ghaeilge lárnach ina huachtaránacht, buachan go slachtmhar agus 63% de na vótaí bailí tugtha di, an sciar is mó a fuair aon iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta ó bunaíodh an oifig sin i 1938.

Is é Uachtarán na hÉireann atá in Cheann Stáit ar an tír agus is é nó í a bhíonn mar ionadaí ag pobal na tíre sa mbaile agus thar sáile i ról deasghnách agus is é an t-uachtarán freisin an t-ardcheannasaí ar Óglaigh na hÉireann.

Cuireann an tUachtarán fáilte oifigiúil roimh cheannairí stáit eile in Áras an Uachtaráin agus tugann sé faoi thurais stáit go tíortha eile.

Tá sé d’údarás ag an Uachtarán glacadh leis nó diúltú d’aon bhille a nglacann Dáil agus Seanad Éireann leo. Bíonn comhairle ar fáil ag an Uachtarán ón gComhairle Stáit agus is féidir leis bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí má bhíonn aon amhras ann go sáraíonn an bille Bunreacht na hÉireann.

Fágann an t-údarás sin nach féidir le haon reachtaíocht a bheith ina dlí sa tír seo go dtí go gcuireann an tUachtarán reatha a ainm leis go foirmeálta.

Go foirmeálta, is é an tUachtarán freisin a cheapann an rialtas, ceapann sé an Taoiseach atá ainmnithe ag an Dáil agus ina dhiaidh sin na hairí a bhíonn ainmnithe ag an Taoiseach.

Tá sé d’údarás ag an Uachtarán iarratas a dhéanamh le hóráid náisiúnta a dhéanamh le Dáil agus Seanad Éireann ar ábhair a bheadh ar mhaithe le leas an phobail.

Fág freagra ar '‘Ligimis don Ghaeilge bláthú’ – Catherine Connolly insealbhaithe mar an deichiú huachtarán ar Éirinn'