Léargas ar dhúshláin mhóra agus ar riachtanais mhóra i dtuairiscí CLG agus an rialtais

Is eiseamláir don rialtas cumas Chumann Lúthchleas Gael fadhbanna fadtéarmacha a chíoradh roimh ré ionas nach gcuirtear moill ar fhorbairt phráinneach

Léargas ar dhúshláin mhóra agus ar riachtanais mhóra i dtuairiscí CLG agus an rialtais

Foilsíodh dhá phlean an tseachtain seo a thug léargas ar fhadhbanna a dhéanfaidh dochar mór don tír mura dtugtar aghaidh orthu go pras.

Moladh tríocha gníomh chun tógáil infreastruchtúir a bhrostú sa phlean a d’fhoilsigh an rialtas Dé Céadaoin. Moladh cur chuige nua chun struchtúr chlubanna Chumann Lúthchleas Gael a chur in oiriúint do mhór-athrú daonra i dtuairisc a d’eisigh an Cumann an lá dár gcionn.

Mar is eol d’éinne a chaith seal mar a chaith an scríbhneoir seo ar choiste áitiúil nó náisiúnta san eagraíocht spóirt is mó sa tír, ní bhíonn na comhaltaí gafa riamh le cúrsaí reatha amháin. Is mó spéis na meán de ghnáth sna socruithe a dhéanann coistí maidir le sceideal comórtais, roghnú ionad na gcluichí, fionraíocht imreoirí agus laghdú nó cealú ar thréimhsí fionraíochta.

Bíonn roinnt comhaltaí i ngach coiste áfach ag smaoineamh de shíor ar fhorbairt riachtanach, fiú murar léir an riachtanas sa ghearrthéarma. Cuireann siad agus cíorann siad ceisteanna a bhaineann le forbairt nach gá a thosú láithreach ach ar chóir a bheith ag ullmhú agus ag pleanáil lena n-aghaidh.

Is sampla den fhadbhreathnaitheacht seo cur is cúiteamh lucht ceannais CLG faoi atógáil Pháirc an Chrócaigh sna 1980idí chomh maith leis an atógáil féin a thosaigh i 1991 agus nár críochnaíodh go dtí 2005. Tá samplaí áitiúla den chur chuige fadtéarmach céanna le feiceáil nó á bhreithniú ag cumainn i ngach cearn den tír.

Tá mionchur síos sa tuairisc a sheol uachtarán an Chumainn, Iarlaith Ó Broin Déardaoin ar an gcur chuige práinneach a theastaíonn anois chun a dheimhniú nach rachaidh clubanna tuaithe áirithe in éag nó i laige cheal imreoirí. Teastaíonn athrú de chineál eile ar chur chuige chlubanna áirithe sna cathracha ionas nach dteipfidh orthu freastal ar mhéadú as cuimse ar an daonra áitiúil.

Is eiseamláir den dara dúshlán é cás Bhaile Gunnair, bruachbhaile ar imeall chathair Phort Láirge ina bhfuil méadú mór tagtha ar an daonra. Dúirt Iarlaith Ó Broin go raibh an club áitiúil (a bhuaigh craobh iomána na Mumhan Dé Domhnaigh seo caite) ag iarraidh cead chun foireann shinsearach eile a chur ag imirt.

Iarratas a chiallódh, a dúirt sé, dá nglacfaí leis go mb’fhéidir go mbeadh Baile Gunnair ag imirt in aghaidh Bhaile Gunnair i gcluiche ceannais Phort Láirge amach anseo. Níl a leithéid ceadaithe ach dúirt uachtarán an Chumainn gur léirigh an fhadhb laige sna rialacha a bhaineann le ceantair inar léir gá go mbunófaí clubanna breise.

Tá athruithe ar na rialacha molta ag an gcoiste a scríobh an tuairisc a d’éascódh bunú clubanna nua i gceantair cosúil le Baile Gunnair. Cheadódh athrú eile foirne 11 imreoir in ionad 15 mar shampla i gceantair thuaithe ina bhfuil laghdú mór ar an daonra follasach cheana féin.

Is fiú tuairisc Chumann Lúthchleas Gael, atá i bhfad níos cuimsithí ná mar a thugtar le fios sna tagairtí gonta thuas, a léamh fiú más beag do spéis i gcúrsaí spóirt. Tá a cur síos ar fhadhbanna agus ar dhúshláin dhosheachanta dírithe ar leas an Chumainn go háirithe. Beidh ar gach rialtas agus údarás áitiúil áfach déileáil leis an gclaonadh daonra a chíortar sa tuairisc – fás as cuimse ar dhaonra an oirthir go háirithe.

Tagraítear freisin do laghdú an daonra i gceantair Ghaeltachta áirithe agus d’éileamh na n-eagras Gaeilge go n-eiseodh an rialtas beartas tithíochta don Ghaeltacht atá geallta arís ó bunaíodh an rialtas.

“Ba chóir go mbeadh beartas den chineál sin dírithe,” a deir an tuairisc, “ar chinnteacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta le go mbeidís in ann maireachtáil ina gceantair dhúchais féin agus leanúint orthu ag tacú le caomhnú na Gaeilge.”

Níl baint dhíreach ag tuairisc CLG le plean infreastruchtúir an rialtais. Dúisíonn sé ceist indíreach áfach.

Más maith is mithid plean an rialtais ach cén fáth nár foilsíodh a leithéid agus cén fáth nár thosaigh an obair phráinneach a mholtar ann le linn téarma an rialtais a bhí in oifig ó 2020 go dtí 2024?

Is tábhachtaí ná gearán dá leithéid cur i bhfeidhm na tuairisce agus a moltaí (a) go n-athchóireofaí na dlíthe pleanála agus an córas athbhreithnithe breithiúnach, (b) go simpleofaí córais rialúcháin éagsúla agus (c) go bhfeabhsófaí comhoibriú idir ranna rialtais, údaráis áitiúla agus eagrais stáit eile.

Sin ráite, is fusa dlíthe níos simplí a mholadh ná a dhréachtú. Is ar an gcúis sin is dócha, a deirtear sa bplean gur sa dara ceathrú de 2027 a rithfear bille ina leagfar amach scóip agus mionrialacha éagsúla maidir le hathbhreithniú breithiúnach as sin amach. Beidh an córas reatha, a mhaíonn an rialtas a chuireann moill iomarcach ar thograí tábhachtacha, i bhfeidhm mar sin ar feadh bliain go leith eile ar a laghad.

Ní foláir a bheith amhrasach freisin toisc nach bhfuil socrú déanta fós cén cineál togra a mbrostófar a thógáil faoin gcóras nua. Deirtear go mbeidh scéimeanna uisce agus fuinnimh san áireamh, ach an gciallaíonn sé sin go mbeidh gach scéim dá leithéid san áireamh? An mbrostófar tithíocht? Nó mórthograí tionsclaíocha?

Beidh súil ag an rialtas, agus déanta na fírinne ag ár bhformhór, go bhfeicfear toradh fiúntach roimh 2027 ar mholtaí eile sa tuairisc. Is fiú tagairt mar sin do dhá ábhar dóchais nach beag. Bhí an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers sa chathaoir agus i láthair ag gach cruinniú den choiste a dhréachtaigh an plean. Ba chóir go neartódh a rannpháirtíocht cur i bhfeidhm na moltaí.

Is ábhar misnigh é freisin gur thoiligh an seisear comhaltaí den ghrúpa a dhréachtaigh an plean i gcomhar le státseirbhísigh leanacht ar aghaidh mar chomhaltaí den choiste chun súil a choimeád ar an gcur i bhfeidhm.

Ní aontaíonn gach duine le moltaí an phlean ach rachaidh an chuid is mó de chun tairbhe dúinn uilig, mura gcuirtear moill ar a chur i bhfeidhm. Rud a dhúisíonn an cheist chéanna athuair.

Cén fáth nár thosaigh obair chomh riachtanach i bhfad roimhe seo?

Fág freagra ar 'Léargas ar dhúshláin mhóra agus ar riachtanais mhóra i dtuairiscí CLG agus an rialtais'