MIONLÉIRMHEAS: Léargas corraitheach ar shaol na mbocht agus na n-oibrithe oíche

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo,  prionta le Wendy Red Star agus grianghraif le Philong Sovan 

MIONLÉIRMHEAS: Léargas corraitheach ar shaol na mbocht agus na n-oibrithe oíche

Ealaíontóir paiseanta agus a teanga ina leathphluc aici

Sa phrionta seo, Bean Indiach Ina Suí (2005) le Wendy Red Star, chuirfeadh staidiúir na mná portráidí de mhná uaisle ón ochtú haois déag i gcuimhne dhuit.

Den treibh Apsáalooke/Crow í Wendy Red Star agus síoriniúchadh á dhéanamh aici ar fhéiniúlacht a cine.

Eagrán teoranta, uimhrithe, sínithe, a chosnódh $2,500 ort ó shiopa Aperture:

https://aperture.org/shop/


City Night Light
Grianghraif le Philong Sovan
Téacs: Christian Caujolle
le bec en lair Editions a d’fhoilsigh
Toisí:18 x 24.5 cm
112 lch, clúdach crua
60 grianghraf daite
Teangacha: Fraincis/ Béarla / Ciméiris
ISBN 978-2-36744-169-6
€35
www.becair.com

Tugaim faoi deara go bhfuil a háit tugtha don Chiméiris (Khmer) sa leabhar grianghrafadóireachta trítheangach seo, mar is ceart. Tar éis an tsaoil, 16 milliún duine atá á labhairt.

Ní thuigim cén fáth ar leabhair aonteangacha (Béarla nó Gaeilge) formhór mór na leabhar a fhoilsítear in Éirinn. Ceithre theanga, Gaeilge, Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinis atá sa dá leabhar is déanaí uaim féin:

https://www.edocr.com/v/wvakx8z2/gabrielrosenstock/don-quixote-in-the-land-of-shadows

https://www.edocr.com/v/r9vj0jpl/gabrielrosenstock/a-scent-of-loneliness

An bhfuilimid sásta díospóireacht nó comhrá a bheith againn faoi seo nó an mbeidh léitheoirí an Bhéarla agus léitheoirí na Gaeilge sáite ina gcampaí aonteangacha go deo?

Rud suaithinseach faoin ngrianghraf thuas de bheirt dheirfiúracha ná an soilsiú cineamatagrafach atá úsáidte ag Philong Sovan, teicníc atá úsáidte aige sna radhairc oíche go léir sa leabhar seo. Léargas corraitheach ar shaol na mbocht agus na n-oibrithe oíche a fhaightear anseo:

Iompróir cathaoireacha
Tá a scéal féin le hinsint ag gach éinne – agus ag gach gadhar . . .

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Léargas corraitheach ar shaol na mbocht agus na n-oibrithe oíche'