Léarscáileanna nua de Ghaeltacht Dhún na nGall le foilsiú

Tá súil ag an léarscáilí Barry Dalby go mbeidh a léarscáileanna de cheantar Ghleann Bheatha agus de na Cruacha Gorma ar fáil an mhí seo

Léarscáileanna nua de Ghaeltacht Dhún na nGall le foilsiú

Pictiúr: Michal Osmenda

Tá dhá léarscáil nua de cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall, atá réitithe ag léarscáilí iomráiteach, “leis na clódóirí”.

Tá súil ag an léarscáilí Barry Dalby go mbeidh siad ar fáil faoi dheireadh na míosa.

Cuirfear na léarscáileanna de cheantar Ghleann Bheatha agus de na Cruacha Gorma i gcló ar pháipéar Polyart, páipéar speisialta a bhíonn in úsáid ag léarscáilithe nach milltear nuair a fhliuchtar é. €16 an ceann a chosnóidh na léarscáileanna agus is ar bhileoga B1 (7o.7cm x 100cm) a bheidh siad ar fáil.

Is ar scála 1:25,000 a bheidh na léarscáileanna, mar atá na léarscáileanna uile atá curtha amach ag EastWest Mapping, comhlacht Dalby, le tamall de bhlianta anuas. Fágann sé sin go gclúdófar leath an achair a chlúdaítear ar na léarscáileanna atá ar fáil ó Thailte Éireann faoi láthair ach go mbeidh i bhfad Éireann níos mó sonraí le feiceáil orthu.

“Léarscáileanna breátha a bhfuil go leor mionsonraí ann iad seo. Tá scála 1:250,000 orthu agus taispeántar na comhrianta ag gach cúig mhéadar. Léirítear aillte agus creagacha, agus go leor logainmneacha áitiúla.

“Is buntáiste mór é go bhfuil na príomhchnoic ar fad i gceantar Dhoire Bheatha ar aon bhileog amháin. Léirítear tír-raon atá sách teicniúil ar bhileog na gCruach Gorm,” a dúirt Dalby.

Tá Dalby ag déanamh imní le fada an lá faoina bhfuil i ndán dá cheird agus do na léarscáileanna clúiteacha a chruthaíonn a chomhlacht EastWest Mapping. Agus léarscáileanna Dhún na nGall á bhfógairt aige, tharraing sé aird arís ar an gcruachás airgid a mhaíonn sé a bheith ann d’fhoilsitheoirí léarscáileanna dá leithéid.

“Tá amhras ann faoi inmharthanacht airgid na léarscáileanna seo. Níl aon mhaoiniú poiblí ar fáil d’obair den chineál seo, cé go rachaidh breis is €12,000 i gcáin bhreisluacha i dtreo na gCoimisinéirí Ioncaim mar a sheasann rudaí faoi láthair.

“Nuair a tarraingíodh an cheist seo aníos leo siúd a bhí ag éileamh léarscáileanna níos fearr, moladh réiteach cosúil le GoFundMe. Mar sin féin, tá drogall orm airgead a thógáil ón bpobal nuair atá deireadh an togra in amhras agus i bhfad uainn,” a dúirt sé.

Anois agus a chuid léarscáileanna críochnaithe aige tá Dalby sásta airgead a iarraidh ón bpobal leis an gcostas mór a bhaineann le déanamh léarscáileanna den chineál seo a chlúdach. Tá an rogha ag lucht siúil sléibhe agus daoine eile a bhaineann taitneamh agus tairbhe as táirgí EastWest Mapping “tacú le MapFund” Dalby.

“Má roghnaíonn tú an rogha ‘MapFund’ seo, gheobhaidh tú cóipeanna fillte agus neamhfhillte den dá léarscáil, sin ceithre léarscáil ar an iomlán. Tá na léarscáileanna fillte feilteach don ghnáthúsáid amuigh faoin aer agus feilfidh na cóipeanna neamhfhillte do thaispeáint ar bhallaí,” a dúirt sé.

Costas €150 atá ar an rogha MapFund, atá ar fáil anois, agus níl ach 50 cóip an ceann de na léarscáileanna neamhfhillte a d’fheilfeadh don fhrámú ar fáil.

“Tiomsóidh sé seo €6,000 tar éis VAT, na gcostas postais agus na gcostas baincéireachta. Cabhróidh sé sin beagáinín leis an mbille clódóireachta. Cosnóidh an togra ar fad thart ar €80,000 mar sin caithfear go leor léarscáileanna a dhíol leis sin a chúiteamh,” a dúirt Dalby.

Fág freagra ar 'Léarscáileanna nua de Ghaeltacht Dhún na nGall le foilsiú'