Leithscéal gafa le cumann Gaeltachta faoi réiteoir a d’iarr go labhrófaí Béarla le linn cluiche

Dheimhnigh Bord an Chontae agus CLG Na Piarsaigh araon do Tuairisc.ie gur cuireadh fiosrúchán faoi na líomhaintí i gcrích agus gur 'thángthas ar réiteach'

Leithscéal gafa le cumann Gaeltachta faoi réiteoir a d’iarr go labhrófaí Béarla le linn cluiche

Tá leithscéal gafa le CLG na Piarsaigh, Ros Muc, faoin scéal gur iarr réiteoir ar bhall den chumann gan a bheith ag caint Gaeilge le linn cluiche craoibhe a bhí ar siúl an mhí seo caite. 

Nuair a líomhnaíodh an mhí seo caite gur iarr réiteoir a leithéid agus é i bhfeighil ar chluiche Ros Muc in aghaidh CLG Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i Ros an Mhíl, rinne an club Gaeltachta gearán oifigiúil le Bord Chontae na Gaillimhe agus cuireadh fiosrúchán ar bun.

Dheimhnigh Bord an Chontae agus Cumann Ros Muc araon do Tuairisc.ie gur cuireadh an fiosrúchán i gcrích agus gur “thángthas ar réiteach” a shásaigh Na Piarsaigh.

Dúirt Cathaoirleach CLG Na Piarsaigh, Áine Uí Ghríofa, le Tuairisc.ie gur gabhadh leithscéal leis an gcumann faoin eachtra. Ní raibh CLG Na Piarsaigh ná Bord an Chontae sásta a thuilleadh sonraí a thabhairt faoin gcás.

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail an mhí seo caite, go raibh “díomá [air] féin go pearsanta” faoi na líomhaintí agus gur “scannalach an rud é más fíor”.

“Tá suas le 1,000,000 ball i gCumann Lúthchleas Gael agus nuair a bhíonn ballraíocht chomh mór sin ann, tarlaíonn rudaí nár chóir agus nár cheart. Is botún mór a bhí ann más fíor é,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Fearghail gur cheart gradam a thabhairt d’aon fhoireann a labhraíonn Gaeilge ag cluiche CLG seachas iarraidh orthu éirí as.

Tuairiscíodh freisin an mhí seo caite gur glacadh le moladh ag cruinniú de thoscairí ó chumainn CLG na Gaillimhe go mbeadh ar réiteoirí an chontae freastal ar ranganna Gaeilge. Ba iad Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, a chuir an moladh chun cinn ag an gcruinniú agus thacaigh Cumann na Fairche leis.

Bhí an moladh sin le plé ag Coiste Bainistíochta agus Coiste Réiteoirí Bhord CLG na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa le cumann Gaeltachta faoi réiteoir a d’iarr go labhrófaí Béarla le linn cluiche'