Cosaint déanta ag Uachtarán OÉ, Gaillimh ar chinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge

Deir Ciarán Ó hÓgartaigh gurb amhlaidh gur cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phoist riaracháin in OÉ, Gaillimh mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas

Cosaint déanta ag Uachtarán OÉ, Gaillimh ar chinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge

Tá séanta ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur laghdú ar stádas na teanga san ollscoil an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phoist riaracháin.

Dúirt an Uachtarán Ciarán Ó hÓgartaigh gurb amhlaidh gur cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.

I ndiaidh cruinniú de Choiste Straitéiseach na Gaeilge san ollscoil ar maidin,  dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil polasaí nua ann go mbeadh ar chumas gach aonad ar fud an champais feidhmiú go dátheangach.

Chuige sin a cinneadh athbhreithniú a dhéanamh “ar an riachtanas íseal-leibhéal Gaeilge do phoist áirithe”, a dúirt sé.

Mhaígh sé go mbeadh “cumas níos fearr sa Ghaeilge” ag teastáil feasta do phoist áirithe sa choláiste.

Roimhe seo bhíodh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1,2 agus 3 san ollscoil.

De réir miontuairiscí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, duine amháin ar Údarás na hOllscoile a chuir i gcoinne an mholta go “ndéanfaí an riachtanas Gaeilge don fhoireann riaracháin Gráid 1-3 ar fad a aisghairm”.

Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an gcruinniú anuraidh go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann a bhí “ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh” faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin.

Mhaígh Scott go gcuirfeadh “go leor den fhoireann fáilte roimh an reacht” seo.

Bhí Ó hÓgartaigh ag tagairt don scéala go raibh deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineadh le postanna riaracháin sa choláiste.

Aistríodh an fhreagracht as an nGaeilge san ollscoil ó Oifig an Rúnaí go hOifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí in 2019. D’fhág sin go raibh cúram na Gaeilge ar an dara duine is sinsearaí ar fhoireann bainistíochta na hollscoile, a dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh.

“I bhfianaise na n-athruithe sin, a ardaíonn stádas na Gaeilge i struchtúr bainistíochta na hOllscoile, bhí sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe rialachais maidir le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge in OÉ Gaillimh,” arsa Ciarán Ó hÓgartaigh.

In 2020 a bunaíodh an Coiste Straitéiseach ardleibhéil don Ghaeilge san ollscoil faoi chathaoirleacht an Uachtaráin.

Tá straitéis “uaillmhianach” d’fhorbairt na Gaeilge” san Ollscoil le foilsiú an mhí seo chugainn, a maíodh.

Nuair a ghlac Údarás OÉ, Gaillimh leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta in 2016, rinne baill foirne san ollscoil achainí dul siar ar an gcinneadh ach tugadh neamhaird orthu.

Dúirt lucht na hachainí go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.

Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile.

Ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh, cainteoir Gaeilge as cathair na Gaillimhe, ina Uachtarán ar an Ollscoil in 2017.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Uachtarán OÉ, Gaillimh ar chinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge'

  • Concubhar

    Deacair a fheiscint go mbeidh feabhas dá laghad ar sheirbhísí dhá theangacha na hOllscoile tre an riachtanas Gaeilge a chur ar ceal. Mura bhfuil dearúd orm, b’shin an leathscéal a úsáid an Rialtas sna 70í chun deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do stat sheirbhísigh.

  • S. Mac Muirí

    Ní hé amháin nach dtuigfidh an Béarlóir thú ach cuireann sé roinnt acu le craobhacha nuair a labhraíonn tú Gaeilg in oifig nó ar aon láthair oibre leo. Ní shásóidh a dath iad go nglaca tusa lena dteangaidh siadsan. Bean a bhíodh in ainm is a bheith ag freastal ar mhic léinn na Gaillimhe i bhfad siar a dúirt liom “I used to hate it when they would just keep speaking Irish to you even when you’d tell them you didn’t have any.”
    Ba chuimhin liom a bheith ar dhuine acu súd na blianta roimhe sin thíos ar Shlí Dála na hollscoile nuair a bhí boird eolais scrúdaithe nó a leithéid leagtha amach ag dream an riaracháin, más ea, ach níor aithin sí mé in éis na mblianta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘… go mbeadh “cumas níos fearr sa Ghaeilge” ag teastáil feasta do phoist áirithe sa choláiste.’

    Ag imeallú na Gaeilge in institiúid tríú leibhéal a bhí, de réir mar a thuigim, in ainm’s bheith ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. An mbeidh na ‘poist áirithe’ seo sna hacadaimh Gaeilge atá suite sa Ghaeltacht…?

  • Antóin

    In ionad géilleadh don 15 a bhí ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh nárbh fhearr
    don Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht rud éigin a rá faoin tábhacht a bhaineann le héagsúlacht teangacha?

    15 ghearán ó dhaoine a bhí ag smaoineamh ar ghearán a dheanamh! Nach greannmhar an saol é!
    Agus daoine ag ceapadh gur bac atá sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile. Nach bhfuil aon deireadh leis an amaidí?

  • Pól Ó Braoin

    Cuir deireadh leis an ainm “Ollscoil na hÉireann” agus glaoitear “University of Ireland” ar an gcoláiste sin atá ar cheann de na háiteacha is na hinstitiúidí is gallda sa tír seo.
    Is éard a theastaíonn uainn más ag iarraidh ár dteanga a thabhairt aon bhealach dá laghad ar ais i réim de chineál eicint ná ollscoil ghaelach, áit ar féidir le duine céim chomh fada leis an dochtúireacht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá na gaelscoileanna go maith, ach níl fiú an mheánscoil ghaelach sa gcuid is mó den tír. Léiríonn sin don dalta gur rud den dara grád í an Ghaeilge le hais an bhéarla éigeantaigh. Cloisim an iomarca ráiméis faoi phleananna teanga agus faoi “bhille teanga” ag iarraidh mo bhéal a choinneáil dúnta go ceann scaithimh eile agus a fhios agam go maith nach bhfuil sa méid sin ach na seolta crochta gan smeámh as aer.