‘Let them speak Irish until they are green, white and orange in the face,’ arsa Robinson, ach tost ó Foster

Do chúrsaí ‘cultúir’ amháin a thagair Arlene Foster ina haitheasc ag comhdháil an DUP agus sheachain sí ceist an achta Gaeilge

‘Let them speak Irish until they are green, white and orange in the face,’ arsa Robinson, ach tost ó Foster

Peter Robinson agus Arlene Foster. Pictiúir: RollingNews

Ní dhearna ceannaire an DUP Arlene Foster tagairt ar bith do cheist an Achta Gaeilge ag comhdháil a páirtí ag an deireadh seachtaine, ná do mholadh a réamhtheachtaí Peter Robinson gur cheart glacadh le hacht Gaeilge ar mhaithe le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tuairiscíodh níos túisce i mbliana go raibh sé ina mhargadh idir an DUP agus Sinn Féin maidir le filleadh ar Stormont, ach b’amhlaidh nár éirigh le Foster an socrú faoin acht teanga a dhíol lena páirtí.

Roimh thús na comhdhála Déardaoin seo caite, dúirt iarcheannaire an DUP Peter Robinson gur “chuma leis sa diabhal” dá dtabharfaí acht Gaeilge isteach, gur “cheist fhánach” a bhí ann agus nár cheart ligean do na daoine is “glóraí” sa DUP a bheith ag “treorú” an pháirtí.

“Is cuma liom sa diabhal faoin nGaeilge. Lig dóibh í a labhairt nó go bhfuil siad glas, bán agus oráiste san aghaidh, fad is nach gcuireann sí isteach ormsa,” a dúirt Robinson, de réir tuairisce ar shuíomh idirlín an iriseora Eamonn Mallie.

Do chúrsaí ‘cultúir’ amháin a thagair Arlene Foster ina haitheasc ag an Ard-Fheis agus sheachain sí ceist an achta Gaeilge. “Caithfimid a thuiscint nach bhfuil cúrsaí cultúir slán, go háirithe d’aontachtaithe ach do dhaoine eile chomh maith. Teastaíonn margadh nua uainn do Thuaisceart Éireann ó thaobh an chultúir de, margadh a léiríonn meas ar an éagsúlacht agus a chothaíonn tuiscint.

“Is chun leas an aontais é go mbraitheann daoine ó gach cúlra ar a gcompord i dTuaisceart Éireann atá istigh leis féin,” arsa Arlene Foster.

Dúirt Peter Robinson chomh maith gur thrua leis nár sceitheadh leis an suíomh céanna níos túisce eolas a foilsíodh air mí Feabhra faoin dréachtmhargadh idir an DUP agus Sinn Féin.

Dá mbeadh fáil níos luaithe ar an eolas sin, a dúirt sé, ba mhó an seans go mbeadh bréagnú déanta ar chuid de na tuairiscí ab áibhéalaí faoin gcineál achta Gaeilge a bhí i gceist, ag áireamh scéalta go dtabharfaí cuótaí Gaeilgeoirí isteach don státseirbhís.

D’fhógair Arlene Foster níos túisce i mbliana gur theip ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas faoi cheist an achta Ghaeilge.

Dúirt Sinn Féin gur éirigh leo dréachtmhargadh maidir le hathbhunú Stormont a aontú leis an DUP sular theip ar na cainteanna agus go raibh acht teanga don Ghaeilge amháin san áireamh sa mhargadh sin, rud a shéan ag Arlene Foster agus an DUP.

Mhúscail scéalta sna meáin faoi shonraí an dréachtmhargaidh freagairt bhorb ó aontachtaithe agus polaiteoirí aontachtacha agus meastar gur tháinig athrú intinne dá bharr ar cheannairí agus ar lucht idirbheartaíochta an DUP maidir leis an margadh a chur i láthair bhaill agus chosmhuintir an pháirtí.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil Theresa May fós ag iarraidh an DUP a mhealladh chun vótáil dá margadh Breatimeachta, ar ghlac ceannairí na mballstát eile leis inné, in Westminster. Tá ráite ag Arlene Foster agus ag feisirí parlaiminte an DUP, a bhfuil rialtas May ag brath orthu, go mbeidh siad ag vótáil i gcoinne an mhargaidh toisc gurbh é an toradh a bheadh air ná go scriosfaí an Ríocht Aontaithe.

Fág freagra ar '‘Let them speak Irish until they are green, white and orange in the face,’ arsa Robinson, ach tost ó Foster'

  • Hauld yer wheesht

    Och Peter, whit aboot yeah? Ah misst ye sae muckle. Dinna fash yersel wi Arlene.

  • Des O Murchu

    Agus cuir Orange Squash sa Vodka ,ar chuntas Brexit DUP!