LÉIRMHEAS: An ghrian agus na Gaeil amuigh ag Féile iontach na Gealaí i Ráth Chairn

Is deacair lenár léirmheastóir  cuimhneamh ar dheireadh seachtaine ar bith a bhí chomh taitneamhach le Féile na Gealaí

Féile champála cheoil é Féile na Gealaí a bhí ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite. Bhain sí an duais do scothfhéile na bliana anuraidh ag Gradaim NÓS. Ar an drochuair chaill mé anuraidh í, agus bhí mé ar tinneall agus mé ar an mbóthar go Ráth Chairn dá bharr sin.

Táim ag triall ar leithéidí an Electric Picnic agus Body & Soul le blianta fada agus caithfidh mé a rá go raibh rud beag eagla orm nach mbeadh an chraic chéanna le fáil ag féile bheag. Bhí isteach is amach le 200 duine ag Féile na Gealaí, i gcomórtas leis na deicheanna de mhílte a bhíonn ag na cinn eile.

Bhí sí lonnaithe ar pháirc peile timpeall an chúinne ón mBradán Feasa (tábhairne Ráth Chairn). Cad a bhí romhainn ar dtús ach slí mhór isteach a bhí feistithe go healaíonta. Isteach linn i dTír na nIontas. Ó thús ba léir go ndearnadh cúram ar leith don chomharthaíocht lámhdhéanta ealaíonta lán-Ghaeilge ar fad agus do na ráitis spreagúla a bhí folaithe anseo is ansiúd.

Aon bhuairt a bhí orm faoin bhféile a bheith róbheag níor mhair sí i bhfad ag Féile na Gealaí.

Tiomáint isteach gan stró. Slí chun puball a chur in airde taobh thiar den ardán ceoil. Isteach linn lenár scíth a ligean ar na burlaí móra tuí a bhí mar shuíocháin fúinn. Ní réchúiseach go dtí é.

Ráth Chairn na gréine a deirtear agus b’fhíor don rá sin an deireadh seachtaine seo caite. Bhí meascán de cheol ann Dé hAoine. Binneas Lauren Ní Chasaide, JJ ‘Justin Bieber na Gaeilge’ Ó Dochartaigh i mbun na n-amhrán catchyáilte aige. Mire, fuinneamh agus gearradh Dysania.

Agus isteach linn sa Bhradán ag deireadh na hoíche.

Cuireadh tús le himeachtaí an tSathairn le ceardlann gníomhaíochta ar maidin. Bhí babhta ióga ansin agus ina dhiaidh chualathas dánta is amhráin ó dhaoine as gach cearn den tír. Rud ar thug mé suntas dó ná líon na n-amhrán nuachumtha Gaeilge. Chuaigh Griogair Labhraidh go mór i gcion ar an slua agus é ag rapáil leis i nGaeilge na hAlban, ach seans gurb é buaic cheoil an deireadh seachtaine ná Scannal – beirt a mbíonn meascán mire acu de cheol traid, ceol damhsa, pop, corr-aistriúchán craiceáilte, jócanna agus spraoi.

Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí mar fhear an tí ar feadh tamaill agus níor scaoil sé an deis thairis a ghairm chun catha a ligean mar spreagadh don saol. Dorn san aer do na Gaeil!

Murab ionann agus go leor féilte agus imeachtaí móra, ba í an Ghaeilge teanga na féile seo. Go deimhin ba mhó Gàidhlig ná Béarla a bhí le clos ann. Daoine óga den chuid is mó agus Gaeilge á spalpadh ó dhubh go dubh. Bhí blas deas ‘idirnáisiúnta’ ar an slua leis: Gaeil as Albain, daoine as an mBriotáin agus Poncánaigh. Is fiú a lua go raibh lá teaghlaigh ann Dé Sathairn, leis.

B’fhéidir nach raibh an rogha bia chomh leathan sin, b’fhéidir nach raibh na mílte rudaí ar siúl ag an am céanna ach nuair a bhí comhluadar Gaelach fíor-oscailte, lán-chairdiúil, faoin ngrian i Ráth Chairn, níor spéis liom aon rud eile.

Na féilte beaga Gaelacha abú. Go raibh siad níos mó amach anseo (ach gan an oiread sin níos mó!). Is deacair liom cuimhneamh ar dheireadh seachtaine ar bith a bhí chomh taitneamhach le Féile na Gealaí.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: An ghrian agus na Gaeil amuigh ag Féile iontach na Gealaí i Ráth Chairn'