‘Léigear iomlán’ ar Gaza fógartha ag Iosrael

Maraíodh os cionn 700 duine in Iosrael ó thosaigh ionsaí Hamas Dé Sathairn agus deir Roinn Sláinte na Palaistíne go bhfuil ar a laghad 560 Palaistíneach maraithe ó shin

‘Léigear iomlán’ ar Gaza fógartha ag Iosrael

Tá údaráis chosanta Iosrael tar éis ordú a thabhairt “léigear iomlán” a dhéanamh ar stráice Gaza de bharr an t-ionsaí gan choinne a rinneadh in Iosrael dhá lá ó shin, ionsaí inar maraíodh na céadta sibhialtach.

Dúirt Yoav Gallant, Aire Cosanta Iosrael, nach ligfí bia, uisce ná breosla isteach go Stráice Gaza. “Níl aon leictreachas, aon bhia, aon uisce ná aon bhreosla ann,” a dúirt sé.

Ó 2007 nuair a ghlac Hamas smacht ar an stráice talún sin le cósta, tá smachtbhannaí i bhfeidhm ar chríocha Gaza ag Iosrael agus tacaíocht acu ón Éigipt.

Faoi na smachtbhannaí sin ní cheadaítear earraí áirithe a iompórtáil go Gaza – earraí a bhféadfaí leas a bhaint astu chun arm a dhéanamh, earraí leictreonacha agus ríomhaireachta mar shampla.

Faoi na smachtbhannaí céanna sin níl cead ag formhór na ndaoine na críocha sin a fhágáil.

Tá ionsaithe roicéid fós á ndéanamh inniu ar Iosrael as Gaza agus na pléascanna le cloisteáil in Iarúsailéim.

Deir na húdaráis in Iosrael go bhfuil smacht faighte ar ais acu ar a gcuid ceantar le taobh Gaza ach tá míleataigh fós gníomhach ansin.

Maraíodh os cionn 700 duine in Iosrael ón Satharn agus gunnadóirí Hamas a mharaigh 260 díobhsan agus iad ag freastal ar fhéile cheoil.

Dúirt Roinn Sláinte na Palaistíne go raibh ar a laghad 560 Palaistíneach maraithe ó tharla an t-ionsaí a rinne míleataigh Phalaistíneacha ar Iosrael Dé Sathairn. Tá 2,900 Palaistíneach eile gortaithe, a dúradh.

Tá teagmháil déanta ag Roinn Gnóthaí Eachtracha na tíre seo le teaghlach bean óg Éireannach-Iosraelach a bhí ag freastal ar an bhféile ceol damhsa agus nár chualathas uaithi ó tharla an t-ionsaí ar lucht na féile.

Dhá bhliain is fiche atá Kim Damti agus bhí sí ag an bhféile a tionóladh in aice le kibbutz Re’im taobh le stráice Gaza.

Fuadaíodh na scórtha eile agus tugadh a bhformhór sin isteach go Gaza. Maíonn Hamas gur maraíodh ceathrar de na gialla sin in ionsaithe aeir.

Maraíodh os cionn 50 duine nuair a rinneadh ionsaí ón aer ar champa Jabalai i Stráice Gaza.

 Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 123,000 duine díbeartha as a dtithe i Gaza ó thosaigh an t-achrann deireanach seo ar an Satharn.

Ar maidin inniu, dúirt urlabhraí fhórsaí cosanta Iosrael, Daniel Hagari, go raibh ‘ceannas’ ag Iosrael arís ar a chuid pobal ar fad cé go raibh míleataigh Hamas fós gníomhach i gcríocha Iosrael. Dúirt sé go rabhthas ag aslonnú na ndaoine ar fad atá ina gcónaí le taobh an chlaí teorann.

Beidh cruinniú urghnách ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh i Muscat, príomhchathair Óman amárach.

 

Fág freagra ar '‘Léigear iomlán’ ar Gaza fógartha ag Iosrael'