Maíonn lucht an Aontais Eorpaigh go bhfuil an t-aontas bunaithe, i measc rudaí eile, ar phrionsabail an daonlathais agus go seachnaíonn sé údarásaíochas, ciníochas agus cogaí idir ballstáit.
Ach léiríonn cás na hIodáile gur bréag eile atá sa mhaíomh sin. Glactar le toradh toghcháin má oireann sé sin don Aontas, ach cuirtear ina aghaidh mura n-oireann.
San Iodáil d’éirigh le dhá pháirtí a léiríonn amhras faoin Aontas Eorpach tosaíocht a fháil sa toghchán is deireanaí sa tír sin. Páirtí La Lega ar an eite dheis nach nglacann leis an euro, agus iad den tuairim gur daingean Gearmánach é limistéar an euro, ná leis na rialacha a bhaineann le teifigh is inimircigh. Agus an páirtí eile, Gluaiseacht na gCúig Réalta, atá ar an eite chlé, nach nglacann le rialacha fioscacha an Aontais.
Tá difríochtaí móra idir an dá pháirtí, ach toisc nach raibh na páirtithe eile sásta dúshlán an Aontais Eorpaigh a thabhairt, ní raibh aon dul as acu ach teacht ar réiteach éigin eatarthu féin.
Ach ansin dhiúltaigh Uachtarán na hIodáile, Sergio Mattarella, glacadh le hainmniúchán Paolo Savona mar aire airgeadais toisc go raibh sé go láidir agus go hoscailte in aghaidh an euro is an Aontais. Coigilteas na nIodálach a bhí á chosaint aige, a dúirt an tUachtarán féin.
Is cosúil gur chreid an tUachtarán go gcuirfeadh an cinneadh sin imní ar na vótóirí faoi chlár an rialtais, agus mhol Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, Mattarella as a ‘chrógacht’. Agus ní dhearna institiúidí an Aontais cáineadh ar bith ar an gcinneadh neamhdhaonlathach sin.
Ach chuir an cinneadh seo muintir na hIodáile ar buile, agus nuair a thuig Mattarella go dtiocfadh Gluaiseacht na gCúig Réalta agus La Lega ar ais agus móramh níos mó fós acu, ghéill sé.
Níor ceapadh Paolo Savona ina aire airgeadais, ach níos measa fós, ceapadh ina aire gnóthaí Eorpacha é!
Mar a tharla, bhí an dá pháirtí ag iarraidh rudaí a fhoghlaim ónar tharla don Ghréig. Agus chinn siad gan tabhairt faoin Aontas go díreach, ach na rialacha nár thaitin leo a bhriseadh ceann ar cheann.
Mar sin féin tá lucht stocaireachta an Aontais ag fógairt go poiblí go bhféadfaidís córas baincéireachta na hIodáile a scriosadh má dhéanann sí iarracht éalú ón euro nó srian a chur ar na leasuithe atá á moladh di ag an bhFrainc is ag an nGearmáin.
Mar sin féin ní bheidh sé chomh héasca sin acu mar tá cuid mhór d’fhiacha na hIodáile le bancanna na Gearmáine agus thíortha eile de chuid an Aontais.
Fadhb na dteifeach an chéad chath a bhfuil sé i gceist ag an rialtas nua a throid leis an Aontas. Ba iad an Fhrainc agus an Bhreatain, in éineacht leis na Stáit Aontaithe, a scrios an Libia (i gceann de na cogaí sin ar phrionsabal de chuid an Aontais é nach dtarlódh a leithéid), is tá na céadta míle duine ag iarraidh éalú leo ó uafás na tíre scriosta sin ó thuaidh trasna na farraige. Ar an Iodáil agus ar an nGréig atá cuid mhór den chúram sin ag titim.
Ag an am céanna beidh Na Cúig Réalta ag iarraidh airgead breise a chaitheamh, agus seansanna fostaíochta a chruthú don aicme atá ar an mbeagán, go háirithe i ndeisceart na tíre. Tá sé i gceist acusan go n-ardófaí caighdeán maireachtála an phobail i gcoitinne, agus go gcuirfí borradh faoin eacnamaíocht.
Cinnte, ní féidir é sin a dhéanamh agus cloí le rialacha an Aontais; agus de réir mar a fheicfidh a lucht leanúna go bhfuil an tAontas ina bhac ar an bhforbairt is amhlaidh a mhéadóidh a ngráin ar an Aontas.
Fadhb mhór í seo don Eoraip, mar tá an Iodáil rómhór lena ceansú mar a ceansaíodh an Ghréig, ach tá sí rómhór chomh maith le go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh di.
Ag an am céanna ní cosúil go bhfuil na Sasanaigh ag géilleadh don bhrú atá á chur orthusan ag an Aontas san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht. Is tábhachtaí anois ná riamh go mbeadh sé soiléir nach bhfuil aon bhealach éasca amach as an Aontas, ach murar féidir teacht ar réiteach sásúil ar chás na hIodáile beidh an tAontas ar fad, agus an córas airgeadais, in aimhréidh cheart.
Is é fírinne an scéil, mura n-aontaíonn an pobal sna stáit is mó le cláir oibre a rialtas féin nach mbeifear ábalta an chuid eile a choinneáil ciúin. Is é sin le rá mura mbíonn an toil dhaonlathach ann ar fud an Aontais do gach gné den chlár oibre nach bhfuil aon bhunús ann le leanúint ar aghaidh leis.
Ní fada uainn an pointe sin, fiú mura dteastaíonn ó bhunaíocht an stáit seo é sin a aithint.
Donncha Ó hÉallaithe
Deir Eoin ‘murar féidir teacht ar réiteach sásúil ar chás na hIodáile beidh an tAontas ar fad, agus an córas airgeadais, in aimhréidh cheart’. Nach é sin a shásódh é!
Eoin Ó Murchu
Tá an ceart agat, a Dhonncha. Ach ní dhéantar aon díospóireacht in Éirinn faoin coranna atá ar siúl san Aontas Eorpach – amhail is nach mbaineann siad linne mar gheall ar g0 nglacfadh muid le socrú ar bith. Saoirse? Daonlathas?
Donncha Ó hÉallaithe
Ní mórán ‘saoirse’ ná ‘daonlathas’ a bhí ag muintir na Seicslóvavaice, mí Lúnasa 50 bliain ó shin, nuair a tháinig tancanna na Sóibhéide isteach sa tír le deireadh míleata a chur le réimeas, a raibh sé de dhánaíocht iontu dúshlán na hImpireachta Sóibhéide a thabhairt agus beagán ‘saoirse’ agus ‘daonlathas’ a thabhairt do na daoine, a cuireadh faoi rial Stalin dá mbuíochas i 1945. Is deacair dom glacadh le ceachtanna faoi ‘saoirse’ agus ‘daonlathas’ san AE ó dhuine, cosúil le Eoin. Nár thacaigh tú, Eoin, leis an gcóras polaitiúil in Aontas na Sóibhéide? Ní raibh mórán ‘saoirse’ ná ‘daonlathas’ ag baint leis an ollstát sin, Eoin. Agus níor tugadh cead ach an oiread an iomarca ‘saoirse’ ná ‘daonlathas’ a bheith mar chuid den chóras polaitiúil sna tíortha ar nós an Seicslóvaic, a raibh sé de mhí-ádh orthu gur cuireadh faoi smacht na Rúise tar éis an chogaidh.