‘Ní hí seo an Bhanglaidéis!’ an mana, i mbloclitreacha móra, ar phóstaeir le haghaidh seitgháireach an phobalóra de chuid na heite fíordheise, André Ventura, a chonaic mé in airde sa Phortaingéil nuair a bhí mé sa tír sin i lár na míosa seo caite, díreach roimh an gcéad bhabhta den toghchán uachtaránachta.
Sa bhabhta sin, chaith nach mór duine as gach ceathrar Portaingéalach vóta do Ventura, ceannaire an pháirtí náisiúnaigh agus fhrith-inimirce Chega (‘Stad’ an t-aistriúchán Gaeilge is fearr a ritheann liom) agus leis sin, chuaigh sé ar aghaidh go dtí an dara babhta, a ritheadh Dé Domhnaigh seo caite.
Ach fuair an sóisialach daonlathach António José Seguro an lámh in uachtar go héasca ar Ventura sa dara babhta sin agus 66.8% de na vótaí aige, a dhá oiread vótaí agus a ghnóthaigh Ventura, a bhuíochas sin leis an drochbhlas a chothaíonn Ventura – fear a deir go hoscailte go bhfuil meas mór aige ar Salazar, a bhí ina dheachtóir ar an bPortaingéil idir 1932 agus 1968 – i mbéal go leor de mhuintir na Portaingéile, daoine de chuid na heite clé agus de chuid na heite deise araon.
Sampla den drochbhlas sin a chothaíonn Ventura i mbéal go leor de mhuintir na Portaingéile a bhí i ngraifítí cliste a chonaic mé ar phóstaer dá chuid a bhí crochta díreach taobh le teach na parlaiminte i gcathair Liospóin. Sa mhana sin aige ‘Ní hí seo an Bhanglaidéis!’ bhí an chuid ‘an Bhanglaidéis’ scriosta amach agus bhí na focail ‘do chathairse’ scríofa in íochtar; léiriú nach bhfuil mórán geana ag cuid de mhuintir na hardchathrach ar an bpobalóir Ventura. I Liospóin, thacaigh 70.5% faoin gcéad de na vótóirí leis an sóisialach daonlathach Seguro.
Ach ba leor leathsheachtain i gcathair Liospóin agus an ceantar máguaird le fáil amach go mbeidh dúshláin mhóra roimh an sóisialach António José Seguro agus é ina uachtarán (ní hionann agus Éire, ní ról siombalach amháin atá ag uachtarán na Portaingéile ach tá cumhachtaí áirithe aige, cumhacht veto de chineál ina measc.)
‘Tá an tír seo i ndeireadh na feide,’ a dúirt Gilda, iar-léachtóir ollscoile le socheolaíocht a casadh orm ar an eitleán, nuair a chuir mé ceist uirthi faoi chúrsaí polaitíochta na Portaingéile. ‘Níl bealach ar bith go dtabharfaidh mé vóta don Ventura sin. Ach níl fonn dá laghad orm ach oiread vóta a chaitheamh don Pháirtí Sóisialach [páirtí Seguro], páirtí atá scriosta ag scannail chalaoise agus eile.’
Bhí macallaí den éadóchas a léirigh Gilda le feiceáil ar bhallaí ar fud chathair Liospóin.
‘At the end of the day, you can always find us somewhere between the river and property speculation’ a bhí breactha ar bhalla ard i gceantar Alcântara – ‘Barra an Teampaill’ Liospóin, deirimis. An duairce a shamhlaítear le muintir na Portaingéile go minic sna horlaí tríd – ach an mana i mBéarla, toisc gur ar eachtrannaigh de chineál éagsúil ar fad ón dream a bhfuil an ghráin ag André Ventura orthu atá an ráiteas sin dírithe.
Le blianta beaga anuas, tá ardú mór millteach tagtha ar phraghsanna na dtithe ar fud na Portaingéile de bharr an tóir atá ar an tír ag Eorpaigh agus Meiriceánaigh shaibhre, a mheall rialtas na Portaingéile go dtí an tír le dreasachtaí cánach agus le margaíocht chliste.
Lena chois sin, tá brú breise á chur ar an margadh tithíochta ag leithéidí Airbnb: tá tóir as cuimse ar an bPortaingéil, ní hamháin ag turasóirí ach ag treabh na ‘bhfánaithe digiteacha’, a bhíonn ag caitheamh siar na n-espressos agus ag obair leo ar a gcuid ríomhairí glúine i spásanna oibre comhionaid darb ainm Hello, Kristof!
Ach is leor an traein a fháil go ceann de na bruachbhailte dearóile ar an taobh ó thuaidh de chathair Liospóin, nó an bád farantóireachta go dtí na cathracha satailíte ar an mbruach thall den Tejo, le fáil amach nach bhfuil an rachmas a thugann na turasóirí, na fánaithe digiteacha agus na húinéirí tithe ón iasacht isteach á roinnt go cothrom.
Mar bharr ar an donas, tá an Phortaingéil ar cheann de na tíortha is measa san Eoraip atá buailte ag athrú na haeráide; ní hamháin ag triomach agus ag tinte foraoise sa samhradh ach, le seachtainí beaga anuas, ag drochbháisteach, tuilte agus stoirmeacha.
Dúshláin a dhóthain roimh an uachtarán nuathofa Seguro, mar sin; is maith an rud é gur ‘seasmhach’ ceann de na bríonna atá lena shloinne sa Phortaingéilis.
Fág freagra ar 'Dúshláin a dhóthain roimh uachtarán nuathofa na Portaingéile'