Leithcheal ‘ar bhonn inscne’ a bhí sa riachtanas Gaeilge do phoist in OÉ Gaillimh de réir gearáin

Tá roinnt de na gearáin a rinneadh faoin riachtanas Gaeilge a bhain le poist áirithe in OÉ Gaillimh, a bhfuair an ollscoil réidh leis anuraidh, feicthe ag Tuairisc

Leithcheal ‘ar bhonn inscne’ a bhí sa riachtanas Gaeilge do phoist in OÉ Gaillimh de réir gearáin

Leithcheal “ar bhonn inscne” a bhí sa riachtanas Gaeilge a bhain le postanna riaracháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dar le hollamh san ollscoil.

Sin ceann de na gearáin a rinneadh leis an ollscoil faoin riachtanas Gaeilge a bhí i bhfeidhm in OÉ Gaillimh go dtí anuraidh, riachtanas a d’fhág go raibh gá le hinniúlacht sa sa teanga do phostanna riaracháin grád 1, 2 agus 3.

Thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht don chinneadh fáil réidh leis an riachtanas mí Aibreáin 2020.

Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an am go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann faoin riachtanas Gaeilge do phostanna riaracháin san ollscoil agus go gcuirfeadh go leor den fhoireann fáilte roimh an gcinneadh fáil réidh leis.

Tá cuid de na gearáin sin curtha ar fáil ag OÉ Gaillimh do Tuairisc.ie mar fhreagra ar iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise. Ní raibh 15 gearán sa mbeart a cuireadh ar fáil.

I bpíosa comhfhreagrais amháin a fuair an ollscoil mí Lúnasa 2020, tráth a raibh glactha leis fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge, dúirt ollamh nár ainmníodh gur fhág an riachtanas teanga go raibh leithcheal á dhéanamh ar mhná san ollscoil.

Dúradh go raibh deireadh curtha leis an riachtanas Gaeilge do phoist léachtóireachta, bainistíochta agus do ról an Uachtaráin san ollscoil le roinnt blianta anuas agus nach raibh an riachtanas ann anois ach i gcás roinnt postanna riaracháin.

Mheas an tOllamh gur mná a bhí i bhformhór mór na ndaoine a bhí ag cur isteach ar na poist riaracháin sin agus gur fhág sin gur leithcheal ar bhonn inscne a bhí ar bun.

Luadh cinneadh conspóideach OÉ Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta i gcuid mhaith de na gearáin a rinneadh leis an ollscoil.

Dúirt duine amháin, a rinne gearán mí Dheireadh Fómhair 2017, go raibh OÉ Gaillimh i mbun “leithcheala aisiompaithe” toisc go raibh an riachtanas Gaeilge ann do phostanna riaracháin áirithe ach nach raibh sé bhfeidhm do phostanna níos sinsearaí.

“Are low paid administrative jobs deliberately being set aside for Irish speakers, while higher paid jobs are open to non-Irish speakers? Does this really enhance the University’s profile as a bi-lingual university?” a d’fhiafraigh duine a bhí ag obair san ollscoil ar bhonn sealadach. Mheas an duine sin nach bhféadfadh sé nó sí cur isteach ar phost lánaimseartha de bharr an riachtanais teanga.

Mar thoradh ar an ngearán sin, d’iarr oifig comhionannais agus éagsúlachta na ollscoile go ndéanfaí an riachtanas a fhiosrú agus cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí na hOllscoile ag an am, Gearóid Ó Conluain.

Dúirt Aoife Cooke, Ceann na gComhdeiseanna san ollscoil, go raibh imní ann go bhféadfadh go raibh an riachtanas Gaeilge leithchealach ar bhonn cine. Dúirt sí gurb í “rogha láidir” na hollscoile an fhadhb a réiteach “go hinmheánach” mar go bhféadfaí agóid a thabhairt chuig Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

I bhfreagra a thug sé ar an ngearánach mí Márta 2018, dúirt Rúnaí na hOllscoile go raibh bonn reachtúil faoin riachtanas teanga agus go raibh freagracht ar leith ar OÉ Gaillimh tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn.

Mar sin féin, dúirt sé go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag a oifig ar an riachtanas.

Luadh i roinnt de na gearáin nach raibh an Ghaeilge ag teastáil riamh ó dhaoine a bhí ag obair i bpoist riaracháin.

Dúirt oibrí amháin, a bhí ag obair le ceathrar riarthóirí eile san ollscoil le 15-20 bliain,  nach raibh cúis ag aon duine acu Gaeilge a úsáid oiread agus uair amháin sna blianta sin.

D’iarr ollamh eile ar Rúnaí na hOllscoile maolú a dhéanamh ar an riachtanas ach a mbeadh riarthóir á earcú ina rannóg. Dúradh nár úsáid an té a bhí sa phost aon Ghaeilge sna 13 bliain a raibh an t-ollamh ag obair in OÉ Gaillimh. Mura bhfaighfí réidh le riachtanas na Gaeilge, d’iarr an t-ollamh go dtabharfaí bliain don té a bhí le ceapadh sa phost chun an leibhéal líofachta sa teanga a bhí ag teastáil a bhaint amach.

Arís, dúirt Rúnaí na hOllscoile go raibh an polasaí go mbeadh “leibhéal an-bhunúsach” Gaeilge ag riarthóirí grád 1-3 bunaithe ar reachtaíocht.

Dúirt sé go ndearnadh iarracht agóid dhlíthiúil a thabhairt in aghaidh an riachtanais roinnt blianta ó shin ach nár éirigh léi. Thug sé le fios arís, áfach, go raibh obair ar bun chun an riachtanas a dhéanamh níos “solúbtha”.

Nuair a tháinig cinneadh OÉ Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge chun solais níos luaithe i mbliana, shéan Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur laghdú ar stádas na teanga san ollscoil a bhí i gceist.

Dúirt sé go ndearnadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.

Dúirt Ó hÓgartaigh go bhfuil an ollscoil ag iarraidh seirbhís níos fearr a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a chinntiú go mbeadh ar a laghad duine amháin ar ardchaighdeán Gaeilge fostaithe i ngach rannóg, seachas grúpa mór daoine nach raibh acu ach beagán Gaeilge.

I straitéis Gaeilge nua na hOllscoile a seoladh an mhí seo caite, luaitear go bhfuil sé mar aidhm ag OÉ Gaillimh go mbeadh 20% den fhoireann phroifisiúnta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge

Fág freagra ar 'Leithcheal ‘ar bhonn inscne’ a bhí sa riachtanas Gaeilge do phoist in OÉ Gaillimh de réir gearáin'

  • Seán ÓM

    Riachtanas Gaeilge = Leithcheal.
    Riachtanas Béarla = Ní Leithcheal.

    Ach ní leithcheal é féin é seo – mar is teanga draíochtúil é an Béarla. Draíochtúil.

  • Eoin Ó Fátharta

    Agus leis seo, leantar ar aghaidh le creimeadh na Gaeilge sna hollscoileanna. Is ábhar gháire é go bhfuil na húdaráis fós ag maíomh gur campas dátheangach atá san áit. Níl ann ach cur i gcéill, díreach mar an chaint san aer a bhíonn ag an rialtas i leith na teanga.

  • Lillis Ó Laoire

    Scríobhann daoine mBéarla mar nach mbíonn dóthain fóirne le dóthain Gaeilge le freagra a sholáthar. Deirtear ansin nach bhfuil aon riachtanas leis an nGaeilge. Brúnn siad Béarla ach ní gá dóibh sin a chosaint ach go hannamh. Tá an ceacht foghlamtha go maith cheana féin ag daoine ó bheith ag plé leis an státchóras.