LÉIRMHEAS: An dúghreann go smior i ndráma deireanach Aoidh Uí Dhomhnaill

Aisteoirí Bulfin, an compántas a rinne ceiliúradh ar chaoga bliain ag fás anuraidh, atá i mbun Dearmad na Fola le hAodh Ó Domhnaill, a bhásaigh anuraidh

Dearmad na Fola le Aodh Ó Domhnaill
Scoil  na mBuachaillí, Amharclann Smock Alley
Anocht Dé hAoine agus amárach

An mbíonn alt nó dráma ar domhan, nach mbíonn tagairt anois ann do Donald Trump. Le bheith cothrom, ní luaitear é ar chor ar bith sa dráma seo.

Ach tuigimid go léir cad tá i gceist nuair a deir an teicneoir sinsearach: ‘Uaireanta, is gá régime d’athrú. Fáil réidh le ceannaire sceimhlitheoirí. Nó taoiseach a chur dá sheilbh… mar a déanadh i gcás Bhin Laden. Agus Gadaffi agus Saddam.’ Tar éis dó smaoineamh faoi, cuireann sé lena liosta: ‘… agus mo dhuine i North Korea.’

Tá an dráma seo suite sa todhchaí, le linn ré inar féidir le daoine a gcuid smaointe a dheonú. Ach ní rófhada sa todhchaí, agus, mar a léirítear sa tsraith teilifíse ar Netflix, Black Mirror, d’fhéadfadh a mbíonn san fhicsean a bheith ina údar buartha chomh maith.

Is dráma dúghrinn é seo, agus amhail na saothair ghrinn is fearr, tá téama tromchúiseach i gceist.

Is mór an trua gurb é seo an dráma deiridh a bheidh againn ó Aodh Ó Domhnaill, as Baile Átha Cliath, a cailleadh go tobann i mí Eanáir i mbliana. Is iad Aisteoirí Bulfin, compántas aisteoireachta a rinne ceiliúradh ar chaoga bliain ag fás anuraidh, a léirigh. Ar ndóigh scríobh Aodh Ó Domhnaill an-chuid de na drámaí a chuir na haisteoirí seo ar stáitse in imeacht na mblianta.

Tá dhá dhráma i gceist anseo, dáiríre. Sa chéad cheann, tá fear caolaigeantach ag lorg faoistine de chineál éigin. Sa dara ceann feictear dúinn a dtarlaíonn nuair a théann cuideachta chumhachtach i mbun cuimhní daoine a cheannach.

Is seanscéal é seo, ar ndóigh: an choimhlint idir an duine aonair agus boic mhóra nó cuideachtaí teicneolaíochta móra. Agus tugann carachtar Áine Uí Ghlinn, an Dr Áine a chreideann go bhfuil sí i mbun taighde ar mhaithe le hiompar síceapatach a leigheas, toise eile don scéal: an choimhlint idir an dearcadh fireann agus meon na mban.

Cuirtear an téama seo inár láthair ón tús nuair a thagann Maitiú (Micheál Ó Gruagáin) amach ar stáitse. “Ó. Bhíos ag súil le…” a deir sé. Críochnaíonn an Dr Áine an abairt dó. ‘Le fear..’ a deir sí go tuirseach, díomách. Nuair a dhéanann sí iarracht lámh a chroitheadh leis, tugann sé a hata di.

Níos déanaí, feicimid an teannas idir Áine agus Seán (Seán Mac Dhonnagáin), an teicneoir sinsearach. Níl mórán measa aige ar dhearcadh trócaireach Áine, ach cuireann sise in iúl dó an difríocht atá idir duine lag agus duine carthanach. Nuair a deir Seán nach n-oireann an cineál seo oibre do mhná toisc go bhfuil siad róbhog, tá freagra ag Áine dó: ‘An rabhas-sa ró-bhog nuair a bhíomar ag plé leis an déagóir a mharaigh an leanbh? Tusa a dhein caitheamh suas an uair úd, ní mise!’

Is ansin a thagann muid go croílár an dráma, a bhuíochas arís le hÁine: “Táim go maith in ann don obair seo, más garbh go minic. Ceist eile ar fad í an mian liom a bheith páirteach sa chlár suarach seo agaibh… beart mímhorálta, mínádúrtha, mícheart!”

Ábhar tromchúiseach, ar ndóigh, ach tá go leor grinn i gceist freisin, go háirithe le Síle (Aoileann Ní Chonchúir), teicneoir sóisearach a thiteann i ngrá le ceann de na bréagadáin.

Tá cathaoir i lár an dráma freisin, cathaoir atá ceangailte le ríomhaire chun cuimhní cinn a shú amach as a gcloigne. Suíonn Maitiú isteach inti agus lasann an caipín mór atá air agus é cosúil le rud éigin as Doctor Who, nó b’fhéidir an Orgasmathron a bhí ag Woody Allen sa scannán Sleepers.

‘Mar a deintí i dteach na ngealt fadó, chun daoine a smachtú!’ a deir Maitiú, agus b’fhéidir go bhfuil an ceart aige.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis na bréagadáin freisin. Is iad sin Ed Mac Coitir, Eimear Ní Mhéalóid, Gráinne Nic Fhirléinn agus Justin Scanaill. Cuireann siad leis an ngreann… ar feadh tamaill! Bíonn rian an panto orthu agus is cinnte dá mbeadh leanaí i láthair go mbeadh siad ag scairteadh amach: ‘Tá siad taobh thiar díot!’

Is é Cathal Póirtéir an stiúrthóir, Lelia Ní Chinnéide an bainisteoir stáitse agus léiriúcháin agus an fhuaim agus an soilsiú faoi stiúir Mike Donoghue.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: An dúghreann go smior i ndráma deireanach Aoidh Uí Dhomhnaill'

  • Cluain Sceach

    An-dráma. Bhí an tigh lán aréir.

  • Fionn Ó G

    Dráma álainn a chuireadh tú ag smaoineamh agus An ghreann fite fuaite tríd. An-aisteoireacht freisin.

  • Máire Uí Shíthigh

    Ard oíche aréir in Amharclann Smock Alley. Dráma taitneamhach dúshlánach atá oiriúnach d’óg agus d’aosta. Sár chaighdeán aisteoireachta agus léiriúcháin. Corpus tábhachtach litríochta fágtha againn ag Aodh Ó Domhnaill, beannacht Dé lena anam.
    Máire Uí Shíthigh

  • Aoife

    Oíche an-thaitneamhach againn i Smock Alley aréir. An-dráma, neart spraoi agus é dorcha go maith. Ní do pháistí é seo. Bhí an-ghaol idir na haisteoirí i bpáirt Mhaitiú (Mícheál Ó Gruagáin) agus an Dochtúir (Áine Ní Ghlinn), ba bhreá tuilleadh drámaí a fheiceáil leis an mbeirt seo. Píosaí deasa sa dráma, go speisialta caidreamh Shíle (Aoileann Ní Chonchúir) leis an mbréagadán. An-mholadh don léiritheoir, Cathal Portéir.
    Beannacht Dé le Aodh Ó Domhnaill. Ní dhéanfar dearmaid ar a chuid dúthrachta do dhrámaí na Gaeilge san Ardchathair. Go deimhin bhí go leor cainte ar Aodh agus cúrsaí drámaíochta ag an bPop Up Gaeltacht i Lána an Dáma ina dhiaidh. An-oíche go deo!