Tháinig fear anaithnid isteach i dteach mo mháthar Déardaoin seo caite agus chuir sé isteach uirthi. Faoi dhó.
‘Ní stopfadh sé ach ag rá: “Ceapaim gur bean álainn thú”,’ a dúirt mo mháthair liom féin agus le mo dheartháir óg i bhfísghlaonna go gairid tar éis na heachtra.
Rinne mo mháthair gluaiseacht lena corrmhéar san fhísghlaoch céanna a thug orm a cheapadh gur leag an fear sin lámh uirthi, cé nár shíl mé ar an gcéad radharc gur teagmháil mhígheanasach a bhí i gceist.
‘Tháinig sé isteach agus ní imeodh sé,’ a dúirt mo mháthair. ‘“Ní féidir seo!” a bhéic mé leis arís is arís eile agus ansin d’imigh sé sa deireadh.’
Tá galar Alzheimer ar mo mháthair le breis agus cúig bliana anois agus uaireanta bíonn sé an-deacair adhmad a bhaint as a cuid cainte. Anuas air sin, ar an drochuair ní féidir talamh slán a dhéanamh de i gcónaí gur tharla eachtra a mhaíonn sí a tharla dáiríre; faraor géar bíonn aigne daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu tugtha don chumadóireacht, go mórmhór nuair a bhíonn an galar orthu le tamall de bhlianta.
B’fhearr liom féin agus le mo dheartháir óg gur ag cumadh scéalta a bhí sí sa chás seo.
Ar mhí-ámharaí an tsaoil léirigh íomhánna ó cheamara slándála na gcomharsan trasna an bhóthair go ndeachaigh fear anaithnid isteach i dteach mo mháthar dáiríre Déardaoin. Faoi dhó.
Ach… is í mo mháthair féin a lig isteach é. Faoi dhó.
Chuir na híomhánna mearbhall orainn. Fear ina chuid seachtóidí a bhí ann, thart ar an aois chéanna agus atá ag mo mháthair í féin. Beag agus rud beag ramhar. Ag útamáil ar feadh dhá nóiméad le glas a sheanrothar ban sula scaoileann mo mháthair isteach sa teach é mar a bheadh seanaithne aici air.
Ach níl aon aithne ag mo mháthair – ná againne – ar an bhfear agus nuair a thagann sé ar ais, níos lú ná uair an chloig tar éis do mo mháthair an ruaig a chur air den chéad uair, is ag cúl an tí a fhágann sé a rothar, áit nach bhfeicfidh éinne é. Caithfidh sé gur oscail mo mháthair an doras cúil dó an uair sin, óir cúpla nóiméad ina dhiaidh sin seo an bheirt acu ag teacht amach an doras tosaigh.
Ar ndóigh níl fuaim ar bith ag dul le híomhánna cheamara slándála na gcomharsan agus níl againn ach leagan doiléir ár máthar den scéal.
An raibh an seanfhear sin ag déanamh monatóireachta ar theach mo mháthar ar feadh i bhfad agus an raibh sé oibrithe amach aige cé hiad na tréimhsí sa lá nach mbíonn na cúramóirí thart?
Nó an bhféadfadh sé go raibh néaltrú nó mearbhall éigin eile ar an seanfhear féin?
Gan amhras, bhain an scéal seo siar go mór asam féin agus as mo dheartháir óg. Ag samhlú go bhféadfadh fear anaithnid a bheith tar éis lámh a leagan ar ár máthair i gcoinne a tola. Ag aireachtáil ciontach toisc nach raibh muid féin i láthair chun an eachtra a chosc. Ach ansin arís: ní féidir linn an chuid eile dár saol a chaitheamh inár luí ag doras theach mo mháthar mar a bheadh dhá mhadra cosanta ionainn.
Ceamara slándála dár gcuid féin a chrochadh an rud ab fhearr a dhéanfadh muid anois, sin agus brú breise a chur ar na húdaráis sláinte tús áite a thabhairt dár máthair ar liostaí feithimh na n-ionad cúraim lae agus na dtithe altranais. Tá na comharsana ar fad ar an eolas agus tá súil ghéar á coinneáil acu sin ar chúrsaí. Ar mhaithe leis an taifead, rinne muid teagmháil leis na póilíní sa deireadh – fios maith againn nach mbeidh siad sin in ann mórán a dhéanamh toisc nach bhfuil aon rud le feiceáil sna híomhánna ceamara a bheadh i gcoinne an dlí, agus toisc go mbeadh deacrachtaí, gan dabht, le fianaise mo mháthar de bharr an ghalair atá uirthi.
B’ait an meascán mearaí mothúchán a bhí orm tar éis na heachtra seo uilig. Creid é nó ná creid, bhí bród ina measc. Bród as mo mháthair, ar éirigh léi an ruaig a chur faoi dhó, in ainneoin a haoise agus an ghalair atá uirthi, ar fhear a bhí ag cur isteach uirthi.
Eoghan Ó Néill
Is crua an fhaidhb sin oraibh beirt.