Lean foghlaí péidifileach fíorúil ag déanamh mí-úsáid ar pháistí, duine acu a chuir lámh ina bás féin fad is a bhí sé amuigh ar bannaí. Chinn Ombudsman na bPóilíní go raibh Alexander McCartney in ann é sin a dhéanamh de bharr ganntanas foirne in aonad sábháilteachta an PSNI, coinníollacha bannaí laga agus easpa faireachais.
Cnámh spairne le fada is ea an poll mór i mbuiséad an PSNI ach bhí scéal an chluanaire fhíorúil, Alexander McCartney, as an Iúr chomh scanrúil sin go gcaithfeadh sé gur oscailt súl é tuairisc an Ombudsman. Rabhadh faoi riachtanais sábháilteachta in aghaidh choireanna nua-aoiseacha.
Baineadh croitheadh as daoine sa bhaile agus i gcéin anuraidh nuair a tháinig scéal an uafáis chun solais. Dúradh gurb é an cás ba mhó agus ba dhrámatúla é den mhí-úsáid trí chluain fhíorúil a chur ar pháistí. Gearradh fiche bliain príosúnachta ar a laghad ar McCartney, 26 bliain d’aois, as 185 coir in aghaidh 70 páiste, dúnorgain Cimarron Thomas, 12, in West Virginia i Stáit Aontaithe Mheiriceá san áireamh.
D’admhaigh sé an méid sin ach mheas na húdaráis go ndearna sé mí-úsáid ar bhreis is 3,000 cailín idir 10 mbliana d’aois agus 16 ar fud na cruinne ar mheáin shóisialta, Snapchat go príomha. Ligeadh sé air féin gur chailín é, mhealladh sé páistí leochaileacha chun gníomh gnéis nó íomhá mhígheanasach a roinnt leis ar líne. Ansin dhéanfadh se dúmhál orthu ag bagairt go dtaispeánfaí na pictiúir nó le héilimh níos míchuibheasaí.
Gabhadh Alexander McCartney, mac léinn, an chéad uair in 2016. Bhí sé 17. Frítheadh os cionn 1,000 íomhá mhígheanasach ar ghuthán, táibléad agus ríomhairí a bhí aige. Scaoileadh amach ar bannaí é agus cead aige cur faoi sa bhaile. Thóg sé dhá bhliain agus ráithe eile sular cuireadh bailchríoch ar scrúdú na ngaireas; Gabhadh arís ansin é ach cúig lá roimhe sin chuir an cailín in Virginia, Cimarron Thomas lámh ina bás féin mar go raibh dúmhál á dhéanamh ag McCartney uirthi. Faoin am sin bhí fianaise nua as Albain agus Los Angeles go raibh McCartney i mbun mí-úsáide i gcónaí. Níor cuireadh bac ar a rochtain ar an idirlíon go dtí 2019; nuair a sháraigh sé an bac, cuireadh siar ar a choinneáil é.
Nuair a nochtadh imní i ndiaidh na cúirte anuraidh faoin fhad a thóg an cás – 8 mbliana – d’iarr Príomh-Chonstabla an PSNI ar Ombudsman na bPóilíní imscrúdú a dhéanamh. Léirigh an tuairisc a eisíodh Dé Luain go raibh ganntanas foirne san aonad fóiréinseach digiteach nuair a gabhadh gairis McCartney in 2016; cúigear oifigeach as 14 a bhí ag obair.
Ag an am sin bhí méadú mór ar líon na ngaireas a bhí á ngabháil i dtaca le sábháilteacht páistí. Faoi 2018 cuireadh 935 ríomhaire agus 284 guthán chuig aonad cibearchoireachta an PSNI le haghaidh anailíse; bhí 60 oifigeach ar an bhfoireann. Ní bhfuaireadar acmhainní sa bhreis agus bhí tosaíocht ag fiosruithe ar sceimhlitheoireacht agus coiriúlacht eagraithe seachas cosaint na bpáistí.
Ina theannta sin ní raibh na coinníollacha a bhain le bannaí McCartney sách dian. De cheal foirne agus rialacha beachta, ní rabhthas in ann monatóireacht a dhéanamh go críochnúil ar a iompar ar an idirlíon agus fearacht go leor lucht coiriúlachta ar líne choinnigh sé air ag foghlaeireacht. Chinn tuairisc an Ombudsman nach raibh locht ar aon oifigeach ach go raibh na hacmhainní easnamhach.
Chuir sé seo ar fad moill agus srianta ar fhiosruithe. Fágadh páistí i mbaol mar nár cuireadh stop le ciontóirí go luath. Deir máthair Cimarron Thomas, Stephanie go mbeadh a hiníon agus a fear céile beo dá mbeadh stad curtha le McCartney níos luaithe; ghoill bás a iníne chomh mór sin ar Benjamin Thomas gur chuir seisean lámh ina bhás féin bliain go leith ina diaidh. Ní fios an dochar a rinne do na mílte eile ach is féidir a bheith cinnte gur deineadh damáiste as cuimse.
Dúirt an PSNI go raibh aiféala orthu faoi na laigí ar an obair, go raibh ceachtanna foghlamtha agus a thuilleadh le cur i gcrích. San saol digiteach ina mairimid, is léir gur ag méadú a bheidh na dúshláin agus go mbeidh siad níos casta agus níos sofaisticiúla. Caithfear a bheith san airdeall go seasta. Chuige sin tá gá le hacmhainní, oiliúint agus an toil pholaitiúil chun a chinntiú go mbeidh an t-airgead agus an inniúlacht ag póilíní agus áisíneachta sábháilteachta eile chun an óige a chosaint.
Fág freagra ar 'Lig ganntanas acmhainní an PSNI do phéidifileach leanúint lena mhí-úsáid ar pháistí'