Eolas nua faoi thearmann stairiúil poblachtach aimsithe i Learpholl

Tá eolas nua aimsithe ag an iarfheisire parlaiminte Kevin McNamara faoi theach a bhí ina thearmann stairiúil do phoblachtaigh i Learpholl céad bliain ó shin

cuildhall Road 2

Agus 2016 ag druidim linn, bíonn trácht go minic sna meáin chumarsáide ar áiteanna mar Theach an Phiarsaigh i Ros Muc agus 16 Moore Street i mBaile Átha Cliath.

Ach caidé faoi 27 Guildhall Road, Learpholl, Sasana?

“Cá háit?” a deir tú.

Bhuel, tá áit ar leith i stair na hÉireann ag an teach sraithe seo, atá suite in Walton Vale i dtuaisceart Learpholl.

Seo an teach inar théarnaigh Cathal Brugha tar éis dó a bheith gortaithe in Éirí Amach na Cásca. Teach Dan McCarthy a bhí ann, fear a bhí ina bhall den IRB i Learpholl agus a fuair bás i 1916. Thug a bhaintreach, Eleanor, foscadh d’Éamonn de Valera tar éis a éalaithe ó Phríosún Lincoln i bhFeabhra 1919 agus arís i mBealtaine 1919 nuair a bhí sé ar a bhealach go Nua Eabhrac.

Nuair a d’éalaigh Austin Stack agus Piaras Béaslaí ó Phríosún Strangeways, Manchain, i bhfomhar na bliana 1919, fuar siadsan foscadh sa teach céanna. Micheal Collins agus a leiftenant i Learpholl, Niall Kerr, a d’eagraigh gach rud.

Cé go bhfuil teach bhaintreach McCarthy luaite i leabhair mar bheathaisnéis Phiarais Béaslaí le Pádraig Ó Siadhail, ní rabhas cinnte cá raibh sé suite go díreach, mar is sloinne coitianta é McCarthy i Learpholl agus bhí a lán scéaltaí sa chathair faoi Dev a bheith i bhfolach in áiteanna éagsúla.

Ach a bhuíochas le Kevin McNamara, atá ag scríobh leabhair faoi na hóglaigh as Learpholl, agus atá ina chathaoirleach ar Choiste 1916-2016 sa chathair, tá an seoladh ar fáil.

“I found in a box in the Collins Papers in the Dublin Military Archives [that] a number of lists of men and women in Britain prepared in preparation for the January 1923 sweep of republicans in Britain in preparation for their internment in Dublin. There she appears, under ‘Active Republicans (women) in Liverpool,” a dúirt Kevin McNamara, a bhí ina Fheisire do Pháirtí an Lucht Oibre i Sasana tráth.

Faoin seoladh deirtear: ‘House used as lodging and dump’.

Cathal Brugha
Cathal Brugha

Is léir go raibh a lán tacaíochta ag na hÓglaigh sa cheantar seo: ba ghnáth le Comhlacht ‘B’ Learpholl druileáil sa pháirc áitiúil CLG ar Greenwich Road, go dtí go chuir an rialtas cosc orthu tar éis dóibh freastal ar shocraid Uí Dhonnabháin Rossa. “The Liverpool Volunteers have come under the notice of the friendly Government. On our return from the O’Donovan Rossa funeral in Dublin, to which 40 men of B Company travelled, we found that Greenwich Park had been seized by the Government. This meant that the only available field for open order drill in Liverpool was gone”, a dúirt Proinsias Ó Draighneáin (Frank Thornton) san Iris ‘The Volunteer’.

Éireannach suntasach eile a bhí ina chónaí ar Warbreck Moor, idir Guildhall Road agus Greenwich Road, ab ea Owen Mohan. Rugadh i dTulaigh na Malradh, Muineachán é i 1880 agus phós sé Mary Danher i Learpholl i 1905. Fuair sí bás i 1919 agus d’fhill Owen Mohan agus a bheirt mhac agus iníon Mary go Muineachán, áit a raibh feirm bheag acu. D’fhan siad ansin seal sular fhill siad ar Learpholl.

Bhí fear darb ainm Owen Mohan ina óglach i Muineachán (Comhlach An Chorr Dhubh) ach níl a fhios agam arbh é an duine céanna é.

Tá cuimhne ar ndaoine sa cheantar ar a iníon Mary (McCartney tar éis pósadh) mar bhean ghlúine agus “fíor-Éireannach.” Scríobh a mhac, Paul McCartney (iar-Beatle) amhrán dar teideal ‘Give Ireland Back to the Irish’ tar éis Dhomhnach na Fola, 1972. Cé gur chuir an BBC cosc air, fuair Wings (a bhanna cheoil nua) áit uimhir a haon leis an amhrán sa Phoblacht.

Fág freagra ar 'Eolas nua faoi thearmann stairiúil poblachtach aimsithe i Learpholl'