LÉAMHTHUISCINT: Turas rófhada siar bóithrín na smaointe le Steven Spielberg

Léamhthuiscint 3 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Turas rófhada siar bóithrín na smaointe le Steven Spielberg

Stiúrthóir é Steven Spielberg atá sa Táin; ceardaí ar leith a bhfuil 22 ainmniúchán Oscar faighte ag a shaothair ós na seachtóidí i leith. Sárshaothair ó Jaws (1975) go Indiana Jones agus ó Schindler’s List (1993) go Saving Private Ryan (1998). Tá sé anois sna seachtóidí déanacha ach níl aon chuimhneamh aige a cheamara a leagan uaidh. Seo chugainn é le saothar dírbheathaisnéiseach maoithneach, ach é tochtmhar. Agus an ceamara á dhíriú air féin aige tugann sé spléachadh dúinn ar eachtraí agus ar dhaoine a raibh tionchar acu air.

Tá rian den fhicsean anseo chomh maith agus ní léir dúinn go minic cá mbíonn an fhírinne agus an chruthaitheacht ag trasnaíl a chéile.

Mar chuid de sin is muintir Fabelman atá baiste ar theaghlach an scannáin seo. Fear meabhrach, tomhaiste ach leamh ann féin ar uairibh é Burt (Dano). Tá an-scil aige sa teicneolaíocht, poist bhreátha á dtairiscint dó dá réir. Ceann de théamaí an scannáin ná an chíor thuathail atá ann don teaghlach is iad ag bogadh ó áit go háit ag leanúint poist an athar.

Bean a chaitheann an saol ar a comhairle féin í an mháthair Mitzi (Williams), bean anamúil agus ceoltóir cumasach. Sé Sammy an páiste is sine agus sa chéad radharc címid é ag tabhairt turas ar an bpictiúrlann den chéad uair. Ní fada nó go mbíonn sé faoi faoi dhraíocht ag an scannán The Greatest Show on Earth.

Neartaíonn an dúil mhíchuíosach sin sna scannáin agus é san déaga (LaBelle sa ról faoin dtráth seo). Agus an saothar ag baint go leor adhmaid as saol Spielberg címid na saothair éagsúla a dhéanann an Sammy óg le cairde. Cad é súp á bhaint againn as na seifteanna éagsúla a cheapann sé le cuma na maitheasa a chur ar na saothair. Lena chois sin címid an obair chúramach a bhain le scannán taifeadta a chur le chéile píosa ar phíosa.

Titeann an tóin as a shaol nuair a thuigtear dó go bhfuil níos mó ná cairdeas i gceist sa chaidreamh atá ag a mháthair le huncail Benny (Rogen). Saontacht na hóige ag imeacht le sruth.

Cé go dtugtar faoi chíoradh a dhéanamh ar an dúlagar, an mhídhílseacht, bulaíocht, frith-Sheimíteachas agus colscaradh, is geall le scéal thairis iad.

Sí draíocht na scannánaíochta do Sammy príomhthéama an scannáin.

Dá bharr tá blas eipeasóideach ar an saothar agus dar liom go bhfuil an scannán dhá uair an chloig go leith i bhfad rófhada. Tá cad é bús fé thaispeántas Williams agus cé gur mheasas nach raibh sí chomh nádúrtha sin ar fad i radhairc áirithe tugann sí taispeántas ar leith uaithi. Léiríonn Dano agus LaBelle a gcarachtair go hábalta agus tá Judd Hirsch nótálta mar an t-uncail tíriúil.

Tá a mhaitheasaí féin ag baint leis an saothar ach cuireann an múnla eipeasóideach an saothar dá bhuille.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Céard atá i gceist leis an nath cainte “bóithrín na smaointe”?
  2. Cad deirtear faoi Steven Spielberg sa chéad alt?
  3. “Tá sé anois sna seachtóidí déanacha ach níl aon chuimhneamh aige a cheamara a leagan uaidh.” Céard atá an léirmheastóir ag iarraidh a chur in iúl leis an líne sin?
  4. Cén bhaint atá Mateo Zoryan leis an scannán seo?
  5. Cén cur síos a dhéantar ar Burt?
  6. Cén tionchar atá ag a phost ar shaol an teaghlaigh?
  7. Cén bhaint atá ag an saothar The Greatest Show on Earth leis an scannán seo?
  8. Cén fáth a dtiteann an tóin as saol Sammy?
  9. Céard atá i gceist ag an léirmheastóir nuair a deir sé go bhfuil “blas eipeasóideach” ar an saothar?

Tabhair achoimre trí abairt ar thuairimí an léirmheastóra i leith an scannáin.

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • maoithneach
    • tochtmhar
    • meabhrach
    • cumasach
    • ábalta
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • spléachadh
    • tomhaiste
    • saontacht
    • ag imeacht le sruth
    • tíriúil
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Dhá ainmfhocal fhirinscneacha.
    • Briathar san aimsir láithreach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Aidiacht bhriathartha.
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Turas rófhada siar bóithrín na smaointe le Steven Spielberg'